An Gatar Mor

Beocheist: Ar 15ú Lúnasa a bhíonn Lá Fhéile Muire Mór ann, lá saoire ina lán de na tíortha Caitliceacha ar fud an domhain. Baineann…

Beocheist: Ar 15ú Lúnasa a bhíonn Lá Fhéile Muire Mór ann, lá saoire ina lán de na tíortha Caitliceacha ar fud an domhain. Baineann brí faoi leith leis an ócáid i Nua-Bhrunswick in Oirthear Cheanada.

Sin féile náisiúnta na nAcadiens, pobal na Fraincise sa taobh sin tíre. Bhí brí bhreise fós ag baint leis an ócáid i mbliana.

Táthar ag comóradh bhunú Choilíneacht Acadie ag na Francaigh i 1604, 400 bliain ó shin. Agus den gcéad uair, tá rialtas Cheanada tar éis leithscéal oifigiúil ar son choróin na Breataine a ghabháil leis na hAcadiens as ucht na héagóra a rinneadh orthu i 1755, caismirt náisiúnta ar a dtugtar le Grand Dérangement nó an Gátar Mór.

Is sa 17ú haois a tháinig na hAcadiens go Ceanada nó an Nua-Fhrainc mar a tugadh ar an tír ag an am sin. Lonnaíodar ar chósta an Atlantaigh agus leanadar leis an saol a bhíodh acu tráth san Fhrainc, ag feirmeoireacht agus ag gabháil don iascaireacht mara.

READ MORE

D'éirigh go maith leo agus bhí caidreamh síochánta idir iad agus na Micmac, an treibh Indiach a bhí sa taobh sin tíre cheana.

Nuair a bhí ar an Fhrainc an Acadie a thabhairt do na Sasanaigh, d'éirigh saol na nAcadiens níos deacra. Measadh nach raibh siad dílis don rialtas nua agus chinn na Sasanaigh ar iad a dhíbirt as an tír ar fad. Cuireadh tús leis an bhfeachtas seo gan rabhadh i 1755.

Lá amháin tháinig na saighdiúirí dearga go dtí na sráidbhailte ar an gcósta, ghabh siad na daoine, agus chuireadar ar bhord loinge iad chun dul thar sáile. D'éirigh le cuid áirithe den phobal éalú go dtí an fásach agus bhíodar ar a gcoimeád ansin ar feadh na blianta ina dhiaidh.

Na daoine a gabhadh, cuireadh roinnt díobh ar ais go dtí an Fhrainc agus cuireadh cuid eile go dtí coilíneachtaí eile i Meiriceá. Ar deireadh, shrois cuid acu coilíneacht Fhrancach Louisiana. Lonnaigh na daoine ansin i bayous na Mississippi agus tá siad ann go fóill. Tugann lucht na Stát Aontaithe "Cajuns" orthu.Aithníonn tú go héasca go bhfuil blas Ceanadach ar a gcuid Fraincise.

An dream bocht a bhí ar a gcoimeád i gCeanada, d'éirigh leo tailte nua a fháil ar deireadh, go mórmhór i Nua-Bhrunswick agus sin dúchas na nAcadiens ó shin i leith.

Gabhann siad don iascaireacht agus don bhfeirmeoireacht mar a rinne riamh. Acadien is ea mo chol ceathar Jacques Duguay; tagann sé ó bhaile beag ar an gcósta ar a dtugtar Caraquet (fuaimnítear an "t").

Tá an saol chomh traidisiúnta ansin de réir dealraimh mar a bheadh i mbaile beag ar chósta na Briotáine nó na hÉireann. Tá stádas dátheangach oifigiúil speisialta ag Proibhinse Nua-Bhrunswick le fada.

Tá cumhacht áirithe polaitíochta ag na hAcadiens. Níl a dteanga ná a gcultúr i mbaol anois. Tá scríbhneoirí, ceoltóirí agus ealaíontóirí eile dá gcuid féin ag saothrú ina measc.

Ach níl dearmad déanta acu riamh ar an éagóir a rinneadh orthu i 1755. Seo an miotas násiúnta a thugann a bhféiniúlacht dóibh, níos mó fiú amháin ná Cromaill nó an Drochshaol in Éirinn.

Is minic a fheicfidh tú pictiúr mór den Grand Dérangement ar an bhalla sa chistin nó sa seomra suí i dteach cónaithe Acadach; na saighdiúirí dearga ag díbirt na ndaoine idir óg agus aosta thar sáile.

Shocraigh rialtas Cheanada ar deireadh rud éigin a dhéanamh chun an gníomh éagóra a aithint go hoifigiúil. D'fhógair siad "forógra ríoga" a eisiúint le cead choróin na Breataine ina n-aithnítear an éagóir a rinneadh ar na hAcadiens.

Tá ionadaithe an phobail sásta leis an aitheantas seo ach tá míshásamh ann go fóill i measc na ndaoine. Sampla maith de sin é Jacques. Deir sé liom gur beag a aird ar an scéal go léir. Dar leis, ní leor leithscéal chun éifeacht na héagóra úd a leigheas.

Is Ceanadach é Jacques agus glacann sé an tír mar atá sí agus an dátheangachas freisin. Ach ní bhacann sé le haon rud a bhaineann le coróin na Breataine. Deir sé liom nach gcaitheann sé poipín riamh ar 11ú Samhain, nuair a chuimhnítear i gCeanada ar an méid daoine a fuair bás ar son impireacht na Breataine sa dá chogadh dhomhanda.

Is cinnte go bhfuil seanéagóirí ann a rinne an méid sin oilc nach leigheasfar go deo iad. Tuigfidh muintir na hÉireann don méid sin, is dócha. Ach is breá liom pobal na nAcadiens a fheiceáil ag ceiliúradh ar 15ú Lúnasa agus a bhféiniúlacht, a dteanga agus a gcultúr níos láidre ná mar a bhí riamh - is cuma cén éagóir a rinneadh orthu beagnach 250 bliain ó shin.