BEOCHEIST:Is cuimhin liom bheith le m'athair sa ghairdín. Ní raibh thar ocht mbliana agam. Go tobann ar sé: "He's not a bad fellow."
Bhreathnaigh mé i mo thimpeall féachaint an duine a bhí tagtha i ngan fhios dom. Thug m'athair faoi deara an mearbhall a bhí orm. "An lus sin," ar sé, "a bhfuil tú á scrúdú."
An slánlus (plantain sa Bhéarla) a bhí ann. Is amhlaidh a bhí m'athair ag glanadh píosa talaimh nár cuireadh spád ann le fada. Mhínigh sé dom nach mbíonn préamhacha ródhomhain faoin slánlus. An fód a iompú ar lá maith gréine agus b'fhurasta an planta feoite a scaradh ón chré tar éis tamaillín.
Ansin thaispeáin sé dom an planda a raibh sé ag caitheamh a dhua leis.
"Is diabhal eisean," ar sé,
Cineál féir a bhí ann, sreanganna fada láidre i bhfastó timpeall agus faoi rud ar bith a bhí sa bhealach. Is é "scutchgrass" a chuala mé ó m'athair. Tá foirmeacha eile Béarla ann. Broimfhéar a bhí ann.
Ba ghnách na plandaí ar a dtugtar go coitianta 'fiaile' a bhaint le dúthracht, le fuinneamh, agus uaireanta le huirlisí ar leith, sar a dtáinig an cine daonna ar an tuiscint gur le ceimic gan dua ba chóir an planda gan fáilte a mhilleadh.
Is beag a chuirtear san áireamh anois an díobháil a leanann úsáid bhuile na nimheán ceimice.
Ní léir an méid aimhleasa a dhéanann an ceimiceán. Is léir go ndíothaíonn sé an planda ar a mbíonn sé dírithe, ach ní fios go deo an méid plandaí eile, agus feithidí, agus éanacha a bhíonn thíos leis.
B'fhéidir gurb é an donas is mó a leanann é, nach gcuireann an sladaí le ceimiceán aithne mar is cóir ar lusra na mbánta agus na ngortanna.
An té a thochlaíonn le trealamh cumhachtach meicniúil agus a rialaíonn an fásra le foirmlí ceimice, ní móide go gcuirfidh sé aithne ar iontas agus ar éagsúlacht an dúlra.
An té a thugann faoi chothú plandaí áirithe agus faoi chiorrú plandaí áirithe trí oibriú a lámh agus a uirlisí láimhe, stopfaidh sé ó am go ham le linn a shaothair chun iontas a dhéanamh de phlanda éigin. Feicfidh sé mar a bhíonn piast áirithe, nó feithid áirithe, le fáil ar, nó faoi, phlanda áirithe.
Sonróidh sé plandaí bheith ag scaipeadh a síolta mar a bheadh as crann tabhaill, nó ar an ngaoith, nó iad ag brath ar ainmhithe agus ar éanlaith na síolta a bhreith leo ina mbolg nó greamaithe dá gcolainn.
Is dócha nach n-oireann an chaint seo don talamhaíocht tionsclaíoch. Mar sin, is maith an áit gairdín beag, gan a bheith róbheag, chun an aithne seo a chur ar an saol plandúil. Agus is gá am agus foighid a chaitheamh leis agus bheith i gcónaí ullamh don rud nua.
Is ar éigean atá áireamh anois ar shaibhreas éagsúlacht plandaí na gcatalóg siopa. Is minic ainmneacha na mbláthanna aduaine agus na dtoranna coimhthíocha ar bharr a dteanga ag daoine nach n-aithneodh an seamar ón samhadh coille, ná an coll ón chaorthann. Mar sin féin, is maith an t-eolas nua.
Maidir le haithint agus le heolas na gcrann tá foilseacháin mhaiseacha ar fáil saor in aisce ó The Tree Council of Ireland agus is mór is fiú iad a fháil: Our Trees(2000) sa 6ú clóbhualadh; Glimpses of Irish Forestry(John Mc Loughlin, Donal Magner, 2007).
Liostaíonn an dá fhoilseachán breis agus 20 leabhar le tuilleadh léitheoireachta a dhéanamh. Trua nach bhfuil oiread agus leabhar amháin Gaeilge ina measc, fiú Troscán na mBánta le Seán Tóibín(Rialtas na hÉireann 1967, 1973).
Tá an dá fhoilseachán lán de shaineolas i dtaobh na gcrann ó shaineolaithe agus beidh iontaoibh ag an ghnáthdhuine astu. Tá liosta úsáideach agus léarscáil faoin teideal "Trees and Places" in Glimpses ach tá earráid ann. Mar dhrochshampla: "Antrim : Aon Trim (sic) "elder (tree)". Éadroime céille ansin. Is é "droim" atá san ainm.
Is tábhachtach i gcónaí an cruinneas. An chéad uair dom i nGaillimh fadó chuaigh mé isteach i siopa beag i lár na cathrach.
"Cé mhéid ar an duileasc?" ar mé i nGaeilge le bean an tsiopa. "Níl duileasc agam," ar sí i nGaeilge nádúrtha.
"Tá duileasc san fhuinneog agat," ar mé agus eagla orm nár thaitin amaitéaraigh na teanga léi. Dul amú orm. "Creathnach í sin," ar sí. Bhí mé ag foghlaim.
Bainim mo dhuileasc agus mo chreathnach féin anois, agus carraigín agus sleabhac má bhualann an fonn mé.