INNIU agus Amárach

Rinneadh iarracht chun INNIU a thabhairt slán 30 bliain ó shin


Rinne foireann an nuachtáin Ghaeilge INNIU achainí phearsanta ar an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, idirbheartaíocht a dhéanamh ar a son agus an nuachtán a thabhairt slán.

Léiríonn cáipéisí ó Roinn an Taoisigh atá curtha ar fáil faoin Riail 30 Bliain na hiarrachtaí a bhí ar bun chun an nuachtán a tharrtháil sular druideadh é i 1984.

Mhol Aire na Gaeltachta, Pádraig Flynn, dhá bhliain roimhe sin go ndéanfaí comhnascadh idir an nuachtán seachtainiúil INNIU agus an nuachtán Gaeltachta Amárach chun nuachtán nua a bhunú.

Léirigh meamram a cuireadh faoi bhráid an Taoisigh go raibh an rialtas ag tabhairt fordheontais de 23p in aghaidh gach cóip de INNIU a díoladh agus 41p i gcás Amárach. "It is generally accepted that neither INNIU nor Amárach is highly regarded among Irish speakers," a dúradh sa mheamram.

READ MORE

Is é an eagraíocht Glúin na Bua a bhunaigh INNIU sa bhliain 1943. Maíodh sa mheamram rialtais go raibh an nuachtán ag díol 19,000 cóip sa tseachtain i lár na 1960í ach fán bhliain 1982 bhí sé seo laghdaithe go 6,000 cóip sa tseachtain, an leathchuid acu sin i scoileanna.

Tugadh deontas méadaithe do INNIU i 1978 ar an choinníoll go bhfeabhsófaí leagan amach an nuachtáin agus go n-éireodh leis breis ioncaim a fháil ó fhógraíocht agus díolachán.

Dúradh nach leanfaí ag íoc an deontais mhéadaithe mura n-éireodh leis an nuachtán na spriocanna sin a bhaint amach.

Ba é tuairim Roinn na Gaeltachta i 1982, áfach, ná go raibh díolachán an dá nuachtán ró-íseal le hioncam fógraíochta a ghnóthú.

Dúradh go raibh sé i gceist iarracht amháin eile a dhéanamh na nuachtáin a chomhnascadh chun foilseachán tarraingteach a mheallfadh breis léitheoirí a bhunú.

Chuir foireann INNIU go tréan in éadan an mholadh seo. “This is an appalling proposal, politically, practically and economically,” a scríobh Proinsias Mac an Bheatha chuig an Taoiseach ar 18ú Bealtaine, 1982. “It is surely indefensible that we who support reason in general in Irish affairs and Fianna Fáil in particular should be forced into amalgamation with a paper which supports radical policies and has associations with the Workers’ Party.”

Ní raibh aon dabht aige faoi cé air a bhí an locht: "It does appear that INNIU is to be sacrificed to save the faces of the Department and of Údarás na Gaeltachta which have repeatedly given additional grants to Amárach to start it up again when it has ceased publication."

D’impigh sé ar an Taoiseach idirghabháil a dhéanamh ar son na foirne a shaothraigh go díograiseach le dhá scór bliain gan aon tacaíocht chuí a fháil ón Stát, dar leis.

Ach mhol Rúnaí Príobháideach an Taoisigh, Pat Cleary, don Taoiseach gan aon bhaint phearsanta a bheith aige leis an scéal ar eagla go dtiocfadh a leithéid salach ar aon tionscamh a bhainfeadh le polasaí an rialtais i leith na Gaeilge san am a bhí le teacht.

Thug an Taoiseach freagra ar Mhac an Bheatha i Meitheamh, 1982, ag rá gurb é a bhí á lorg ag an Aire Flynn ná nuachtán Gaeilge “a léifí go forleathan ar mhaithe lena fhiúntas féin” a bhunú: “Is amhlaidh atáthar ag iarraidh deis a thabhairt daoibhse páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht chun nuachtán mar sin a chur ar fáil agus mholfainn daoibh comhoibriú leis an Aire chomh fada agus is féidir.”

Theip ar na hiarrachtaí INNIU agus Amárach a chomhnascadh agus rinne an rialtas nua a tháinig i gcumhacht ag deireadh 1982 cinneadh go n-íocfaí an deontas feasta le nuachtán úr Gaeilge, Anois.

I meamram a réitíodh don rialtas ar an 14 Lúnasa, 1984, dúradh nach raibh aon soláthar pinsin déanta d’fhoireann INNIU agus go raibh brú millteanach ar Aire na Gaelachta, Paddy O’Toole, aire a thabhairt do na hoibrithe: “He accepts moral responsibility in the matter as the problem has arisen from his decision to withdraw the grant in an effort to achieve rationalisation and attract readership.”

Mhol an tAire go n-íocfaí deontas speisialta aon uaire mar phacáiste iomarcaíochta do cheathrar den fhoireann agus go dtabharfaí postanna i Roinn na Gaeltachta do bheirt oibrí eile.

Cé nach raibh an nuachtán mar chuid den tseirbhís phoiblí, dúirt an tAire go raibh sé i dtuilleamaí deontais Stáit le fada.

Chuir an tAire Seirbhís Phoiblí, John Boland, in éadan an mholadh seo ar an bhonn go mbeadh oibrithe, a chaill a gcuid postanna in eagrais eile a bhí ag brath ar dheontais Stáit, ag lorg socrú den chineál céanna. Bhraith sé fosta gur moladh místuama a bhí ann go dtabharfaí postanna sa státsheirbhís dóibh siúd a chaill a gcuid postanna.

Ach bhí cara sa chúirt ag an fhoireann. D’admhaigh Rúnaí an Taoisigh, Pádraig Ó hUiginn, i meamram don Taoiseach go raibh sé féin ar dhuine de bhunaitheoirí an nuachtáin agus gur iomaí alt a scríobh sé dó. Mhol sé go ndéanfaí réamhíocaíocht leis an fhoireann “to relieve the family hardship”.

Ar 18ú Deireadh Fómhair, 1984 chinn an rialtas go n-íocfaí pá coicíse le haghaidh achan bhliain oibre mar airgead iomarcaíochta d'fhoireann INNIU. Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap