An fhuil ghorm

Nuair a bhíonn duine de theaghlach ríoga ag dul faoi scian, cá bhfaightear an fhuil ghorm?

Nuair a bhíonn duine de theaghlach ríoga ag dul faoi scian, cá bhfaightear an fhuil ghorm?

B'shin ceann de na ceisteanna a bhíodh ag déanamh scime dhom ar feadh i bhfad agus ní móide go bhfuil aon fhreagra sásúil agam. Is cosúil nach bhfaighfí ó fhear gorm í, agus tá líon na dteaghlach ríoga ag dul i laghad de réir an dícheannaithe in aghaidh na bliana. Níl ach deich gcinn de ríochtaí fágtha anois ar chlár na hEorpa agus go leor acu sin baineann siad le prumpastáit bheaga ar nós Lichtenstein, Lucsambuirg agus Monaco.

An t-ionsíolrú sin is dual do na teaghlaigh ríoga ar eagla go scaoilfí braon den lábúrthacht ina measc is míniú é ar go leor. B'fhéidir gurb é an scéal sin faoin Rí Midas an léiriú is follasaí de sin. D'iarr sé ar Dhia go ndéanfaí ór de gach rud ar leag sé a lámh air. Nuair a deineadh rud air ní fhéadfadh sé aon phioc a ithe mar dhéantaí ór den fhíniún agus den ológ agus den lao biata, den chrústa aráin, den bhrollach filiméala, den sciathán lasairéin, den choileáinín rósta san mhíolúsc. Ní hí an tsaint is cás linn, gan amhras, ach an ceann maide as a dtáinig an smaoineamh.

D'fhás dhá chluais chapaill ar Mhidas, leis, ar nós Labhraí Loingseach againn féin. Is minic go léitear an eachtra sin mar fhabhailscéal ar an bhfaoistin. Scaoiltear leis an bhfírinne dá sheirbhe í agus tiocfaidh tú slán. Mo thuairim féin go bhfuil ceacht Labhraí Loingsigh i bhfad níos litriúla ná sin. Is é sin go mbíonn cluasa asail ar phrionsaí agus ar ríthe toisc gurb asail iad.

READ MORE

An té a dhéanfadh taighde ar a bhfuil fágtha de theaghlaigh ríoga na hEorpa gheobhadh sé amach go bhfuil siad ar fad gaolta lena chéile. Agus bíodh is go mbeadh sé níos deacra iad a roiseadh ó chéile ná an chuid is casta den draighneach, fós féin is gairid go dtuigfí duit gurb aon teaghlach amháin iad na Howareyezollerens, Na Saxa-Chomhbhugairí Gotchas, Na Búrbons, Na Rómanpufs is na Hapsburgairí.

Gearmánaigh de shórt amháin nó eile iad ar éirigh leo iad féin a shairsingiú ar phobail bhochta faoi scáth na hImpireachta Naofa Rómhánda nuair a bhí sí ag dul i leimhe agus ar gcúl, agus nuair nach raibh sí mar Impireacht impiriúil ná naofa ná rómhánda.

An nasc seo leis an aimsir chaite is í a chuireann an chluain orainn. Is é a thugann le fios go bhfuil síscéalta fós ar an saol. Is é a nochtann dúinn nach ngluaiseann an stair ar aghaidh ar aon bhóthar díreach in airde go dtí sléibhte geala na gréine ina mbeidh caoinfhulaingt agus tuiscint agus oideachas agus cothroime i réim. Fágtar daoine áirithe ar an trá fholamh; fágtar daoine eile ina bpáláis órga lena gcuid giollaí gairtéir agus a gcuid searbhóntaí ar sileadh.

Ar mo shiúlta dhom trí theaghlach ríoga na Rúise is gairid gur buaileadh isteach im aigne nár bhain siad seo leis an ngnáthshaol. Níor bhain, agus sin an fáth nach mbaineann níos mó. Ba dhóigh leat ar a gcuid ainmneacha go raibh a ndán scríofa cheana dóibh. Cérbh iad na daoine seo? Cad a dhein siad? Conas mar a chaith siad an lá? Ar shalaigh siad a lámha riamh? An raibh tochas orthu? Ar chuala siad an liú péine sa choill? Cérbh í Wilhelmine de Horse-Dormstadt, nó Juliana Grudgna-Grudgezinka, nó Dimitri Macandonki, nó Natasha Wolfart Romanovskaya Brassarsova, nó Helga Stuffenbugger, nó Leonida Badrations Mucranski, nó Dorothea Von Salivati agus Brigitte Von Dimwitt agus Benedicta Von Twitwel? Agus istigh ina measc ar fad bhí Esther Murphy éigin!

B'fhéidir gur duine éigin de bhuíon ghruagach lucht leanúna na Stíobhartach ba ea í a choinnigh cion croí le duine éigin díobh fad is a bhí sé ag feitheamh le long agus le cóir na gaoithe. In ainneoin ár gcuid filíochta ar fad, ár gceo draíochta agus ár mbuachaillí bána tá an sliocht áirithe sin imithe glan mar a scuabfaí ceann de cholainn.

Na Windsor-Von Batterbungers féin, níl Pápanach luaite leis an gcomplacht éilimh ar an gcoróin. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag muintir Dhún Phádraig go bhfuil tiarna orthu, ach is cosúil nuair a saolaíodh bunóc bheag suim bhlianta ó shin a raibh an teideal breá Tiarna Dhún Phadraig air, b'é a bhí ar an dara duine fichead sa scuaine ríoga. Níl a thuilleadh mar baisteadh ina Chaitliceach é.

Níl aon amhras fós gurb é an rí is fearr ná an té a thosnaíonn a réimeas agus é sé throigh ar airde ach nach bhfuil aige ach cúig throigh sé orlach as a dheireadh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar