Ní féidir áilleacht an dúlra a shéanadh

Ní raibh gá mórán a dhéanamh chun oifig fheidhmiúil a chruthú as an nua

Foclóir: céimeanna - steps, sealadach - temporary, buntáistí - advantages, éigeandál - crisis, frithluaileach - reflexively, iomaíocht - competition, gealbhan - sparrow, glasóg sráide - pied wagtail, urchar méaróige - a stone's throw.

Agus na céimeanna cuí dá nglacadh ag an bhfostóir leis na baill foirne a chosaint ón gCoróinvíreas ar a dtugtar Covid-19, bhí ar Tuarascáil oifig shealadach a thógáil sa láthair chónaithe sin ar a tugadh ‘an baile’.

Mar a tharla sé, níorbh gá mórán a dhéanamh chun oifig fheidhmiúil a chruthú as an nua. Ní raibh ag teastáil ach foinse leictreachais, nasc leis an idirlíon agus áit le cur faoi.

Ní raibh call ar bith le trealamh nuanósach, deasc-sheasta nó taispeántas mór scáileáin. Ní raibh gá ach an oiread le gléas fótachóipeála nó gléas facsála. Ní raibh gá fiú le cathaoir oifige nuair a dhéanfadh tolg cúis ina háit.

READ MORE

Ní raibh gá leis an seomra a roinnt ina chodanna le spás a chothú do chomhghleacaithe ach an oiread.

Ina n-aonair a bheidh go leor díobh siúd atá fós fostaithe ag obair as seo amach.

Ní raibh gá le seomraí cruinnithe ar nós na gceann sin ina bhailimis, foireann an nuachtáin, chun pleanáil a dhéanamh ar thograí a bhí le déanamh. Ní raibh gá le cistin bheag nó cúinne ar bith eile a sholáthar, áit ina bhféadfaí casadh leis na comhghleacaithe chun caife a ól, lón a ithe nó scéalta agus ráflaí an lae a phlé i dteannta a chéile.

Tarraingteach

Caithfear a admháil gur smaoineamh sách tarraingteach a bhí ann, ar bhealach, a bheith scoite ón ionad oibre agus ón gcuid eile den domhan mór.

Bheadh buntáistí ag baint leis go cinnte. Nach gcaithfí go mbeadh?

Ní bheadh gá éirí le moch na maidine, ní bheadh ar an rothar dul in iomaíocht le tiománaithe feargacha na cathrach níos mó. Seans a bheadh ann díriú isteach ar an obair gan aon chur isteach.

Ach leis an saol taobh amuigh á theorannú, is ait an áit é an baile anois.

I gcomparáid le cúpla seachtain ó shin, tá éiginnteacht mhór ag baint leis an saol anois. Cé go mbíonn sé sách ciúin sa bhaile, leanann an ráig ghalar ag réabadh leis lasmuigh.

Agus tá go leor ag fulaingt.

Tá go leor tinn agus tá na mílte, b’fhéidir na céadta míle duine, tar éis a slí mhaireachtála a chailliúint beagnach thar oíche.

De réir a bhfuil tuartha d’fhéadfadh suas le 500,000 duine a bpost a chailliúint idir seo agus deireadh na héigeandála. Deirtear go mbuailfear suas le 15,000 leis an ráig ghalar féin faoi dheireadh na míosa.

Tá na scoileanna dúnta agus tá buairt ann faoi ghasúir a bhíonn ag braith ar bhéilíthe scoile. Tá go leor ann atá leochaileach anois.

Is gnách le go leor anois tuairisc na ngaolta agus cáirde a chur go laethúil nó níos minice. Éistear go géar leis an raidió ar na tuairiscí agus na staisticí is déanaí.

Cúl an Tí

Ach, ó am go chéile, preabann an tsúil go frithluaileach ón gcomhad ar an ríomhaire nó ón scéal nuachta ar an bhfón póca i dtreo na fuinneoige.

Ní bhíonn neart ar bith ag an tsúil ar sin dar ndóigh ach ní féidir áilleacht an dúlra a shéanadh.

Ar chúl an ghairdín agus gan ach balla eadrainn, tá páirc bhreá ghlas, timpeallaithe ag crainn arda. Ina measc tá crainn daire, crainn bheithe, agus crainn saileacha silte. Crainn ársa na hÉireann anseo i ngiorracht urchar méaróige de lár na cathrach.

Is ann a bhíonn an colm coille ag eitlilt. Uaireanta eile bíonn gealbhain, spideoga, préacháin agus glasóga sráide le feiceáil. Ní fada uainn riamh an snag bhreac a bhíonn de shíor ag fiach, nó ar na saolta seo, ag bailiú cipíní dá nead.

Tá sionnaigh ann agus ioraí glasa freisin. Maidin amháin, dhreap dhá shionnach óg suas ar an mballa agus chaitheadar píosa maith san eidhneán agus iad ag faire ar éin is dócha.

Anois agus arís feictear sciatháin sínte an chorr réisc é ag seoladh gan stró go socair agus go réidh tríd an aer. Nuair nach bhfeictear iad, cloistear iad agus iad ag canadh leo. Ní fios an ag bagairt nó ag spochadh as a chéile a bhíonn siad ach ó mhaidin go hoíche níl le cloisteáil ach béarla binn na n-éan.

Meitheal náisiúnta

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil dúshlán romhainn uilig anois. Tá dochtúirí agus altraí na tíre ag obair go dícheallach agus go cróga agus tá muid ar fad ag brath orthu. Is údar dóchais an comhbhá, an cineáltas agus an dlúthpháirtíocht atá le feiceáil go forleathan i measc pobail na tíre. Tá airgead á chruinniú, bia á cheannacht agus an t-uafás obair dheonach ar bun ag daoine aonaracha agus ag grúpaí pobail araon.

Léirigh an cur chuige Éireannach le coicís anuas gur féidir athruithe córasacha a chur i gcrích ar leas na ndaoine ach an mheoin ceart a bheith ann.

Mar fhocal scoir, tuairiscíodh le gairid, ceal daoine, go bhfuil an t-uisce sa Veinéis níos glaine ná mar a bhí le fada an lá. Tá deilfeanna ag snámh go spraíúil sna canálacha agus ealaí le feiceáil ag gluaiseacht go maorga anois go bhfuil an truailliú imithe - rud a léiríonn go dtarlaíonn athnuachan agus athbheochan go tapadh.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.