‘Tabhair cabhair do na coláistí Gaeilge’ – CONCOS

Ba chóir don Stát agus go háirithe don Roinn Oideachais athmhachnamh a dhéanamh ar chabhrú leis na Coláistí Gaeilge agus deontas caipitíochta a cheadú, mar a rinne siad go dtí le fíorghairid, a dúirt Máire Denvir ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS).

Bhí sí ag caint agus í ag seoladh “Tionchar na gColáistí Gaeilge ar an Teanga agus ar Phobal na Gaeltachta” i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Ionad na dTeangacha, Coláiste na hOllscoile Má Nuad, a rinne an taighde don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Léirigh an taighde féin go raibh tionchar dearfach ag na coláistí ar dhaltaí: “Nuair a deir 96 faoin gcéad de phobal a ndéantar taighde neamhspleách orthu go gcuireann freastal ar choláiste Gaeilge feabhas ar chaighdeán a gcuid Gaeilge, is fiú aire agus suntas a thabhairt don méid sin.”

READ MORE

Dúirt sí go raibh an-fhiúntas sna coláistí samhraidh do scoláirí, do phobal na Gaeltachta agus don tír i gcoitinne; bhí “toradh thar a bheith dearfach ar an anailís a rinne an fhoireann in Ollscoil Mhá Nuad ar na láidreachtaí, na laigí, na deiseanna agus na bagairtí a bhaineann le dul chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Gaeilge agus sna pobail ina mbíonn siad gníomhach”.

D’iarr sí ar na Ranna Stáit cuí agus ar an Chomhairle Múinteoireachta breathnú arís ar an tábhacht a bhain le seal sa Ghaeltacht d’ábhar oidí sna coláistí oideachais agus d’iarr go “n-íocfaí táillí na scoláirí sin don tréimhse Ghaeltachta mar gur cuid an-tábhachtach dá n-oiliúint mar mhúinteoirí í.

“Níl aon amhras ach go bhfaighidh an Stát luach a chuid airgid astu nuair a rachaidh said isteach sna scoileanna agus dearcadh dearfach acu ar ár dteanga dhúchais, an Ghaeilge”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times