Beocheist: Nár spéisiúil go deo iad liostaí san na ndaoine ar ar bhronn údaráis na gColáistí Ollscoile i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh céimeanna oinigh le déanaí?
Ar eagla go gceapfaí a mhalairt, abraim nach dóigh liom go raibh duine ar bith ar na liostaí sin nach raibh aitheantas tuillte aige nó aici as a fheabhas is a chruthaigh siad iad féin i mbun cibé gnó a bhí idir lámha acu.
Spreagann an nuacht ceist nó dhó gur fiú a chíoradh, áfach. Is cosúil nach mbronnann lucht na nOllscol céim oinigh is ísle ná "dochtúireacht" riamh.
An é, n'fheadar, go bhfuil a laghad sin measa ar a gcuid bunchéimeanna féin acu go bhfuil leisce orthu céim oinigh den ghrád san a thairiscint don té gur mhian leo a onórú, ar eagla go bhféachfadh sé uirthi mar mhasla agus go gcaithfeadh sé ar ais sa draid orthu é?
An gnáthdhuine go dteastaíonn uaidh céim bhunaidh san Ollscoil a bhaint amach, ní foláir dó treabhadh leis go foighneach trín mheánscoil, an imní is an éiginnteacht a fhulaingt faoi thorthaí na scrúdaithe - agus ansin blianta fada eile a chur isteach san Ollscoil féin lena chruthú gur fiú é go mbronnfaí an chéim air (í sin nach mór é meas na n-údarás féin uirthi, de réir dealraimh). Nach éasca i bhfad é an cosán atá le taisteal ag an gcéimí oinigh?
Ní hí sin romham an phríomhcheist a spreagann ceist seo na gcéimeanna oinigh , áfach, ach í seo - an luíonn sé le ciall nó le réasún in aon chor go mbeadh na Coláistí Ollscoile ag bronnadh céimeanna ar dhaoine as ucht éachtaí nach mbaineann go díreach le gnó na hOllscoile?
I ndeireach na dála, is institiúid um an léann í an Ollscoil agus is ceist le háireamh í ar chóir an chéim oinigh a choimeád ar leith dóibh siúd a dhéanann obair eisceachtúil sa léann céanna nó a chuireann ar shlí thábhachtach lena fhorbairt sa tír?
Rud eile a rith liom agus na liostaí úd á mbreathnú agam, ná nár bheag an baol atá ann go gceapfadh roinnt daoine gur chúis ghrinn ag cuid de na céimithe nua an gnó go léir is gur mhó acu an phoiblíocht is an "chraic" a bhain leis an ócáid ná an onóir a bhí á bronnadh orthu.
Ní dóigh liom go gcuirfeadh a leithéid sin mórán le stádas ná le dínit na hOllscoile ná, go deimhin, le seasamh na céime oinigh. Nílim á rá nár chóir aitheantas a thabhairt don té a dhéanann obair a chuireann lenár dtuairim dinn féin mar Éireannaigh, go háirithe gníomh atá ina chúis mhisnigh agus ina ábhar spreagtha don dream óg.
Ach tá amhras orm nach í an chéim oinigh ó Choláiste Ollscoile an tslí is fearr leis sin a dhéanamh i gcónaí. Bheadh sé i bhfad níos inmholta an t-aitheantas cuí a léiriú ar bhonn náisiúnta, go mbeadh sé soiléir go bhfuil an gradam á bhronnadh ag pobal mór na tíre agus iad ag gníomhú trína gcinnirí, tríd an Rialtas nó tríd an Uachtarán.
Cead ag na hOllscoileanna, ar ndóigh, leanúint leo le córas na gcéimeanna oinigh agus b'fhéidir gurbh fhearr an stádas a bheadh ag an gcéim ansin freisin.
Tá an dúshraith ann cheana féin - na duaiseanna a bhronntar ar "Mhuintir na Bliana" ("People of the Year Awards") - agus b'fhéidir go bhféadfaí tógáil air sin agus a réimse a leathnú.
Dob fhiú freisin, smaoineamh a dhéanamh ar an gcineál comhartha aitheantais a d'fhéadfaí a thabharfaí don té a thuillfeadh san. Nílimse mar dhuine tugtha do na boinn ná do na teastais, níos mó ná mar atáim tugtha do na céimeanna oinigh.
Ní mór í an tsamhlaíocht a bhaineann le haon cheann acu; tá siad seanchaite um an dtaca seo agus is mithid dúinn teacht ar rud éigin eile atá níos mó i dtiúin leis an aois ina mairimid.
Nach trua go deo é, mar shampla, nuair a bhí an "Spíce" á bheartú nár thapaíomar an deis leis an gcineál colúin a thógáil ar a bhféadfaí a n-ainmneacha san gur mhaith linn mór a dhéanamh díobh a bhreacadh de réir mar ba mhian linn?
Is uisce le sruth é sin anois, áfach, ach - mar shampla eile - cén bac a bheadh orainn ceapach éigin a chur ar fáil, sa phríomhchathair nó lasmuigh di, agus áiseanna ann le go bhféadfadh an "laoch" lorg a láimhe nó lorg a chos nó seoidín cuimhne eile dá leithéid a fhágáil san áit? Go deimhin, nach bhfuil nós gar go leor dó san á chleachtadh cheana féin áit éigin sna Stáit Aontaithe?
Agus níl amhras orm ach nár dhochar ach a mhalairt a dhéanfadh a leithéid sin don tionscal turasóireachta sa tír seo freisin. Cibé scéal é, tá an tsamhlaíocht ionainne Éireannaigh. Nach trua é nach dtugaimid cead a tola di níos minicí?