Tá glór i mo chluasa agus ní maith liom é

Tá an teicnic chantana ag dul thar na bearta sa lá atá inniu ann


Ciallaíonn an focal melisma teicnic ina gcantar mórán nótaí ar shiolla amháin. Tugtar rothaig nótaí orthu siúd agus ceol meiliosmatach ar an gcineál ceoil ina n-úsáidtear an melisma. Is minic a fheicimid an melisma sna ceoldrámaí chun feabhas an amhránaí a léiriú go háirithe sa Messiah le Handel.

Tá an stíl mheiliosmatach le fáil in éagsúlacht cheoil ó shean-nós na tíre seo go flamenco na Spáinne ach is coitianta ar fad í i gceol gaspal an chine ghoirm. D'fhorbair an stíl as seo agus fíodh isteach sa cheol func agus sa cheol domhanda í.

Tá an méid sin ceart agus cóir.

Feictear dom, áfach, go bhfuil an teicnic chantana ag dul thar na bearta sa lá atá inniu ann le gach uile amhránaí óg ag iarraidh í a úsáid ad nauseam, go háirithe i gcomórtais thallainn ar nós X-Factor agus fiú Voice of Ireland.

READ MORE

Is cosúil go bhfuil na cantóirí óga ag déanamh aithrise ar leithéid Mariah Carey agus fiú Christina Aguilera.

Má chuirtear leagan Dolly Parton dá hamhrán I Will Always Love You i gcomparáid le leagan Whitney Houston, nach maireann, is suntasach an difríocht stíle a fheictear. Ní úsáideann Dolly Parton melisma ar bith murab ionann agus Whitney a chanann 'I, eeh I, will always love you ooh ooh wooh ooh.'

Sa chás seo thóg Whitney sé soicind ar a laghad ar gach ‘I’!

'Chan' Christina Aguilera The Star Spangled Banner roimh chluiche peile an Superbowl sa bhliain 2011 agus rinne ciseach ghlan d'amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe trí róchanadh a dhéanamh ina raibh melisma den chineál is measa ann.

(Is ionadh liom nár cuireadh diamhasla ina leith.)

Ina ainneoin sin, nuair a róchanann an t-aos óg sna comórtais tallainn, ligeann an lucht féachana gáir mholta agus is beag moltóir a chuireann ina gcoinne.

Dar liom dá ndéarfadh na moltóirí “Can an t-amhrán sin arís le do thoil gan róchanadh meiliosmatach” go ndéanfadh sé leas na n-amhránaithe óga agus go gcoimeádfaí mo leithéidse de chancráin inár gceartmheabhair!

Dúirt Carrie Grant, cóitseálaí gutha Fame Academy go raibh cantóirí, chomh hóg le hocht mbliana d’aois, cheana féin ag canadh le melisma den chineál is measa. Thug moltóir amháin “gleacaíocht bhéil” ar an teicnic agus níl cosúlacht ar bith ann go rachaidh an stíl as dáta.

I bhfad uainn an t-olc ach is léir nach bhfuil leigheas ar an scéal agus go leanfaidh cantóirí óga an lae inniu ar aghaidh gan cás ná náire orthu ag róchanadh sa stíl mheiliosmatach fiú má ghoilleann na nótaí sin ar chluasa na seandaoine cráite.

Bheadh an scéal sin dona go leor gan trácht ar nós gránna eile atá ag teachtisteach i measc an aosa óig: sin í an chaint scornúil. Tráth dá raibh, bhí sé de nós ag mná óga áirithe casadh a chur ina nglór sa chaoi go measfá go raibh siad ag cur ceiste.

De bharr an nóis fhaiseanta seo tugadh an ‘antipodean interrogative’ nó ‘upspeak’ ar an infhilleadh mar go raibh sé ar aon dul le blas na hAstráile. Anois a mhalairt a chloistear i measc ban óg faiseanta Mheiriceá: íslíonn siad an guth agus críochnaíonn gach uile abairt le tuin phiachánach.

Faraor is ‘aicíd fhorleata’ an nós ar na saolta seo atá ag leathadh ar fuaid na Stát Aontaithe ina loisceadh sléibhe. Dar le socheolaithe áirithe go mbaineann an nós le mná óga sna déaga nó sna 20í atá ag iarraidh a stádas sóisialta a chur in iúl: ardstádas de ghnáth. Tá sé níos coitianta i measc lucht mhíle bliain, ‘glúin Y’ (nó Millennials) ná i measc ghrúpaí sóisialta eile.

Tugtar ‘friochtán guthach’ (nó ‘vocal fry’) ar an gcineál cainte seo. Tá ceithre réimse gutha ann de ghnáth: módúil (an réimse is coitianta le linn comhráite); cuachach (falsetto) an réimse ard; réimse feadaíola (níos airde fós) agus glotas, nó scornúil, an réimse is ísle ina gcloistear fuaim ghrágach. Gluaiseann aer trí bhearnaí sna cordaí guthacha – scoilt ar a dtugtar an glotas – agus, de bharr tonnchreathaidh, gintear fuaim an ghutha.

I gcás na cainte scornúla, áfach, brúitear na cordaí guthacha go teann le chéile agus scaoiltear an t-aer amach chun fuaim phiachánach a chruthú.

Tá an locht ar leithéid Britney Spears, Kim Kardashian agus Zooey Deschanel de bharr go labhraíonn siad de chaint scornúil agus go ndéanann mná óga aithris orthu siúd d’fhonn a bheith faiseanta.

Deir an Dochtúir Jim Daneiro, as Ollscoil Virginia, go bhfuil an réimse gutha seo cainte dainséarach go leor. Tá an baol ann, a deir sé, gur féidir damáiste a dhéanamh do na cordaí gutha i bhfoirm polaipí nó cisteanna a fhásann nuair a chuirtear an guth faoi bhrú.

Lena gceart féin a thabhairt dos na mná óga ní hiad amháin atá ciontach: labhraíonn Johnny Depp, Bruce Willis agus Leonardo di Caprio de ghuth scornúil ó am go chéile, ní áirím Bob Dylan a chan mar sin an oíche ar fad sa 3 Arena le déanaí!