Deis a labhartha ag mic léinn UCD i gcomórtas Ghael Linn

Bhuaigh foireann ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Comórtas Díospóireachta Ghael Linn don tríú leibhéal 2015 don dara bliain i ndiaidh a chéile.

Dónal Ó Catháin agus Séamus Ó Ceanainn a thug corn Corn Gael Linn/The Irish Times agus duais €100 an duine ar ais go Belfield.

Ceithre fhoireann ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a ghlac páirt sa chraobhchomórtas Dé Sathairn mar chuid d’imeachtaí bliantúla Oireachtas na Gaeilge.

“Anois an t-am dár gcuid eisimirceach filleadh abhaile go hÉirinn!” an rún a bhí ann.

READ MORE

Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ann Hallissey agus Cormac Ó Mainnín, a bhí sa dara háit.

Thréaslaigh príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, a mbua le foireann UCD agus mhol gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht:

“Tugann an comórtas díospóireachta seo deis do mhic léinn casadh ar a chéile agus an Ghaeilge mar mheán cumarsáide eatarthu.

“Ócáid mhór óige de chuid an Oireachtais atá sa chomórtas. Is dea-thuar don Ghaeilge é mic léinn ó gach cearn den tír a bheith ag nascadh snaidhm cairdis lena chéile trí Ghaeilge.”