Ón mbliain 2030 ar aghaidh, beidh gá le foireann atá cumasach sa teanga a bheith ar fáil ar fud an chórais phoiblí.
Cén fáth atá leis seo?
Dhá bhliain ó shin neartaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla dóchas go bhfuil ré nua i ndán don teanga sa chóras poiblí.
Den chéad uair le fada gealladh go dtreiseofar cumas an stát chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Chun go dtiocfaidh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chóras beidh gá le deiseanna fostaíochta a chruthú dóibh siúd ar mian leo dul ag obair leis an nGaeilge.
De bharr na n-athruithe a rinneadh in Acht na dTeangacha Oifigiúla ar na mallaibh, tá dualgais reachtúla teanga á leagadh ar ranna rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí.
A helping hand with the cost of caring: what supports are available?
Matt Williams: Take a deep breath and see how Sam Prendergast copes with big Fiji test
New Irish citizens: ‘I hear the racist and xenophobic slurs on the streets. Everything is blamed on immigrants’
Crucial weekend in election campaign as bland as an Uncle Colm monologue on Derry Girls
Beidh gá le soláthar céimithe oilte chun sin a bhaint amach agus tá an obair tosaithe cheana féin.
Cén bhaint atá aige sin le Higher Options?
Reáchtálann an Irish Times Higher Options, comhdháil do dhaltaí an cúigiú agus an séú bliain gach bliain san RDS. Freastalaíonn suas le 30,000 duine ar an ócáid thar thréimhse trí lá i mí Mheán Fómhair. Tá sé i gceist i mbliana go mbeidh cur chuige nuálach againn nuair a reáchtálfar Ceathrú Ghaeltachta den chéad uair ar an láthair.
Deis a bheidh i nGaeltacht Higher Options do dhaltaí ar suim leo an Ghaeilge teacht le chéile san aon áit amháin agus eolas a fháil ar na féidearthachtaí a bhaineann le gairmeacha beatha agus ar dheiseanna staidéir leis an teanga.
Beidh siad in ann labhairt le hionadaithe ollscoile agus cuirfear gach cineál eolais ar fáil faoi chúrsaí tríú leibhéil.
Tá sé tamall de bhlianta ó shin anois ó baineadh amach stádas iomlán mar theanga oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus tá líon mór daoine ag obair cheana féin mar aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge.
Dar ndóigh, tá an-chuid deiseanna ar fáil freisin in earnálacha na meán cumarsáide, sa teicneolaíocht faisnéise, sa mhargaíocht, sa díolachán, agus san earnáil deonach.
Tá pacáiste eolais dírithe ar bhuntáiste agus deiseanna na Gaeilge do ghairm bheatha agus do chosáin tríú leibhéil agus oibre curtha le chéile ag COGG do mhúinteoirí agus scoláirí. Beidh sé sin ar fáil ag seastán COGG.
Mar chuid d’ócáid na bliana seo, reáchtálfar painéil plé le saineolaithe a mbeidh eolas faoi ghairmeacha beatha le Gaeilge á roinnt acu ar an lucht freastail.
Reáchtálfar plé ar ghairmeacha le Gaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta ag Higher Options ag 11.00-11.45 (Dé Céadaoin), 13.00-13.45 (Déardaoin) agus 11.30-12.15 ar an Aoine.
I measc na gcainteoirí beidh:
Fiona Ní Fhlaithearta – Is láithreoir aimsire í Fiona le TG4. D’fhreastail Fiona ar scoileanna Gaeltachta agus bhain sí céim BA amach sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Tá sí ag obair le TG4 ó 2014. Tá taithí aici freisin ar láithreoireacht; comhairleoireacht teanga, taighde ar chláracha agus guthú ar chartúin i measc rudaí eile.
