Cailleacha an tí-jeaib

Bhí tráth ann nuair a bhímis mórálach as airgead na hÉireann roimh theacht an euro

Bhí tráth ann nuair a bhímis mórálach as airgead na hÉireann roimh theacht an euro. Bhí rud éigin talmhaí ag baint leis. Muca agus capaill agus tairbh agus cearca inár bpóca againn.

Fairis sin, murab ionann agus stáit eile a chuir cloigeann an rí nó an deachtóra ar a mboinn, chuir siad seo ár gcuid polaiteoirí i gcuimhne dúinn. Bhí rud éigin buan ag baint leis na hainmhithe sin.

Bhí na nótaí ann chomh maith, bíodh is nach bhfaca an choitiantacht chomh minic sin iad seachas i scipéad an tsiopadóra. Má tá cuimhne ag duine ar bith anois orthu, is é cuimhne an nóta phuint é. B'é b'áille faoin nóta punt an pictiúr de Lady Lavery a bhí ag féachaint amach ort le cineáltas, ach a raibh miongháire an Mhona Lisa ar imeall a béil ag magadh fút. B'í Lady Lavery - in ainneoin an teidil ríogúil - aghaidh phoiblí na tíre. An dreach séimh, an rúndacht mheoin, an cúlra cilláirníúil laistiar di. Is é nach dtuigim nár luaigh duine ar bith riamh go raibh híjeaib Ioslamach á chaitheamh aici ar a ceann. Cheap gach duine gur Caitliceach deas dílis í, cailín deas crúite na mbó. Ach i gcaitheamh an ama, ba sceimhlitheoir faoi rún í.

Sceimhlitheoirí mar sin, leis, ba ea mná macánta Shráid Uí Mhórdha Bhaile Átha Cliath agus másairí maotha Ché an Ghuail i gCorcaigh. Scaif nó fallaing nó seál nó stráice léine a chaitheadh siad go léir ar a gceann go dtí gur tháinig seaimpú ar an margadh. Caipín a chaitheadh na fir, bíodh is nár samhlaíodh go raibh aon léamh sóisialta le déanamh air sin seachas an mhaolbhlagaid a chlúdach.

READ MORE

Is iontach an difear a dhéanann cúpla orlach sa saol, pé ar domhan é, agus is iontaí fós an suathadh a leanann ceirt bheag éadaigh nó ribí gruaige idir fhada agus ghairid. Sna 1960í díbrítí buachaillí as scoileanna toisc go raibh a gcuid gruaige rófhada. Díbrítear anois iad toisc go bhfuil sí róghearr. Mheastaí mná ina slapairí slíocacha toisc go raibh a gcuid sciortaí ró-scáinte, agus anois is geall le sceimhlitheoirí iad toisc go gcaitheann siad an iomarca. Is léir go bhfuil deacracht ag aigne na rialacha cúnga déileáil le gnáthshaoirse ghnáthdhaoine agus nach bhfuil de phrionsabail aici ach séideán gaoithe na huaire.

Tá saoirse cainte agus saoirse chaite éadaí faoi ionsaí in iarthar na hEorpa. Ní mór ná gurb ionann iad. Agus is astu siúd a leanann gach saoirse eile ar fiú dúinn iad a chosaint. Is taitneamhach thar meon an pléisiúr atá le baint as an aos soidintleachtúil ag iomrascáil agus ag cargáil le ceist seo an phrionsabail. Is iad atá chomh sleamhain leis na haingil ag sliodarnaigh ó cheann an bhioráin, leis an bpolaiteoir nach bhfeiceann gurb ionann eisimirce mhídhleathach na tíre seo chun na Stát Aontaithe agus inimirce mhídhleathach na gcrónchraicneach gorma chugainne, leis an áititheoir a mhaíonn go bhfuil sé barbartha daoine geala a mharú ina gcéadta ach go breá ar fad daoine tuáillechloigneacha a chur de dhroim an domhain ina gcéadta de mhílte.

Tuáillíchloigne ba ea formhór de mhná na hÉireann go dtí glúin ó shin. Bhí na sráideanna agus na scoileanna ag cur thar maoil le mná rialta sula raibh aon chaint ar mhná mírialta. A bhformhór mór díobh sin bhíodh naquib á chaitheamh acu ar shlí nach mbíodh le feiscint ach an béal beag agus na súile gan mhacalla. B'eagal leat a mbeadh i bhfolach laistiar dá gcuirtín. Claíomh na muice duibhe nó kalashnikov lánlódáilte. De ghnáth ní bhíodh ann ach leathar, bíodh nach raibh cead agat an focal sin a rá. Agus mar bharr air sin, bhí na cailleacha dubha de mhná rialta a raibh sciatháin ar a gcloigne acu. Eití ag gobadh amach mar a bheadh cluasa an phrionsa agus sceimhle do chraicinn ort dá séidfeadh an ghaoth go scuabfaí húis in airde iad ar nós Mary Poppins go dtí fear draíochta Oz.

In áiteanna san Ísiltír níl cead ag muintir de Búrca a gcuid éadaí a chaitheamh ar an tsráid, in Baden-Wurtemberg na Gearmáine ní féidir le múinteoirí scaif a chaitheamh sa rang, ach in Virginia na Stát Aontaithe tá sé in aghaidh an dlí go bhfeicfí imeall fo-éadaí ag gobadh aníos os cionn péire jeans. Is léir nach ionann an piúratánachas thoir agus thiar.

Is í an t-aon cheist atá le freagairt againn ná an bhfuil cead feasta ag bean dul ag snámh ina híjeaib, ina naquib nó ina búrca ag an forty-foot i mBaile Átha Cliath? Nárbh áille go mór iad ná cuid de na fir rónramhra a phlabann isteach ann ruanocht?