FOCLÓIR: Tuarastal - payment; neamhspleách - independent; seilidí - snails; leadhbhóg - flat fish; mangach - pollock; muirnín - sweetheart; mionduirling - shingle ; drabhlás - wild; steillbheatha - in the flesh; íocónach - iconic; maolchluasach - crestfallen; fuirseoir - entertainer.
I lár na seascaidí bhí post samhraidh agam i monarcha torthaí Lambs ar Bhóthar Nás na Rí. Obair an-sásúil ba ea í mar go raibh déagóirí uile Bhaile Uailcín, an Chloigín Ghoirm agus Dhroimeanaigh, idir bhuachaillí agus chailíní, ag obair ó dhubh go dubh ag stánú torthaí solofa agus bhí an-chomhluadar againn.
Bhí mo mhuintir ar a laethanta saoire sna Clocha Liatha, Contae Chill Mhantáin agus bhraith mé féin an-mhórtasach asam féin a bheith ag fanacht sa bhaile i mo fhear óg neamhspleách i mbun obair shamhraidh. Ba é dáileadh an tuarastail Dé hAoine buaic na seachtaine. Thugtaí ár dtuarastal suarach dúinn i gclúdaigh bheaga donna a raibh na huaireanta oibre breactha síos ar thaobh amháin. Bhíodh bónas beag ann dá n-aimsímis seilidí beaga sna torthaí nár chóir a bheith sa tsubh ná sna cannaí torthaí ar chuntar ar bith.
Nuair a bhíodh an obair thart tráthnónta Dé hAoine théinn isteach go lár na cathrach ar an mbus agus ansin théinn ar an 84 (bus dearg aon-urlár) go dtí na Clocha Liatha. B’aoibhinn a bheith beo agus mo phá i mo phóca agam ag taisteal ar bhóthar Bhré agus Beannach Mhór agus Beannach Bheag ag éirí go maorga os mo chionn.
Bhíodh sailéad blasta curtha i leataobh ag mo mháthair dom ‘dá mac óg oibre’ agus ansin théinn ag iascaireacht ar an gcé le mo dheartháir beag, Brian. Ba mhinic a mharaíomar leadhbhóg nó mangach le haghaidh an tsuipéir, sula dtéimis isteach sa bheár bia cois cuain mar a raibh júcbhosa ar siúl. Seachas an t-amhrán gleoite ‘Trains and Boats and Planes’ le Burt Bacharach agus ‘I’m Alive,’ leis na Hollies thoghainn ‘This Little Bird’ agus ‘Summer Nights’ ar thaobh eile an cheirnín, le Marianne Faithfull. Ba mhuirnín dofhaighte gach uile bhuachaill í an samhradh sin - mé féin ag barr na scuaine, dar ndóigh! Ba chuimhin liom í ag canadh an dá amhrán ar an teilifís agus chuir sí meisce ar mo chroí óg lena guth caointeach agus lena cuma ainglí.
Fad a d’éist mé faoi dhraíocht le ‘Summer Nights,’ bhí na tonnta ag lapadaíl sa chuan agus scáilí na gealaí ar an bhfarraige chiúin. Shamhlaigh mé mé féin agus Marianne mhuirneach ag siúl faoi mar a shiúil na leannáin san amhrán:
At the end of the day
we can go down to the bay
and together hand in hand
we will walk along the sand
on summer nights.
Cé go raibh an aisling seo mí-réadúil amach is amach, b’aisling thaitneamhach í, ina dhiaidh sin is uile, sa bhaile álainn seo cois cuain, tráthnóna samhraidh.
Breis is leathchéad bliain ina dhiaidh sin bhí mé féin agus mo bhean chéile in Amharclann Grand Canal chun freastal ar cheolchoirm Mharianne Faithfull. Bhí Harper Simon, mac Paul Simon, ag canadh roimh ré. Bhí sé de phribhléid againn an oíche sin a bheith i dteannta Lisa Cannon, an réalta óg teilifíse agus thug sin cead isteach sa ‘Seomra Glas’ dúinn i ndiaidh na ceolchoirme.
