Release your inner Gaeilgeoir

Samhlaigh spraoi ar bith a dhéanfá agus samhlaigh ansin an spraoi sin trí Ghaeilge

Samhlaigh spraoi ar bith a dhéanfá agus samhlaigh ansin an spraoi sin trí Ghaeilge. Beidh Seachtain na Gaeilge i mbliana (nó Coicís na Gaeilge i ndáiríre) ar siúl idir an dara lá agus an 17ú Márta.

Ar na himeachtaí, beidh blaiseadh fíona, céilithe sráide, ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta, oícheanta liteartha agus camchuairteanna ar thaispeántas Yeats i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá clár scoile ann fosta. Agus, de réir ghnás na seachtaine féin, tá ceoltóirí Éireannacha – Cathy Davey, Duke Special agus Ham Sandwich – ag taifeadadh leaganacha Gaeilge dá gcuid amhrán, amhráin a bheidh le cluinstin ar an albam nua, Ceol 09, ar son Barnardos. Tuilleadh eolais agus imeachtaí i do cheantar: www.snag.ie.

****************

Imagine any kind of fun you could have, and then imagine having it through Irish. This year's Seachtain na Gaeilge (or rather, Fortnight na Gaeilge) runs from next Monday until March 17th and events include wine tasting, street ceilis, traditional music and singing, literary nights and tours of the Yeats exhibition in the National Library of Ireland. There is also a schools' programme. Following the week's own tradition Irish musicians including Cathy Davey, Duke Special and Ham Sandwich are recording Irish versions of their songs to be released on a new album, Ceol 09, in aid of Barnardos. For more information and to find events in your area, see www.snag.ie.