Comóradh Eirí Amach na Cásca i bPáras

An Gaeltacht-sur-Seine commemorates the centenary of the 1916 Rising in Paris

Iarnóin faoi leith a bhí ann i bPáras an Domhnach seo caite. Faoi choimirce chraobh áitiúil Chonradh na Gaeilge, comóradh Eirí Amach na Cásca ar thailte cásacha an Choláiste Éireannach, Rue des Irlandais, in aice leis an Pantheon , i gcroílár quartier historique na príomhchathrach

Bhí blas idirnáisiúnta ag an gceiliúradh. Go dátheangach a bhí na himeachtaí go léir ar siúl ; agus faoiseamh a rá nach Béarla an dara teanga ach Fraincis. A lán Francaigh a bhí i láthair, agus bhí siad fíorbhuíoch as na hiarrachtaí a rinneadh chun stair agus oidhreacht na hÉireann a chur in iúl as teanga Molière.

Comóradh beag a bhí ann cinnte, i gcodarsnacht leis an comóradh i mBaile Átha Cliath dhá sheachtain roimhe, ach b’fhéidir go raibh rud beag siombalach ag baint leis an gcomóradh seo , a bhí in easpa i mBaile Átha Cliath. Agus é suite i gceann de na lárionaid cultúrtha agus polaitiúla na hEorpa, cuireann sé i gcuimhne dúinn go raibh baint mhór i gcónaí ag gluaiseacht náisiúnachais na hÉireann leis na gluaiseachta náisiúnachas a bhí ar siúl ar fud na mór roinne. Fuair ceannairí na réabhlóide, agus físithe ar nós Art Ó Gríofa, spreagadh ó na feachtais frith-impiriúla sa Pholainn, san Albáin, san Fhionlainn, sna Balcáin, agus a leithid, agus fuair siad inspioráid freisin ó streachailt mion-mhuintir na hEorpa a bhféiniúlacht a mhaíomh i gcoinne na n-ollchumhachtaí. Dearcadh ró-chúng atá againn uaireanta ar stair na hÉireann, agus níor mhiste dúinn í a mhíniú i gcomhthéacs níos fairsinge na hEorpa, seachas breathnú uirthi i gcónaí mar choimhlint idir ár n-oileán beag agus ár n-ollchomharsa.

Ócáid as an gnách a bhí ann, cinnte; ócáid stairiúil a d’fhéadfaí a rá. Chun tús a chur leis na himeachtaí, léadh Forógra na Poblachta as Gaeilge, agus ansin den chead uair riamh gan dabht, as Fraincis: Hommes d’Irlande, Femmes d’Irlande: Au nom de Dieu, et au nom des générations....

READ MORE

Bhí na Francaigh iomadúla breá sásta an Forógra a chloisteáil ina dteanga féin.

Liberté , égalite et fraternité ? Cinnte, agus “séan agus sonas” ina dteannta.

Ar aon nós, téacs cumhachtach agus téacs inspioráideach a bhí ann, pé teanga a aithrisíodh é. Agus i gcomhthéacs láithreach, le fadhbanna gránna na hEorpa ag filleadh ar ais - antoisceachas, caimiléireacht, neamhionannas, leithcheal, tír gan daoine, agus daoine gan tír - is dóigh go rabhthas ann a cheap go bhfuil fís agus focail an Phiarsaigh chomh tráthúil is a bhí siad riamh :

Ráthaíonn an Phoblacht saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna dá saoránaigh uile

I ndiaidh na léachta, thaispeánadh an sár scannán faisnéis úd, Cruthú Náisiún nó Naisssance d'un Pays (irelandbirthofanation.com) . An leagan as Gaeilge a bhí ann, le fotheidil as Fraincis. Íomhánna iontacha as an gcartlann, agus an-fheiliúnach a bhí sé freisin gur de thoradh turais a rinne na deartháireacha iomráiteacha Francaigh, les Frères Lumières, a tháinig na híomhánna , na chéad chinn riamh, de Bhaile Átha Cliath i 1897.

Seisiún amhráin a bhí ann ansin. Thug an Club Amhránaíocht rogha amhráin réabhlóideach - An Drúcht Geal Ceo, Oró Sé do Bheatha ‘Bhaile, Mo Ghile Mear ina measc., rogha a bhí sollúnta agus spleodrach, agus a chuir in iúl go bríomhar atmaisféir na tréimhse úd corraitheach.

Leanadh ar aghaidh le léacht dánta a raibh baint acu le hEirí Amach na Cásca : An Fiach Dubh, le Piaras Béaslaí agus Duilleoga ar an Life, le Séamus Ó Néill.

I measc na himeachtaí siamsúla eile, bhí blaiseadh uisce beatha, seisiún ceoil, agus taispeántas spóirt ó na Paris Gaels GAA .

Conradh na Gaeilge i bPáras a rinne sárobair ag reáchtáil na himeachtaí go léir. Tá Conradh na Gaeilge, nó an Gaeltacht-sur-Seine mar a thugtar go neamhfhoirmiúil air - gníomhach i bPáras le cúpla bliain anuas. Grúpa díograiseach atá ann, a thagann le chéile go minic i gcomhair comhrá, ceoil, cultúr, agus spraoi. Is iad Éireannaigh cinnte formhór na mbaill, ach is cúis broid agus cúis dóchais é go dtagann daoine as na tíortha eile go minic go dtí na cruinnithe: Astrálaigh, Gearmánaigh , daoine as Meiriceá Thuaidh agus Theas, Albanaigh , agus corr-Sasanach. Agus tá roinnt Francaigh ann freisin ag foghlaim Gaeilge, daoine misniúla atá sásta dul i ngleic le gramadach casta na Gaeilge chun sult a bhaint as áille ár dteanga.

Faoi dheireadh, is féidir a rá gurb ócáid dhóchasach agus thaitneamhach a bhí ann. Faoi thráthnóna breá grianmhar, i bPáras san earrach, nuair a chloistear na daoine uile atá tagtha ón Fhrainc, ón Eoraip agus i gcéin, ag labhairt as Fraincis agus as a dteanga uile féin, agus nuair a chloistear an Ghaeilge ina measc, is cúis mhisnigh agus áthais é go bhfuil ár dteanga ann - teanga bheo i measc teangacha beo na hEorpa.