Riail an dlí an freagra is fearr ar chonspóidí faoi bhratacha agus faoi mhórshiúlta

Tá Teachtaí Tionóil Thuaisceart Éireann ar ais i Stormont ó Luan na seachtaine seo. Bhí drochshamhradh ann, léirsithe, círéibeacha, póilíní gortaithe, dochar déanta arís do chaidreamh trasphobail agus airgead mór caite ar shlándáil.

Dóthain chun go bhfillfeadh an aicme pholaitiúil ar an obair agus iad meáite nach mbeadh a leithéid de shamhradh arís ann? B’fhéidir. Níor thuar dóchais é iad a bheith ag filleadh ar an tionól ataithe le spíd chun an milleán a chur ar “an taobh eile”.

Sin mar atá roimh theacht Richard Haass, an toscaire Meiriceánach mar chathaoirleach neamhspleách ar dhreas eile de chainteanna
ollpháirtí.Drochsheans go dtig leis foirmle mhíorúilteach éigin a aimsiú a chuirfidh ar neamhní na fadhbanna nach bhfuil na páirtithe in ann iad a réiteach dá uireasa – paráidí, bratacha agus oidhreacht na dTrioblóidí.

Tá foras reachtúil ann cheana féin chun paráidí a bhainistiú – is í an fhadhb nach nglactar le riail an dlí. Tá múnla ann do bhainistiú na mbratacha freisin– glactar leis nuair is mian le daoine; is é miondealú na staire agus leigheas na gcréachtanna an fhadhb is deacra.

READ MORE

B'fhurast, mar sin an chéad phéire a fhuascailt; níl de dhíth ach an dlí a chur i bhfeidhm muna mbíonn daoine
toilteanach é sin a dhéanamh dá ndeoin féin. Caitheadh blianta ag iarraidh a dhul i ngleic le hidirdhealú nó leithcheal i gcúrsaí fostaíochta ar bhonn deonach ach is nuair a cuireadh an obair ar bhonn reachtúil ab éifeachtaí a bhí. Sin é an eiseamláir.

Tá cruinniú le bheith ag Peter Robinson agus Martin McGuinness leis an Dr Haass inniu. Níor facthas an Chéad agus Leas Chéad Aire le chéile go poiblí sa bhaile nuair a bhí réabadh ar shráideanna Bhéal Feirste i mbliana ach cuireann siad seó maith ar siúl thar lear.

Díol suntais ab ea é nach raibh Robinson toilteanach seasamh le McGuinness chun círéibeacha dílseacha a cháineadh. Séanadh go raibh teannas eatarthu ach bhí sé follasach.

Géaraíodh air leis an gconspóid faoi cheiliúradh Shinn Féin ar an IRA i gCaisleán na Deirge agus le litir Robinson ó Florida ag tabhairt droim láimhe leis an socrú go dtógfaí ionad fuascailte
coinbhliochta ar láthair phríosún na Máigh/na Ceise.

Ní strainséir é Haass. Chaith sé tréimhse mar thoscaire speisialta ó Mheiriceá ag tús an chéid seo nuair a bhí cúrsaí i dTuaisceart Éireann níos achrannaí ná mar atá anois. Ba mhór an t-ionadh é muna mbeadh a fhios aige roimhré faoin míshuaimhneas idir a chuairteoirí Robinson agus McGuinness maille lena bpáirtithe.

Luíonn sé le réasún go n-éileodh Haass barántais ón mbeirt go mbeidís
toilteanach margadh a dhéanamh agus féachaint chuige go gcuirfí i bhfeidhm é.

Is é breith na coitiantachta gur dúshlán ollmhór é an gnó atá le déanamh ag Haass. “Thar a bheith deacair,” dar le Theresa Villiers, státrúnaí na Breataine i dTuaisceart Éireann agus comhchathaoirleach le hEamon Gilmore ar an bhfeitheoireacht Angla-Éireannach. Gheall Gilmore go ngabhfadh sé i ngleic le braithstint roinnt aontachtaithe gur chuidigh rialtas na hÉireann leis an IRA; ní hionann sin agus géilleadh don tuairim, is cosúil.

Rinneadh idirbheartaíocht cheana chun déileáil le ceist na bparáidí. Ó tharla nach raibh an tOrd Oráisteach toilteanach glacadh le Coimisiún na bParáidí socraíodh go gcaithfí a theacht ar bhealach eile chun an fhadhb a réiteach.

Thángthas ar fhoirmle – coimisiún faoi ainm eile. Níor ghlac an t-ord leis. In ionad a ndúshlán a thabhairt, ghéill an DUP dóibh. Mar bharr ar an donas, in ionad seasamh leis an bplean nua, ghlac an DUP chuige féin an port céanna leis an ord.

Níor mhaise orthu é agus chothaigh sé ceisteanna faoi chumas agus faoi chaighdeán cinnireachta an DUP. Mar a chéile, chothaigh iompar Shinn Féin i gCaisleán na Deirge ceisteanna faoi mhianach agus faoi leagan amach an pháirtí sin.

Beidh Haass ag éileamh comhréitigh. Má éiríonn leis, tá go maith ach ní mór a chinntiú go mbeidh feidhm reachtúil le cibé margadh a dhéanfar.

Muna mbíonn, ní chuirfear i bhfeidhm é go seasta; tá dóthain fianaise againn chun é sin a rá go húdarásach. Beidh sé i bhfad níos deacra déileáil leis na Trioblóidí. Maítear go mb’fhéidir go molfadh Haass go mbunófaí grúpa eile chun an cheist a chíoradh. Rinne Eames/Bradley é sin.

Níor mhiste a dtuarascáil a athscrúdú.