Mórcheisteanna an tsaoil a bhíonn ag déanamh mairge do Leanbh a Dó (sé bliana d’aois). Beatha, fás, bás agus na cruacheisteanna a bhaineann lena leithéid. Is breá léi domhainphlé a dhéanamh orthu – seisiúin diancheistiúcháin a d’fhágfadh duine lag tnáite, plé a leagfadh duine amach ar chlár a dhroma ar an urlár.
Déantar an plé seo, gan amhras, ag amanna oiriúnacha – nuair atáthar ag brostú amach chun na scoile ar maidin, nuair atáthar ag streachailt le tralaí bídh faoi dheabhadh in ollmhargadh nó nuair atá an carr á pháirceáil i gcúinne teann sráide.
Bíonn “na chéad daoine” faoi chaibidil go minic aici – an chéad dream a mhair ar domhan. Tá sí an-tógtha leo agus bíonn trua aici dóibh, na créatúir. Ní raibh máthair ná athair acu, de réir dealraimh – mo ghraidhin iad. They had no moms and dads – they only had monkeys to mind them.
“Tuigim an-chuid rudaí” arsa í, “ach tá rud amháin nach dtuigim fós. Tá’s agam gur ó mhoncaithe a thángamar ach cad as a tháinig an chéad mhoncaí riamh?”
“Ó fadó fadó,” an míniú ciallmhar ó Leanbh a Trí, an té is óige.
“Ach cé chomh fadó fadó? Really far fadó, or like, close fadó?”
"Ana-fadó," a fhreagraím de m'ainneoin – ní bhíonn an lingo i bhfad ag dul i bhfeidhm ar dhuine.
“D’fhás an chéad mhoncaí as síol,” an freagra údarásach ó Leanbh a hAon, an té is sine. Bíonn fios gach feasa aici, dar ndóigh, agus bhíothas sásta leis an bhfreagra sin. Ach fan! Ceist mhór eile. Cad as a tháinig an chéad síol, an ceann arbh as a d’fhás an chéad mhoncaí?
"It was puked out by a dinosaur," an freagra. Sin anois cúrsaí éabhlóide agat! An Reaction Bhí tréimhse ann nuair nach bhféadfadh duine aon iontaoibh a bheith aige as Leanbh a Trí maidir le cad a déarfadh sí.
I bhfocail eile, d’fhéadfadh go náireodh sí tú! Bheifeá ar tinneall ar eagla go sleamhnódh rudaí mí-oiriúnacha as a béal agus tá míchompord ar leith ag baint leis sin. Ní raibh sí ach trí bliana d’aois ag an am, áfach, agus thug san leithscéal do dhuine – ‘tá sí óg,’ ‘ní thuigeann sí,’, srl.
Níor ghá dom a admháil, gan amhras, go raibh a fhios aici go maith cad a bhí ar siúl aici agus gur thaitin léi nuair a bhaineadh sí geit as daoine. ‘An Reaction’, tá’s agat.
Cad ab áil le duine fanacht ciúin socair ag Aifreann scoile na ndeirfiúracha móra nuair a d’fhéadfaí béic mhór a ligean ag am coisreacain why is he doing an experiment?
Cad ab áil le duine éisteacht go múinte le hóráid phríomhoide scoile nuair a d’fhéadfaí liú a ligean “an mar seo a dhéanann tú an f-word?” agus cúpla méirín beag á gcroitheadh san aer?
Nó canathaobh nach gcuirfí ceist ag dinnéar sibhialta le gaolta mo chéile granny why is your skin too big for you?
Ba mhaith an rud gur bhain granny gáire as an gceann san!
B’fhada liom go dtí go n-éireodh sí as mar chúram cé go raibh a fhios agam nach raibh ann ach slí chun aird a tharraingt uirthi féin toisc gurbh í an duine is óige sa tigh. Bhí dóchas agam nach mbeadh ann ach “phase” mar a deireadh m’athair críonna.
Bhíomar i dtigh mo mhuintire lá agus ghabh comharsa isteach ar cuairt tar éis an Aifrinn. Sagart a bhí ag druidim leis na 90í ag an am. Bhí sé suite chun boird ag ól tae agus í féin sa chomhluadar nuair a thug sé breithiúnas géarchúiseach uirthi: féith an aisteora inti, cuma an rógaire uirthi, go mbeadh sí ar stáitse fós. Ba dheacair dul thairis mar bhreithiúnas.
“Tá an-chuid amhrán aici,” arsa duine éigin díchéillí.
“Ó, a Mhuire,” arsa mise liom féin, “cén deireadh a bheidh air seo?”
Bhíos ag breith chugam féin agus cúis mhaith agam.
Bhí an-chuid amhrán ag an mbean chéanna – An Maidrín Rua; Bó na Leathadhairce; Micilín Muc; I love you le Barney.
Ach ní raibh mórán de dhráma ag baint leo siúd mar amhráin, ba léir.
Sheas sí i lár an urláir, d’fhéach ar a lucht féachana agus thosaigh ina tuin bhinn Bhleá Cliathach:
Ooh-ah I lost my bra
I don’t know where my knickers are!
Here comes the bride (broy-id)
Forty in July
She slipped on banana skin
And broke her back side (soy-id)
Ní dócha gur ag cur isteach ar chomórtas amhránaíochta an Oireachtais a bheidh sí leis seo – comórtas éigin dar teideal an “shock factor” b’fhéidir!