Chan Marianne an-chuid dá barr-amhráin le ceithre bliana is daichead roimhe sin. Bhí a guth ‘aibí,’ é garbh agus piachánach tar éis saoil drabhlásaigh, laraingítis agus tógáil drugaí go tráthrialta ach thaitin sí linn mar sin féin. Ansin rinneamar ár mbealach isteach go dtí an Seomra Glas. Bhí mé ag tnúth go mór le bualadh leis an mbean íocónach seo ó na Seascaidí. D’inseoinn di mar gheall ar na ‘tráthnónta samhraidh’ sin sna Clocha Liatha mar ar chuir a guth ón júcbhosca faoi dhraíocht mé agus mar a shamhlaigh mé dom féin a bheith ag siúl léi, greim láimhe againn ar a chéile ar an gcladach mionduirlinge.
Go tobann, bhí sí féin os mo chomhair anois ina steillbheatha, ina suí ag bord agus dream dá lucht leanúna mórthimpeall uirthi. Bhog mé ina treo go drogallach ach thuig mé nach mbeadh an tasc seo éasca ar chor ar bith. Bhí Shane MacGowan agus a pháirtí Victoria Mary Clarke tar éis suí síos in éineacht leis an gcomhluadar agus bhí Garech De Brún, nach maireann, ann freisin, lena fhéasóg scáinte agus lena eireaball capaillín. Bhí siad go léir rannpháirteach go dícheallach sa chomhrá.
Tuigeadh dom go mbeadh sé dodhéanta labhairt le Marianne gan briseadh isteach ar an gcomhluadar agus, mar sin, d’fhill mé ar ais, go maolchluasach, ar mo bhean chéile agus Lisa. Bhí lúcháir orm áfach, mar, gan choinne, chuir Lisa in aithne mé do Harper Simon a bhí ag cur gothaí air féin do ghrianghraif. Chroitheamar lámh le chéile agus, dar liom, gur dhuine lách, taitneamhach é an t-ógfhear seo.
‘Bhain mé an-taitneamh go deo as do cheolchoirm - go háirithe do stíl mhéara ar an ngiotár. Caithfidh gur mhúin d’athair an stíl sin duit. Ba leantóir Simon agus Garfunkel mé ar feadh na mblianta ó bhí mé sna déaga,’ - sciorr na focail uaim. Thug sé le fios go follasach nach raibh tionchar ar bith ag a athair ar an stíl ceoil a bhí aige féin.
Baineadh stad asam nuair a thuig mé gurbh fhuirseoir neamhspleách é Harper agus go raibh sé ag iarraidh teacht amach as scáth a athar cáiliúil. Tharraing mé ábhar eile anuas. ‘An chéad uair eile a thagann tú go Baile Átha Cliath ba mhór agam an chathair a thaispeáint duit. Thug mé léachtaí do mhic léinn Mheiriceánacha in Ollscoil Mhagh Nuad agus ba mhinic a thug mé ar thuras liteartha iad, ag bualadh amach ó Choláiste na Tríonóide. Mar sin bheadh fáilte is fiche romhat.’
Bhí Harper sásta glacadh leis an gcuireadh agus bhí mé i dteagmháil ríomhphoist leis ar feadh tamaillín ina dhiaidh sin ach, diaidh ar ndiaidh, tháinig deireadh leis an teagmháil agus níor chosúil go mbeadh turas liteartha ann go deo. Bhí an turas sin chomh mí-réadúil leis an ngeábh spaisteoireachta le Marianne Faithfull ar chladach na gCloch Liath ar ‘summer nights ‘blianta fada ó shin.
Buíochas mór le Dia nár athraigh Marianne fiú ceann amháin dá sean-amhráin. Ní fios cén freagra a thabharfadh sí ar mo scéal rómánsúil, ach mar sin féin guím rath agus séan ar a ‘guth aibí’ agus ar aislingí ‘thráthnónta samhraidh!’