Ein Achtungmoment ag foghlaim teanga

An féidir le daoine teanga a fhoghlalim ón teilifís amháin?


Dúirt mé go minic é agus déarfaidh mé go minic arís é: braitheann cumas teanga ar na deiseanna atá ag duine an teanga a labhairt, a léamh, a scríobh agus a chluinstin.

Oiread chéanna le mórán eile daoine le Gaeilge, tá cúpla focal de theanga eile de chuid na hEorpa agam – an Ghearmáinis, i mo chás de. Tagann agus imíonn an Ghearmáinis le himeacht na mblianta.

Ar nós gach aon fhoghlaimeora i ingach aon teanga, léim téacsleabhair scoile le snas a chur ar na habairtí céanna; éistim le dlúthdhioscaí agus, má bhíonn deis ann, freastalaím ar ranganna comhrá. Sin an chuid is fearr de – an deis a fháil le cúpla focal Gearmáinise a labhairt.

Aithneoidh mórán daoine le Gaeilge, nó atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, an cur chuige céanna; lag trá agus lán mara na foghlama.

READ MORE

Cuirim spéis i gcúrsaí teilifíse sa chomhthéacs sin. An féidir leat teanga a fhoghlaim as amharc ar an teilifís amháin? Seans gur chreid mórán againn gurbh fhéidir nuair a bunaíodh TG4.

Seans gur chreid muid, go soineanta, nach raibh le déanamh ach an teanga a chur ar fáil sa tseomra suite agus go mbeadh an lá leis an chúis.

Féadaim a rá go bhfuil ag teip ar mo chuid iarrachtaí féin teanga a fhoghlaim ón teilifís. Is minic mé ag breathnú ar BBC Alba agus a seirbhís i nGàidhlig. Níor thóg mé an teanga as amharc ar na cláir nó éisteacht le cúrsaí aimsire nó cúrsaí nuachta – bíodh is go n-aithním focal thall is abhus agus go mbíonn cláir spéisiúla ann go minic.

Mar a tharlaíonn sé, níl seirbhís teilifíse i nGearmáinis agam – nó ní raibh go dtí le deireanas. Rinne lucht na teilifíse athrangú ar na cainéil ar na mallaibh agus tá cainéal Gearmáinise anois agam – cainéal a dhíolannn seodra.

Bí ag caint ar mhí-ádh nó “Pech” más fearr leat! Tá mé anois in ann cainteoirí maithe Gearmáinise a aimsiú gach aon lá ach tá siad ag díol rudaí liom nach bhfuil spéis agam iontu – fáinní, fáinní cluaise, muincí agus eile.

Níl a fhios agam an donas nó sonas atá ann go bhfuil mé anois ag foghlaim focail nua thall is abhus – ach focail nach mbeidh de dhíth orm go deo.

Aithním briathra: “Heute haben wir...” (“Tá .... againn inniu”). Aithním focal – Finger (méar) – mar go mbíonn siad ag iarraidh fáinní a dhíol agus cuireann tú fáinne ar do mhéar, nach ea? (Ní chaithfidh tú bheith i do Wunderkind leis an méid sin a thabhairt leat!)

Aithním aidachtaí – schön, wunderbar schön agus super schön – deas, an-deas agus an-deas ar fad.

Chuala mé “günstig” ar chlár amháin agus d’aimsigh an focal san fhoclóir: ciallaíonn sé maith ó thaobh praghais de.

Praghas speisialta

Tá a fhios agam gur minic go mbíonn “Spezialpreis” (praghas speisialta) acu agus d’aithin mé go raibh Schmuckstück (píosa seodra) ar díol ar “neunundneunzig Euro” – 99 euro – rud a chuir amhrán frithchogaidh clúiteach le Nena as na 1980í i gcuimhne dom –

Neunundneunzig Luftballons

: “Neunundneunzig Luftballons/Auf ihrem Weg zum Horizont...”

(Níl a fhios agam go fóill cad chuige a raibh naoi mbalún is nócha ar a mbealach go bun na spéire ach, hé, thiocfadh leat damhsa a dhéanamh leis an cheol in Aontas na Mac Léinn.)

Pléascann focail nua as an scáileán chugam. Bhí beirt láitheoirí ag caint lá amháin agus thosaigh siad ag caint ar “Ein Achtungmoment”. Bhí an focal “Ein Achtungmoment” fud fad na háite. Níl a fhios agam go fóill cad é a spreag an “Achtungmoment” ach níl am ar bith anois ann nach bhfeicim rud inteacht as an ghnáth nach smaoiním gur Achtungmoment atá ann.

(Gan amhras, beidh Achtungmoment de do chuid féin agat féin amach anseo agus tú ag foghlaim.)

Níl fotheidil leis an chlár. Is faoi na cluasa amháin atá sé focail a mhealladh as an chaint ar sheodra. Nach iontach mar a tharlaíonn an méid sin féin? Nach iontach mar a phiocann na cluasa focal as sruth na cainte agus mar a aithníonn an inchinn go bhfuil ciall leis?

Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh, bláthú teanga í a scríobh, bua teanga í a thuigbheáil!

Shílfeá, ar an chéad amharc, go raibh snas ar mo chuid Gearmáinise, go raibh mé ag foghlaim. Sea agus ní hea. Is é an eagla atá orm go bhfuil mé ag foghlaim Gearmáinise nach bhfuil, bhuel, nach bhfuil filiúnta.

Cá bhfuil an rómáns le teanga an mhargaidh a fhoghlaim i dteanga ar bith? Cé a roghnódh Béarla an stocmhargaidh thar Béarla The Great Gatsby? Níl muid ag caint ar Goethe anseo, ar Heinrich Böll, ar fhilíocht ná ar litríocht.

Is é an eagla atá orm, i bhfocail Mhichael Hartnett de, gur ag foghlaim Gearmáinise atá mé a bheadh fóirsteanach le muca a dhíol.

Ein Achtungmoment eile?