Tar éis an áir

Deir mo chuid spiairí liom - ar mh’anam is iad atá líonmhar agus i ngach aon áit - go raibh an bheart curtha i gcrích acu laistigh de chúig nóiméad

Instear scéal mar gheall ar na cainteanna chun comhrialtais a chur ar bun sa bhliain 1973. B’in í an bhliain gur cuireadh rialtas le chéile ina raibh Fine Gael agus an Lucht Oibre tar éis na gcéadta bliain d’Fhianna Fáil mar a shamhlaigh daoine. Sacadh Liam Cosgrave agus Brendan Corish, an bheirt cheannairí, isteach i seomra chun an clár oibre a shocrú agus chun aontú ar na hairí éagsúla agus ar na ranna a mbeadh siad freagrach astu.

Deir mo chuid spiairí liom - ar mh’anam is iad atá líonmhar agus i ngach aon áit - go raibh an bheart curtha i gcrích acu laistigh de chúig nóiméad. Bhí siad ar tí siúl amach agus toradh a gcuid oibre a nochtadh don saol mór nuair a buaileadh isteach ina n-aigne de phlimp go mbeadh cuma rófhurasta ar fad air sin. Is é a dhein siad, cúlú ar ais, an doras a chur faoi ghlas, buidéal a oscailt go fada mall réidh agus féachaint ar rásanna capall ar an teilifís go ceann cúpla uair an chloig. Tháinig siad amach i ndéanaí an lae agus d’fhógair do na nuachtóirí ar fad a bhí lasmuigh agus a dteanga ar sileadh uathu síos lena ndúil sa scéal go raibh na cainteanna ‘deacair agus casta’ agus gur dhóbair dóibh!

Ní móide gur mar sin a bheidh an turas seo, pé acu an rialtas SFFFPG (rud nach dócha), nó SFFGPG (rud nach dócha ach oiread), nó FFFFPG (rud nach dócha ach oiread, ach oiread) a bheidh againn ar deireadh na seachtainí thiar. Tá chomh maith na míreanna mearaí a chaitheamh suas is suas is tiocfaidh siad anuas amárach éigin amach anseo ar nós spaghetti ag titim ón spéir aimsir bainise - agus ní botún cló é sin.

Fág an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach as an áireamh go fóillín, beidh sioscadh agus scagadh ar siúl ar feadh i bhfad maidir le toisc is le fáth an toraidh. Is léir go raibh baint lárnach ar a ndúirt daoine, mar atá, tithíocht agus sláinte go háirithe leis an scéal, ach is suaithinseach chomh maith nach raibh tuairim ag iriseoirí ná ag lucht thomhas mheon an phobail ach an oiread go raibh an rabharta ag teacht. Ní fios go minic ag na saoithe lasnairde cad tá ar siúl i bhfad thíos i measc an phobail, nó an phubaill, ag an mbusmhuintir.

READ MORE

Braithim - agus níl ann ach braistint - gur ghluais an tonn le Sinn Féin de bharr na n-ionsuithe gan stad gan chrích a bhí á ndéanamh orthu ó thaobh na dtaobhanna. B’é a shíl daoine ‘má tá siad á mbualadh chomh tréan sin ag an aos airgid agus bunaíochta ní foláir nó tá fiúntas éigin ag baint leo!’ É sin, agus an port postúil ardnósach síoraí nach raibh FGFF sásta cuimilt leo ar ór, ar airgead ná ar chumhacht féin toisc go raibh siad salach, cáidheach, bréan, broghach, otrach, smeartha ionas nár chuí do dhaoine measúla dul in aice leo nó gheobhadh siad an galar gránna nó an bholgach bhaolach nó an coivid-19 féin. Dá mhéid is a bhíothas ag amas is ag áladh fúthu is ea is mó a méadaíodh ar a vóta.

Níl aon pháirtí nach bhfuil a chuid staire amhrastúla féin ag baint leis. Ná luaitear FF agus an gunnán sa phóca thíos ag dul don Dáil an chéad uair, ná na Léinte Gorma, ná Seán Mac Giolla Bhríde ina aire rialtais suim bheag bhlianta tar éis dó a bheith i gceannas ar an IRA, ná an Daonlathas Clé a gheibheadh airgead go tiubh ó Mhoscó agus iad suite go te i rialtas John Bruton!

Tugtar aghaidh ar an bhfírinne gharbh, anois, cheana, agus romhainn amach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar