Ar chluinstin go raibh Seán Ó Cuirreáin, Leas-Cheannasaí Raidió na Gaeltachta, ceaptha ina Choimisinéir Teanga ag an Aire Éamon Ó Cuív, tháinig scéal beag chun cuimhne an iriseora seo.
Tamall de mhíonna ó shin, scríobhadh píosa ar an cholún seo faoi chruinniú a bhí ag Ó Cuív leis na heagrais dheonacha faoi Bhille (mar a bhí) na dTeangacha Oifigiúla. I gConamara a bhí an cruinniú ach ní raibh cead isteach ag iriseoirí ann - diomaite d'aon ionadaí amháin ó Raidió na Gaeltachta, Seán Ó Cuirreáin.
Rinne an t-iriseoir seo gearán gur cheart go mbeadh an cruinniú oscailte do na meáin ar fad agus go raibh gach duine - ach RnaG - faoi mhíbhuntáiste ó tharla iriseoir dá gcuid féin bheith ina chathaoirleach ar an ócáid.
(Níor luadh ainm Uí Chuirreáin, dála an scéil, nó ní chuige a bhí an colún seo.)
Níor luaithe an colún i gcló gur chuir Ó Cuirreáin scairt ghutháin, ag cur in iúl go neamhbhalbh nárbh iriseoir é ach Leas-Cheannasaí; gur dhuine neamhspleách é nach raibh i bpóca duine ar bith agus nár thaitin tuairimí an cholúin leis. Agallamh ar an mhodh díreach a bhí ann.
Beidh cuimhne ag go leor daoine - Éamon Ó Cuív ina measc - de chur chuige seo Uí Chuirreáin agus é ina iriseoir - ba é a dhualgas an scéal a aimsiú; níor dheis bolscaireachta é an t-agallamh aige ach scrúdú.
Ba é an rud b'aistí faoin chomhrá gur annamh annamh a tharlaíonn rudaí den sórt sin i saol na hiriseoireachta Gaeilge.
De ghnáth, cluineann tú an chúlchaint go raibh a leithéid seo de dhuine míshásta leat ach ní chuireann sé é sin in iúl duit go pearsanta nó, má dhéanann, cuirtear an gearán i do láthair míonna móra fada i ndiaidh duit an píosa a scríobh agus tá dearmad déanta ar ábhar an achrainn.
Ní mar sin do Ó Cuirreáin é; le do bhéal a dhéanann sé a ghearán.
Beidh an cur i láthair céanna de dhíth air gan amhras agus é ag plé le rúnaithe roinne agus feidhmeannaigh agus seasfaidh a thraenáil mar iriseoir dó ina ról nua.
Murab ionann agus cinnidh eile Rialtais, tá fáilte mhór chroíúil curtha ag na heagrais roimh cheapachán Uí Chuirreáin. Gheall Foras na Gaeilge "gach cabhair agus gach tacaíocht don Choimisinéir agus é ag tabhairt faoin obair thábhachtach atá roimhe".
Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh go raibh "céim mhór chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de glactha ag an Rialtas agus níl aon amhras orainn ach go gcomhlíonfaidh Seán Ó Cuirreáin a chuid dualgais go cumasach".
Mar a tharla, ní raibh ionchur ag na heagrais sa phróiseas ceapacháin. Níor fógraíodh an post, rud a d'fhéadfaí deacrachtaí a chruthú amach anseo agus tréimhse Uí Chuirreáin istigh.
Cad é a tharlaíonn má bhíonn Aire i gcumhacht nach spéis leis an obair agus a roghnaíonn duine mífhóirsteanach de bharr pátrúnachta polaitiúla nó ar chúiseanna leithleasacha?
Sin ráite, níl mórán daoine in earnáil na teanga imníoch faoi sin. Léirigh cainteoirí meas agus gean ar Ó Cuirreáin agus muinín mhór as a chumas.
"Ar bharr mo liosta," "an duine is fearr," "tá an rogha cheart déanta ag Ó Cuív," "fear lán fuinnimh," cuid de na tuairimí a tugadh don cholún seo air.
Luadh fosta gur ardú meanman do bhunadh na Gaeltachta é go bhfuil fear dá muintir féin ceaptha ina Choimisinéir, fear a bhfuil tuigse aige ar an Ghaeltacht agus taithí aige ar chúrsaí taobh amuigh di fosta nó chaith sé seal ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Is é sin an chéad dúshlán agus an dúshlán is mó a bheidh roimhe, is dócha, céimiúlacht agus tábhacht a oifige a aistriú amach as Conamara chun ardán mór an Stáit.
Beidh air an dá thrá a fhreastal - ceart phobal na Gaeltachta a sheasamh agus dul i bhfeidhm ar lucht cumhachta taobh amuigh di.
Tá sé le lonnú i gConamara - in ainneoin an oiread sin cainte bheith ar siúl ag an Rialtas faoi dhílárú. Níl caint ar bith ann faoi é a chur go Gaoth Dobhair nó go Ráth Cairn, abair, rud a léiríonn arís an socrú ciniciúil a rinne an Rialtas i leith Fhoras na Gaeilge.
Ach léiríonn sé rud níos tábhachtaí fós - is é an Coimisinéir an duine is mó a bheidh freagrach as reachtaíocht teanga as seo amach agus tá Foras na Gaeilge curtha in áit na leathphingine ar fad ar fad.
Roimhe seo, samhlaíodh go mbeadh cúrsaí reachtaíochta ar cheann de na príomhrólanna a bheadh ag an Fhoras. Thuigfeá anois nach amhlaidh a bheidh agus orthu féin cuid mhór den locht, gan cheist. Níl pleananna foilsithe acu a thabharfadh le fios cad é atá le déanamh acu.
Tá an chuma air go gcreideann Ó Cuív nach mbeidh de ról acu feasta ach seiceanna a shíniú agus iad a chur sa phost. Ar an ábhar sin, tá sé ag cur an Choimisinéara i lár an aonaigh.
Murab ionann agus an Foras, tá plean gníomhaíochta don Choimisinéir foilsithe, rud a rinne Ó Cuív an lá céanna agus a cheap sé Ó Cuirreáin. Tá an obair leagtha amach cheana féin agus beidh an pobal in ann a fheiceáil cad é atá déanta faoi dheireadh 2004.
Tuigeadh riamh go mbeadh post an Choimisinéara ar cheann de na postanna ba thábhachtaí i saol na teanga - is fíre sin arís ná riamh agus an suaitheadh is déanaí atá á bhaint as an Fhoras.
Is é Ó Cuirreáin an Cú ag an áth.