Fadó, fadó…nuair a bhí mé óg, muidne a rugadh sa Phoblacht (más Poblacht atá inti!) – bhí caidreamh aisteach againn le Sasana agus gach ar bhain léi.
Thuigeamar go maith go raibh cuid amháin dár dtír fós faoi smacht na Breataine mar atá i gcónaí. Ina ainneoin sin, ba bheag eolas a bhí againn ar thuaisceart na tíre agus ár muintir ansin le bheith fírinneach faoi. Agus bhíomar amhrasach faoi Shasana agus faoi gach aon rud gallda.
Bhí sé sin nádúrtha go leor ar bhealach. Bhí neart daoine beo fós ag an am a rugadh faoi fhorlámhas Gall ar Éirinn.
Fós féin, bhí na mílte againn a raibh gaolta againn thall agus deartháireacha is deirfiúracha a d’imigh ar imirce, na mílte eile nár fhág críocha Bhanba riamh ach a raibh pasanna Sasanacha acu.
Fiú dá mba chóras Sasanach é gach córas agus institiúid in Éirinn (ba í an Eaglais an t-aon eisceacht amháin, cé gurb iad na Sasanaigh a bhunaigh Maigh Nuad) – an córas dlí, an córas sláinte gan ach dhá shampla a lua – bhraitheamar go mba dhream ar leith muidne, Gaeil. Bhíomar difriúil. Speisialta.
Is é fírinne shearbh an scéil ná go raibh cineál dearcadh droim ar ais againn i leith na Sasanach agus gach ar bhain leo. Inár gcroí istigh, shíleamar go raibh muidne – na Gaeil – níos fearr ná iad, níos eolgaisí ná iad, níos sofaisticiúla ná iad!
An ghné ab áiféisí faoi seo go léir na go bhféadfadh duine siúl isteach sa siopa áitiúil chun irisí agus leabhair a bhain go huile agus go hiomlán le saol agus cultúr Shasana a cheannach.
I gcás buachaillí óga, bhí taithí saoil níos fearr ag cuid mhór leaideanna óga ar chultúr an Beano, Warlord, Victor, nó na peileadóirí sacair ab aitheanta mar a bhí sna cártaí peile Sasanacha a bhaileofaí san am sin agus ar tháinig athbheochan arís orthu le blianta beaga anuas.
Toisc go raibh rud éigin coimhthíoch agus aduain faoi chultúr Shasana an dtuigeann tú – fiú má bhí drogall orainn é sin a rá amach os ard, bhíomar meallta aige!
Go díreach mar atá sa lá atá inniu ann, bhí aghaidh na ndaoine ar Enid Blyton agus í ar na húdair ab ansa le páistí na hÉireann agus na Breataine.
Tá cúis mhaith ann go dtaitníonn leabhair Blyton leis an nglúin óg i gcónaí.
Bíonn aicsean agus eachtraíocht ag titim amach ar láthair thaibhseacha a bhfuil mistéir ag baint leo ina cuid scéalta agus is iad na páistí féin a réitíonn an mhistéir iontu, neamhspleách ar a gcuid tuismitheoirí.
A bhuíochas do Chló Iar-Chonnacht agus craoltóirí aitheanta na Gaillimhe Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh go Gaeilge iad, foilsíodh ceithre leabhar sa tsraith an Famous Five ar na mallaibh.
Ní hamháin go ndearna beirt bhan Chonamara Gaelú ar Tráthnóna Díomhaoin, Gruaig George Rófhada, Maith Thú a Timmy agus Saoire na Samhna ach tá na ceithre leabhar chéanna dea-scríofa agus oiriúnach don aos óg (is cuma cén caighdeán Gaeilge atá acu).
Dhéanfadh na leabhair ghleoite seo le léaráidí lándaite féiríní deasa na Nollag.
MÍCHEÁL Ó hAODHA