Gile na gealaí le feiceáil anocht

Tá seans againn iomlán na gealaí a fheiceáil agus í níos gile ná mar a chonaic formhór againn riamh í


Casadh ollmhór ar roth mór an tsaoil a tharla sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite. Ach tá an domhan agus an ghealach fós ag casadh.

Tá ré nua ar tí tosnú sna Stáit Aontaithe. Ní hé sin deireadh na dtoghchán áfach agus impleachtaí dá gcuid féin ag gach ceann acu.

Cad faoin toghchán a tharla inné sa Bhulgáir mar shampla?

Má tá mórán ag titim amach siar uainn, is gá gan neamhaird a dhéanamh ar an oirthear.

READ MORE

Is mór idir an dá thoghchán gan amhras maidir le daonra, ach bíonn impleachtaí ann mar sin féin dúinne, agus an Bhulgáir ina ball den Aontas Eorpach.

Beirt iarrthóirí atá in iomaíocht don uachtaránacht, Tsetska Tsacheva, a bhaineann le páirtí an rialtais ón eite dheis sa lár, agus Rumen Radev, ón bpáirtí sóisialach, atá níos cóngaraí don Rúis ina mheon agus ina pholasaithe.

Agus cad faoi na toghcháin sa Fhrainc agus sa Ghearmáin an bhliain seo chugainn?

An mbeidh tús á chur le ré nua sna tíortha sin chomh maith?

Bhuel, fagaimis an pholaitíocht ar leataoibh go ceann tamaill mar beidh ré de shórt eile ann anocht.

Is ea, beidh lán na ré ann – nó, más fearr leat an t-ainm eile – iomlán gealaí. Ní rud neamhghnáthach é sin, ach amháin go mbeidh sí níos mó agus níos gile ná mar is gnách dá leithéid.

Conas?

Beidh an ré níos cóngaraí don domhan anocht ná mar a bhí sé le tamall fada – thiar i 1948 dar leis na saineolaithe.

Agus beidh an 25ú de Shamhain 2034 ann sula mbeidh sé chomh cóngarach arís.

Tagann lán na ré uair sa mhí, nuair a bhíonn an ghrian, an domhan agus an ré in aon líne le chéile.

Bíonn an ré ar thaobh amháin den domhan agus an ghrian ar an dtaobh eile. Ach bíonn an ghealach a bhíonn le feiceáil againn níos mó agus níos gile fós, nuair a bhíonn sí san áit is cóngaraí don domhan agus is féidir. Sa chás sin bíonn an tríú cuid beagnach de ghealas breise ag baint léi.

‘Cogadh an tSolais’

Ag 13.52 de réir am Greenwich a tharlóidh sé sin inniu, ach anocht gan amhras a bheidh an radharc is fearr, í suite i gcúlbhrat dorcha, agus “cogadh an tsolais fógartha ar dhoircheacht,” mar a dúirt an Ríordánach in

Oíche Ghealaí

.

Supermoon, super-lunesupervollmond – tá an aidiacht chéanna in úsáid i mórán teangacha chun tagairt di.

Is mó an tábhacht atá ag an ré sa domhan, gluaiseachtaí na dtonnta go príomha.

Agus san amhrán, nárbh le solas gealaí gile (maraon le cóir ghaoithe) a tháinig iascairí na Gaillimhe anoir chun féachaint ar Pheigín Leitir Móir?

Tá sé sa bhealoideas go dtagann na conriochta agus na vaimpírí amach, ar ndóigh, agus go dtéann ainmhithe áirithe le buile an oíche chéanna.

Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach na míoltóga ag cur isteach ar na madraí a dhéanann níos cantalaí iad ?

Luaitear drochthionchar chomh maith ar shláinte mheabhrach na ndaoine, mar a léirítear sa Laidin, lunaticus a chiallaíonn 'gealt' ón bhfocal luna don 'ghealach.' Is ionainn dul 'le gealaigh' agus dul le buile, le báiní, nó le cuthach.

Sa ghearrscéal, Le Gealaigh le Pádraig Ó Cíobháin, braitheann an príomhcharachtar agus í ar imirce thar lear go bhfuil an ghealach i gcónaí geal, rógheal, agus í ag stánadh anuas mar "bhligeárd gealaí" go héigneach agus go bagarthach: "Cad chuige an gealas ar fad sa diabhal dúichí seo?...Tá an oíche ghealaí seo do mo thraochadh."

Tá tagairtí do thaobh dorcha na ré chomh maith, an taobh nach mbíonn ar taispeáint ar domhan.

Samhlaítear go leor donais leis an dtaobh sin – an An Ré Dorcha nó an Dark Side of the Moon.

Conas mar a bheidh an ré nua atá ar tí tosú thall i Meiriceá?

Agus sna tíortha eile sna seachtainí atá le teacht?

Níl ach rud amháin cinnte – go bhfuil níos mó den éiginnteacht ann ná mar is gnách agus neosfaidh an aimsir.

Ach fillimis ar thráthnóna inniu mar is féidir linn a bheith níos cinnte faoi na gluaiseachtaí amuigh sa spás.

San Whole of the Moon de chuid na Waterboys, saol measartha gan dealramh atá caite ag an amhránaí, dar leis, i gcomparáid leis an saol iomráiteach oirirc gléigheal atá caite ag an duine lena bhfuil sé ag labhairt.

Sa churfá, deir sé nach bhfuil feicthe aige féin ina shaol ach an ghealach dheirceach nó an corrán, ach is é iomlán na gealaí atá feicthe ag an duine eile.

Anocht ár seans mar sin, iomlán na gealaí a fheiceáil, agus í níos gile ná mar a chonaic formhór againn riamh.

Agus tá táthar ag tuar go mbeidh sé mór agus go hálainn.