Dul chun cinn fadálach le hatheagar seirbhísí nuachta

Míreanna: Dúirt ceannasaí nuachta nua RTÉ Kevin Bakhurst gur bheag dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis an atheagar a …

Míreanna:Dúirt ceannasaí nuachta nua RTÉ Kevin Bakhurst gur bheag dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis an atheagar a bhí beartaithe ag an gcraoltóir náisiúnta ar a sheirbhísí nuachta Gaeilge.

Agus é ag caint le foireann Nuacht TG4 an tseachtain seo caite, dúirt Bakhurst go raibh an t-atheagar “cosúil leis an gcéad chogadh domhanda” agus go raibh “gach duine sáinnithe sna trinsí agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh ag éinne”.

Bhí gá leis an bplean a chur i gcrích, a dúirt sé.

Leag sé béim ar leith ar an bplean maidir le seirbhís nuachta Gaeilge ar líne a fhorbairt.

READ MORE

Bhí an ceannasaí nuachta ar a chéad chuairt ar sheomra nuachta TG4 i mBaile na hAbhainn an tseachtain seo caite.

Stáisiún raidió Bhaile Átha Cliath ar ghearrliosta na ngradam

Tá stáisiún raidió Gaeilge Bhaile Átha Cliath, Raidió na Life, ainmnithe den chéad uair riamh ar ghearrliosta Ghradaim na Meán Ceilteach mar “Stáisiún Raidió na Bliana”. Dúirt bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, go raibh “ríméad orainn. Creidimid go léiríonn an t-ainmniúchán seo an seasamh uathúil atá ag Raidió na Life i meon an phobail anseo in Éirinn agus thar lear mar stáisiún raidió uirbeach Gaeilge atá i gcónaí ag iarraidh bealaí nua a aimsiú chun dul i gcion ar an phobal”.

Tá an stáisiún 20 bliain ar an aer agus dúirt Ó Fiannachta gurbh ábhar bróid é ag an fhoireann bheag go raibh an stáisiún luaite i measc na stáisiún mór raidió i dtíortha Ceilteacha eile.

Cearta teanga le plé

Conas “fáilte romhat go Baile Átha Cliath, a Choimisinéara” a rá i dteanga an phobail Ionúitigh ón réigiún Artach? a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Sin ceann de na coraí cainte a chaithfidh a bheith ar bharr a dteangan acu siúd a bheidh ag freastal ar chomhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga atá ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh na Bealtaine.

Deich mbliana ó shin a achtaíodh Acht Teanga an Stáit seo agus táthar ag súil go mbeidh gach Coimisinéir Teanga ar domhan i láthair ag an gcomhdháil. Tá sé deimhnithe cheana féin go mbeidh ionadaíocht ann ón bpobal Ionúiteach, ón gCosaiv, ó Cheanada, ón mBreatain Bheag, ón Albain, ón bhFionlainn, ón Afraic Theas agus ón gCatalóin.

Táthar ag súil chomh maith go mbunófar cumann idirnáisiúnta de choimisinéirí teanga mar thoradh ar an teacht le chéile. Déanfar plé ag an gcomhdháil ar ról an stáit agus an phobail maidir le cearta teanga agus déanfaidh na hionadaithe ó na tíortha éagsúla eolas a mhalartú faoina gcuid oibre.

Tá an chomhdháil á heagrú ag Oifig an Choimisnéara Teanga, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus Ollscoil Caerdydd sa Bhreatain Bheag.