“Cad chuige ar tháinig tú leat féin?” a d’fhiafraigh na taistealaithe óga díom sa Téalainn, “nach tú atá crógach!”
Fiosracht níos mó ná misneach a bhrúigh mise ar aghaidh, áfach, agus dá mbeadh mo chairde ábalta mí a ghlacadh saor chun taisteal trí oirdheisceart na hÁise liom, bheadh siad ann.
Tuigim daoine a mbíonn eagla orthu roimh thaisteal aonair ach má bhíonn tú ciallmhar agus cairdiúil is féidir an eagla a fhágáil sa bhaile leis an drochaimsir.
Is aoibheann liom an tsaoirse – is féidir leat do rogha rud a dhéanamh gan comhrá ná comhréiteach, gan duine mífhoighneach ag baint gliogair as eochracha ag an doras má bhíonn tú mall.
Rud níos iontaí faoi thaisteal aonair ná nach gá duit a bheith leat féin. Is iomaí cara a chastar ort ar an bhealach; cuid acu go sealadach ach éiríonn cuid eile ina bhfíorchairde.
Ba é an chéad chara ar mo thuras ná an treoirleabhar – shuigh sé liom ar an eitleán ag freagairt ceisteanna ar chultúir dhifriúla.
Mar shampla, mhínigh sé dom nach raibh cead ag mná suí in aice le manaigh na Téalainne agus go raibh sé mídhleathach seasadh ar an airgead mar go raibh íomhá an Rí ar nótaí agus boinn na tíre.
D’aithin mé go luath nár leor leabhar agus roghnaigh mé ionad ióga ar Koh Phangan chun cuideachta cheart a aimsiú.
Bhí sé measartha éasca aithne a chur ar dhaoine ar oileán parthais, áit a raibh an t-uisce chomh gorm leis an spéir agus an trá bhán líon lán le crainn phailme.
Chomh maith leis sin, bíonn claonadh in iógaithe bheith deas duit, is cuid lárnach den fhealsúnacht é. I ndiaidh dom seachtain a chaitheamh ag cleachtadh ióga agus ag plé chúrsaí an tsaoil le daoine ó gach cearn den domhan, bhí dhlúthchairde agam.
Níor éirigh liom seasamh mullaigh a dhéanamh roimh imeacht go tuaisceart na Téalainne ach mhothaigh mé sona sláintiúil sásta nuair d’fhág mé.
Agus mé liom féin arís, rith sé liom go mbíonn an taistealaí aonair go minic ag “brath ar chineáltas strainséirí”, mar a déarfadh Blanche DuBois dá mbeadh Gaeilge aici.
Mar bhean, mhothaigh mé go raibh mná na háite ach go háirithe ag coinneáil súl orm in amanna, bíodh miongháire cairdiúil ar thraein na hoíche i gceist nó cuidiú chun tuk-tuk a fháil.
Cé nár labhair muid an teanga chéanna, chuir siad i gcuimhne domh go raibh cairde thart orm i gcónaí.
Ag teorainn tíre is mór an cúnamh an cairdeas agus ag trasnú ón Téalainn go Laos, chuidigh mé le bean óg Ísiltíreach an próiseas imirce a oibriú amach agus na camscéimeanna a sheachaint. Rinne an t-eispéireas dlúthchairde dúinn agus chaith muid seachtain ag taisteal trí Laos, ag cadhcáil, ag uaimheadóireacht agus ag triail bia agus dí na tíre.
Chuir mé aithne ar réimse daoine eile le linn an turais: ar aistear sléibhe, ar bhusanna oíche agus trí chúrsaí tumadóireachta scúba.
Ba dheas an cairdeas i ngach aon áit ach go háirithe 30 méadar faoin uisce. Nuair a bhíonn ort brath ar dhuine eile chun aer a roinnt tuigeann tú ciall an tseanfhocail, aithnítear cara i gcruatan.
Níor mhothaigh mé uaigneach ach uair amháin le linn na míosa. Bhí mé ag ól pionta i dteach tábhairne sa Chambóid ar Pub Street a bhí dubh le daoine agus daite le solais. In ainneoin spraoi an tslua mhothaigh mé mar chadhan beag aonair ina measc. Níl easpa go díth carad agus léim ceist na mac léinn isteach i m’intinn: “cad chuige ar tháinig tú leat féin?”
Lean an drochmhothúchán mé go teampall Angkor Wat an mhaidin dár gcionn. Ghlac daoine grianghraif agus solas na maidine ag doirteadh trí na fothracha ársa.
D’amharc mise ar an ollteampall álainn atá sáite i stair Khmer agus maisithe le hinscríbhinní Hiondúcha agus d’aithin mé gur cheart an t-eispéireas speisialta a roinnt.
Ach creidim go dtagann daoine isteach i do shaol ag an am cuí mar gur labhair bean as Ceanada liom tamall beag ina dhiaidh sin.
Rinne muid gáire faoin eispéireas aonair agus sula raibh an ghrian go hiomlán in airde, ba chairde muid.
Chonaic muid na teampaill eile le chéile agus nuair a bhuail an “traochadh teampaill” muid, chuaigh muid go Pub Street chun pionta eile a fháil, an t-am seo i mbun cuideachta.
Ba thuras foghlamtha domh mí an taistil. Is cinnte gur fhoghlaim mé faoi thíortha agus chultúir éagsúla ach, níos mó ná sin, d’fhoghlaim mé fúm féin.
Cuidíonn taisteal aonair le daoine glacadh lena gcuid buanna agus laigí araon – rud a chuidíonn go mór le dúshláin a shárú.
Má bhí ceacht ar leith foghlamtha agam, is é gurbh fhiú muinín a chur ionat féin agus i ndaoine úra chun tairbhe agus taitneamh ceart a bhaint as an saol seo.