BEOCHEIST:DÚISÍM LE boladh an turcaí ag sníomh tríd an tigh teolaí, mo mháthair éirithe óna sé a chlog ar maidin, babhla cairéid os a comhair anois. Bheimis thuas an uair seo cúpla bliain ó shin, faoi gheasa an té a d'fhág na bronntanaisí dúinn agus ag cuimhneamh ar iontas a fheisteas dearg. Osclaíonn mo mháthair an t-oigheann agus gabhann an gal amach nuair a scuabann sí an t-éan te le tuilleadh ola.
Ag meán lae tar éis Aifreann Lá Nollag, bailimid linn go Binn Bán. Taobh thiar de na carranna daite, páirceáilte go hamscaí i ngach cúinne, lasmuigh de gheataí áirithe, ar thaobh na mbóithre cúnga, scréachann na préacháin iad ag píopchantaireacht ar bharr na haille ag faire orainn go hamhrasach agus ar na héin eile ar an tigh solais bán.
Siúlann Micheál inár dtreo, lena fholt gruaige fliuch, a bheola corcra, a lámh fhuar thar lámh thirim a hiníon Doireann, cailín beag atá bródúil as a hathair agus tinsel timpeall a muiníl. Molann sé an fharraige fhiáin fhuinniúil agus ritheann fear tharainn leathnocht, le tuáille á chlúdach, deabhadh air filleadh abhaile.
Bogaimid síos an bóithrín clochach dorcha, le macalla agus scáthanna na bhfaoileán le brath. Sníomhann srutháinín trasna, áit go bhfuil beirt bhuachaillí ag súgradh ina gcuid éadaí glana, geansaithe gléineacha, cótaí compordacha, bróga bána nua orthu. Tá briosca i lámh duine dóibh, i gcoinne thoil na dtuismitheoirí, a impíonn orthu bogadh as an tslí, as an sruthán. Leanann siad orthu ag béiceach agus ag gáire nuair a thagann madra maorga chucu, ar comhairde dóibh. Teastaíonn uaidh an briosca a bhlaiseadh agus sciobann sé é le háthas agus a eireaball ag bogadh sall is anall.
Molann Danno na laochra a théann chun farraige, seo fear le pota d'fhíon dearg te le spíosraí is torthaí ar bharr agus na mílte cupán sa lámh eile. Ofrálann Nuala pláta pióg mionra agus brioscaí, seo bean a shnámh timpeall na hÉireann anuraidh, mar sin ní dúshlán dul i mbun na dtonnta inniu.
Tógann Ted cúpla grianghraf do's na fir ghnó chróga a chuaigh isteach, iad ina gculaith snámha, gáire sínte ar a n-aghaidheanna, muga alcóil te ina nglac, hata Dhaidí na Nollag agus gáire croíúil a leanann cé go bhfuil fear an cheamaire imithe.
Tá sé in am dúinn dul faoin uisce agus léimid isteach, scaoilim liú! Is laochra anois sinne ar Lá Nollag, gan faic inár mbolg ach uisce salainn agus feamainn shleamhniúl timpeall orainn. Rithim amach.
An faoiseamh! Scréachann corrdhuine san fharraige, an fuacht, an fhuascailt agus éalaíonn an duine deireanach ó bhéal na farraige lena gcosa greamaithe sa ghainneamh shleamhniúil alpach ocrach ar Lá Nollag.
Rithim sall 'is anall leis an ngaineamh gharbh órga mar bhríste fáiscithe orm agus druideann Doireann inár dtreo, níl sí imithe go fóill. Ligeann sí tuáille titim ar mo chos agus féachann sí suas orm, a mbeola i bhfolach, líne cuasach déanta in ionad, a súile móra oscailte.
Tagann Danno inár dtreo le punch, pióg agus bualadh bos glórmhar don slua. Séideann leoithne deas bog agus téimid abhaile.
Tiomáinimid ar na bóithre ó Bhinn Bán i dtreo an tí sa choill. Taobh thiar den cheo, lonraíonn soilse ar chrainn mhóra lasmuigh de thigh a bhfuil a charrchlós lán den chéad uair i mbliana, na cuirtíní oscailte. Níl aon charr ag an stáisiún peitril ná aon imreoir sa pháirc imeartha. Ní gá dúinn géilleadh d'aon charr ag an timpeallán.
Osclaímid doras an tí agus sníonn boladh an turcaí inár dtimpeall. Deireann mo mháthair liom an bord a shocrú le níos mó foirceanna agus sceana mar a bhíonn in úsáid againn i rith na bliana.
Tá na suíocháin iompaithe ón seomra suite. Léim corrchárta atá ar an gcófra. Tá gach uirlis atá againn sa tarraiceán tarraingte amach inniu agus maisiúchán fúthu.
An t-anam glan, mothaímid beo, bríomhar i dteannta a chéile. Beidh pictiúirí dos na sluaite sna nuachtáin áitiúla le daoine gléasta i gculaith Dhaidí na Nollag ó aibhneacha éagsúla: an Life, an Laoi, timpeall an oileáin.
I ndiaidh Lá an Turcaí, druidimid i dtreo Lá an Dreoilín, ar a sé a chlog ar maidin amárach, beimid gléasta suas le cuirtíní tharainn, brat agus maisiúcháin ón gcrann caite timpeall orainn le banna ceoil dhreoilín Shráid Eoin ag cruthú ceoil, Lá Nollag agus Lá an Dreoilín mar a chéile gach bliain, pobal ar aire, ag ceiliúradh le chéile.