Léas dóchais aduaidh as Doire

Dea-shampla cois Feabhail


Is annamh a bhíonn caint ar dhóchas i dTuaisceart Éireann ar an aimsir seo ach thug muintir Dhoire blas den dearfacht dúinn le gairid. Níor bheag sin tráth a bhfuil polaiteoirí aontachtacha ag diúltú do chainteanna lena gcomhleacaithe i Stormont, cait an bhaile ag scigmhagadh faoin gcaidreamh dífheidhmeach idir an Chéad agus an Leas-Chéad Aire.

Dé Sathairn seo caite bhí na mílte ar pharáid bhliantúil na Apprentice Boys i nDoire. Bhí an ócáid “exemplary” dar le ceannfort na bpóilíní.

Eiseamláir de shórt eile a bhí ann ag tús na dTrioblóidí, an mháirseáil ar cheann de na cinn ba chonspóidí ar fad agus é luaite le círéibeacha agus foréigean go dtí na 1990í.

Ach tháinig na printísigh, áitreoirí náisiúnacha, polaiteoirí agus lucht gnó le chéile chun comhréiteach a dhéanamh.

READ MORE

Táthar ag tathaint ar dhaoine i gceantair eile sampla Dhoire a leanacht – saothar in aisce don chuid is mó. Anois, tá ceannródaíocht á sholáthar arís as Doire mar ar tháinig na hOird Dhílseacha ar chomhréiteach faoi iompar lucht máirseála agus bainistiú na bparáidí.

Níor theastaigh uathu cód iompair a ghlaoch air – ach nach cuma faoin lipéad má dhéanann sé an gnó?

Tá súil ag náisiúnaithe agus cuid mhór de bhallraíocht na nOrd gur múnla é an Maiden City Accord a bhainfidh an nimh as séasúr na máirseála má ghlactar leis sa chuid eile den Tuaisceart.

Leagann sé amach cód maidir le hurraim a thaispeáint do shéipéil agus do sheirbhísí eaglasta is iad ag dul thar bráid, meas a thaispeáint do dhaoine eile, gan aisfhreagairt má mhaslaítear iad agus coinníollacha maidir le hárachas.

Go sonrach leagann sé amach freagarthacht an lucht eagraithe as iompar na ndaoine agus na mbannaí atá ar mháirseáil; údar conspóide ab ea é le fada go séanadh cuid de na hOird freagarthacht as mí-iompar bhannaí, máirseálaithe agus lucht leanúna.

Cor drámatúil sa scéal a bheadh ann dá nglacfadh an tOrd Oráisteach, cuir i gcás, leis an riail sin.

Conradh nó comhréiteach logánta idir na hOird i nDoire is ea é. Cuireadh fáilte chroíúil roimhe san iar-thuaisceart ach díol suntais ab ea é gur chuir polaiteoirí aontachtacha fainic ar an bpobal nár mhúnla do Thuaisceart Éireann ar fad é.

Tá líon na máirseálacha méadaithe go mór le blianta beaga anuas. Baineann cuid mhaith den bhfás sin le hagóidíocht faoi pharáidí a cuireadh ar mhalairt slí nó nár ceadaíodh.

Ach baineann sé chomh maith le máirseálacha ar nós an chinn a bhí ag easaontóirí poblachtánacha i mBéal Feirste ar an Domhnach i gcuimhne ar imtheorannú gan triail a cuireadh i bhfeidhm ar an 9ú Lúnasa, 1971.

Chuaigh an mhórshiúl ó Ard Eoghain go lár na cathrach agus ansin go hiarthar Bhéal Feirste. Anuraidh, gortaíodh breis is leithchéad comhalta den PSNI nuair a thug lucht agóide dílseach fogha faoin bparáid.

I mbliana bhí dianslándáil i bhfeidhm i lár na cathrach le haghaidh na hócáide, rinne 400 dílseoir agóid ach cés moite de chúpla mioneachtra bhí an lá síochánta.

B’iad lucht gnó na cathrach ba mhó a bhí thíos le himeachtaí an Domhnaigh. I ngeall ar an réabadh anuraidh bhíothas buartha go mbeadh trioblóid ann arís i mbliana.

Ní raibh an PSNI ag dul sa tseans – creidiúint mhór as ciúnas an tsamhraidh go dtí seo ag dul don bpríomhchonstábla nua, George Hamilton.

Ach ba é toradh na mbeartas slándála gur chaill siopaí san Ascaill Ríoga agus na sráideanna máguaird an-chuid custaiméirí. Teastaíonn cinneadh agus gníomh ó pholaiteoirí ón lucht trádála; tá siad bréan den pharailis i Stormont.

Anuas ar an gcostas do lucht gnó ní mór an costas poiblí a chur san áireamh. Bhí slándáil an Domhnaigh daor, mar a bhíonn le gach paráid chonspóideach. Tá na milliúin caite le bliain ar phóilíneacht i dtuaisceart Bhéal Feirste mar a bhfuil campa agóide na nOráisteach.

Deir an lucht agóide go bhfanfaidh siad ansin go ligfear dóibh máirseáil thar Ard Eoghain. Cheal socrú ar nós an chód iompair as Doire beidh an bille slándála ag méadú.

D’íocfadh an t-airgead sin as cuid mhór de na scéimeanna atá i mbaol de bharr ciorraithe – deisiú na mbóthar, glanadh na ndíog agus, go háirithe, an fhorbairt ar Choláiste Mhic Aoidh i nDoire – céim a ceileadh ar an gcathair leathchéad bliain ó shin agus atá á ceilt orthu arís anois.