Deviléire

Is cosúil gur moladh do De Valera coilíneacht Éireannach a bhunú sa tSúdáin go gairid sular thosnaigh an dara cogadh mór…

Is cosúil gur moladh do De Valera coilíneacht Éireannach a bhunú sa tSúdáin go gairid sular thosnaigh an dara cogadh mór.

Rúnaí ginearálta na Roinne Gnóthaí Eachtracha a dhein an moladh nuair a bhí sé ar cuaird sa tír sin sa bhliain 1938. Ní heol dúinn aon acmhainn grinn faoi leith a bheith ag an bhfear céanna, agus cé go bhfuil greann neamhthuairimeach go rábach ar fud na státseirbhíse, ní gnách é sin a léiriú in aon cháipéisí oifigiúla.

Ní deirtear linn cad a cheap Dev den smaoineamh, ach is fiú a thuairimiú cén sórt tíre a bheadh sa smut sin den tSúdáin sa chás is gur chuireamar ár gcuid caipíní glasa amach, gunna i láimh amháin acu agus Córú Fhianna Fáil sa cheann eile.

Tá de bhuntáiste ag coilíneacht gur féidir nithe a dhéanamh ann nach gcuimhneofá ar a dhéanamh sa bhaile. Is féidir tástáil a dhéanamh ar phleananna agus dul i mbun turgnamh gan saorphreas dod chiapadh agus vótaí a lorg ag doirse.

READ MORE

Bímis deimhin dár ndóigh gur tír rafar faoi bhláth a bheadh sa tSúdáin dá mbeimisne ina bun, agus go rachadh an tairbhe sin chun sochair dúinne ar ais.

Bheadh tithe ar fud an bhaill san áit nach raibh roimhe sin ach gaineamh agus mótarbhealaí ag pleancadh na hoidhreachta stairiúla nach raibh brabús ar bith le baint aisti. Bheadh tralaíos go tiubh sna hospidéil agus lucht a ndéanta ina milliúnaithe.

Ní bheadh na liostaí feithimh chomh fada sin, áfach, mar is amhlaidh go bhfaigheann daoine gorma san Afraic bás i bhfad níos óige ná Eorpaigh gheala, agus is deacair an dlí nádúrtha a athrú. Shábháilfeadh an ráta báis sin go leor airgid ar an státchiste.

Ní bheadh sé chomh furasta sin uisce a onnmhuiriú, ach is dearbh go bhféadfadh caipitlí Éireannach éigin deontas ramhar a fháil leis an scéim a thaighdeadh.

Sa chás is go n-éireodh leis bheadh an tSionainn taosctha mar a gealladh riamh; agus mura n-éireodh nár chuma.

Ní Fianna Fáil an t-aon dream amháin a bhainfeadh leas as, ar ndóigh. Nuair a bheadh Fine Gael in oifig - mar bíonn clúmh ar iasc uaireanta, agus muca ag eitilt - thiocfadh leo na scéimeanna sin a thriail atá á mbagairt acu le tamall.

Cé go mbeadh sé deacair dóibh cosc a chur ar húdaí a chaitheamh, mar bíonn a leithéid riachtanach mar chlúdach gréine, b'fhusa go mór na boot camps a bhunú. D'fhéadfaí iad a thriail leis na dúchasaigh ar dtús, agus bheadh de bhuntáiste go bhféadfaí slabhraí a chur orthu freisin.

Tá taithí ag daoine gorma ar na slabhraí céanna agus ní ghortódh sé chomh mór sin iad. Fairis sin ní chloisfí na liacha péine chomh fada sin ón mbaile.

Ina dhiaidh sin, d'fhéadfaí grá don Ghaeilge a theagasc in áit na teanga féin, agus is gairid go mbeadh sí leata ar fud na críche go léir.

Chaithfeadh foireann a bheith ag an gcoilíneacht i gcraobhacha na hÉireann, gan amhras. D'fhéadfaí an fhoireann peile a chur isteach le Connacht ar choinníoll go raibh amas cruinn ag duine amháin dá dtosaithe, ar a laghad.

Agus an fhoireann iomána a chur leis na Laighnigh ionas go mbeadh cluiche cothrom amháin ann uair sa bhliain.

Cá bhfios, b'fhéidir go bhfaighfí duine nó beirt don fhoireann sacar, leis, agus go mbeadh rith an ráis linn in aghaidh na Cipire, nó Lucsamburg, nó Andorra, nó dream éigin.

Is í an cheist mhór a bheadh ann, ar ndóigh, ná cad a thabharfaí ar an stát nua. Ní dócha go bhféadfaí "an t-oileán" a thabhairt air, ach ní bhaineann ciall i gcónaí le hainmniú áite.

Is deas mar a thug na Gaeil a d'imigh go hAlbain "AthFhódla" ar an áit a bhfuil Atholl air i mBéarla anois, ach ní móide go mbeadh glacadh leis sin, at all, at all.

D'oibreodh Paddystan ar leibhéal áirithe, ach níl sé san áit cheart, agus nuair a thabharfaí Paki ar Phádraig seans go gcothódh sé míthuiscint.

Fairis sin, d'fhéadfaí na fadhbanna go léir a leanann athruithe ar logainmneacha a réiteach thall. Bheadh ort cuid acu a dhúchasú, gan amhras, agus tá blas éigin ar Móinteach Mohammad agus ar Achadh Abdul ina dhiaidh sin. Ainm ar bith nach raibh muintir an bhaile abhus sásta leis d'fhéadfaí triail a bhaint as leagan éigin eile de ansiúd.

Sa chás sin, maidir leis An Daingean/Dingil/Daingean Uí Chúis, gheofaí Hussy's Dangle a thabhairt air agus a bheith réidh leis.

Sea, smaoineamh maith ba ea stát úd Deviléire nuair a chuimhneofá i gceart air.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar