Éigse in Oirialla le ceiliúradh a dhéanamh ar an amhrán Ultach

Beidh an chéad éigse d’amhráin agus de cheol in Oirialla ar siúl in Óstán Granvue, Óméith, Co Lú, idir an Aoine 2ú agus an Domhnach 4ú, Deireadh Fómhair.

Is é is cuspóir leis an éigse athnuachan a dhéanamh ar an cheangal ceoil agus cultúrtha idir Gaeltacht Thír Chonaill in iarthar Uladh agus seanréigiún Oirialla in oirthear Uladh.

Is i bhfad siar a théann an nasc céanna agus fuair duine de scríbhneoirí móra Dhún na nGall, Seosamh Mac Grianna, fuair sé spreagadh as ceantar stairiúil Oirialla agus é i mbun pinn san aois seo caite.

Tiocfaidh amhránaithe agus ceoltóirí ón dá cheantar le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar amhráin Uladh, ceol uirlise agus as saibhreas na lámhscríbhinní a bailíodh in Oirialla.

READ MORE

Orthu siúd a bheidh páirteach beidh Lillis Ó Laoire, Brian Ó Domhnaill, Máire Ní Choilm, Clann Mhic Ruairí, Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Zoe Conway, Sylvia Crawford, Pádraigín Ní Uallacháin agus ceoltóirí eile.

Le cois an cheoil féin, beidh ceardlanna, cainteanna agus seolfaidh Gael-Linn dlúthdhiosca nua, Gaelré, leis an amhránaí, Gráinne Holland, as Béal Feirste. Eolas: www.eigseoirialla.org

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times