Ola Majekodunmi – Is craoltóir, Gaeilgeoir, cainteoir poiblí, scríbhneoir, bunaitheoir Beyond Representation agus comhalta boird stiúrtha í ar Fhoras na Gaeilge, ar Fhéile Scannán Bhaile Átha Cliath agus ball de Choiste Stiúrtha Acadamh Náisiúnta Tallainne Ionad Scannán na Gaillimhe. Rugadh Ola sa Nigéir agus fuair sí a cuid oideachais trí Ghaeilge i mBÁC. Cuireann sí an clár raidió AFRA-ÉIRE! i láthair ar Raidió na Life.
Rónán Mac Con Iomaire – Is é Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga Údarás na Gaeltachta, faoina dtagann cúramaí pleanála teanga, forbairt pobail, mionfhiontraíocht agus eile. Roimhe seo, bhí sé mar Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ agus mar Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cúlra iriseoireachta agus mionfhiontraíochta ag Rónán.
Pól Ó Grádaigh – Is Oifigeach Gnóthaí Teanga leis An Coimisiún Eorpach é Pól. Tá sé freagrach as Éireannaigh a spreagadh le teangacha a fhoghlaim agus le cur isteach ar phostanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sular tháinig sé go dtí an Ionadaíocht, chaith Pól dhá bhliain ina aistritheoir Gaeilge i gceanncheathrú an Choimisiúin sa Bhruiséil. B’iriseoir é Pól roimhe sin. Thuairiscigh sé ó Chaireo don áisíneacht phreasa Ghearmánach dpa sna blianta suaite tar éis réabhlóid 2011 san Éigipt, agus ansin ó Pháras idir 2017 agus 2020. Chaith sé tréimhse i státseirbhís na hÉireann roimhe sin ag obair ar cheisteanna éagsúla, stádas na Gaeilge sa chóras rialtais áitiúil san áireamh.
Marcus Ó Buachalla – Is dlíodóir é Marcus. Tá sé ag obair leis na meáin agus san earnáil cumarsáide le breis is 15 bliana anuas. Chaith sé tréimhse ag obair le Teneo, agus le déanaí le Leinster Rugby. Tá taithí aige freisin mar thráchtaire CLG le TG4, Sky Sports, GAA Go agus Dubs TV.
Páidí Ó Lionáird – Tá bliain caite ag Páidí ina Bhainisteoir Cumarsáide le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá dhá ghné den obair sin ann: an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas faoina gcuid dualgas. Tá foralacha an Achta Leasuithe 2021 á bhfeidhmiú faoi láthair agus comhairle á chumadh agus á sheachadadh lena gcur chun cinn. Roimhe sin, ba chraoltóir, oideachasóir agus iriseoir é – le RTÉ agus TG4 ar feadh 25 bliana.
Orlaith Nic Ghearailt – Is as Tiobraid Árann d’Orlaith agus thosaigh sí ag obair le Conradh na Gaeilge in 2016. Is bainisteoir acmhainní daonna agus feachtas feasachta na heagraíochta í. Bíonn an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan, Seachtain na Gaeilge le hEnergia, féile ina nglacann suas le milliún duine páirt ann gach bliain, á bainistiú aici.
Gormfhlaith Ní Thuairisg – Is Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta í Gormfhlaith le hÚdarás na Gaeltachta. Chaith sí 23 bliain ina hiriseoir le RTE Raidió na Gaeltachta. Chuir a cuid blianta mar chraoltóir ar a súile di an tábhacht a bhaineann le scaipeadh scéal na Gaeltachta, réigiún le hoidhreacht luachmhar teanga agus cultúir, agus acmhainní go leor nár baineadh leas astu go fóill.
Cormac Breathnach – Is as Ceatharlach ó dhúchas do Chormac Breathnach. Thosaigh sé ag obair mar eagarthóir agus mar aistritheoir ar thionscadail fhoclóireachta Fhoras na Gaeilge in 2013 agus tá sé ag bainistiú na dtionscadal ó 2019. Tá Foras na Gaeilge ag obair ar dhá fhoclóir nua faoi láthair: foclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá tréimhsí caite ag Cormac ag múineadh na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr.
Reáchtálfar Higher Options i bPríomh-Halla an RDS ón gCéadaoin, 20ú go hAoine, 22ú Meán Fómhair.