Leaving Certificate Irish (higher level) - Páipéar 2 (Filíocht, Ceist 3 C. Dánta Dualgais Breise)
The question is from a páipéar samplach.
General Comments
Donncha Bán has not been examined before and this sample question is typical of the type of question set at higher level.
At higher level it is important to focus on the key words in the question. Only include relevant material in your answer - avoid "padding" your answer with unnecessary background information. Analytical answers will be rewarded, while answers based on a summary of the poem will merit few marks.
The poems are printed on the examination paper. Therefore, be sure to make use of them, by quoting from them, when answering a question.
Time your answers carefully and allocate more time to the parts of the question that merit higher marks. For example in this sample question, 20 marks are allocated to the first part of the question.
Always reread your answers carefully when you have completed the poetry section paying particular attention to grammar.
(i) Déan an dán Donncha Bán a mheas mar chaoineadh (20 marks).
(ii) Déan plé gairid ar phríomhmhothúcháin an dáin (7 marks).
(iii) Scríobh nóta ar dhá cheann de na meafair a úsáidtear sa dán (8 marks).
(i) Déan an dán Donncha Bán a mheas mar chaoineadh.
As there are 30 marks allocated for this question, it is likely that the examiner is looking for four fully developed points (4 x 4 = 16) with four marks for grammar.
Ceapadh gur cumadh an caoineadh seo am éigin san ochtú haois déag. Ó fhianaise an dáin is í deirfiúr Dhonncha Bháin a scríobh an dán, bean as Contae Mhaigh Eo b'fhéidir. Chum sí an caoineadh mar gur crochadh agus gur dícheannaíodh a deartháir toisc gur cuireadh ina leith gur ghadaí é. Tá tréithe an chaointe le feiceáil ó thús deireadh an dáin.
Sa chaoineadh is minic a fheictear mothúcháin atá domhain agus daonna. Is léir go raibh an-ghrá ag an deirfiúr do Dhonncha. Nuair a bhí an aisling aici faoi bhás a dearthár rith sí amach chomh tapa sin nach raibh an t-am aici í féin a ghléasadh i gceart agus thaistil sí ar feadh na hoíche.
Tá mé ag teacht ar feadh na hoíche,
mo bhrollach foscailte is mo ghruaig liom scaoilte
Discuss the deep human emotions and common motifs of the caoineadh
Cuireann sí an díomá agus an líonrith a mhothaigh sí in iúl leis an tagairt do na léimeanna.
Thug mise léim go bruach an locha
"s an dara léim go lár an droichid,
an tríú léim go bun na croiche
Refer to how the dead are highly praised
Go hiondúil sa chaoineadh moltar an duine marbh agus sa dán seo molann deirfiúr Dhonncha é go hard na spéire. De réir a dheirféar, buachaill é a bhain an-taitneamh as an saol agus a raibh tóir ag mná air. Bhí Donncha go maith ag an spórt, go háirithe ag an iománaíocht
's é a bhainfeadh an swing go binn as camán.
Bhí deirfiúr Dhonncha an-bhródúil as, cheap sí go raibh sé fíordhathúil agus go mbeadh saol eile aige dá mbeadh an deis aige:
na mná a bheith ag féachaint ar do chúl bán gruaige
"s tú a theacht abhaile mar mhac duine uasail.
Refer to the belief that the body could hear you until it was buried
Creideadh go raibh éisteacht ag an gcorp ar feadh tréimhse i ndiaidh a bháis, (go dtí gur cuireadh é) mar sin úsáidtear an dara pearsa sa chaoineadh. Labhair deirfiúr Dhonncha go díreach leis an gcorp agus léirigh an tréith seo chomh suaite is a bhí a mhuintir.
A Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis,
Sa chéad véarsa den chaoineadh seo feictear comhbhá an dúlra. Déanann an oíche agus an dúlra comhbhrón le deirfiúr Dhonncha. Toisc uafás an bháis tá an oíche féin ciúin. Bhí an aimsir go dubhach brónach agus go gruama i ndiaidh bháis Dhonncha
Discuss the use of pathetic fallacy - nature is sad
Nach ciúin is nach ciúin í an oíche
Ach nach ciúin arís iad mná do chaointe!
Refer to the curse on enemies
Mar is iondúil sna caointe, cuireann an deirfiúr mallacht ar naimhde Dhonncha. Guíonn sí drochrath ar Mhac Uí Mhaol Chróin. Cuireann sí an locht air as bás Dhonncha mar chuir sé ina leith gur ghadaí a bhí i nDonncha. Glaonn sí
a scúille an mhí-ádha air. Guíonn deifiúr Dhonncha go mbeidh clann Mhic Uí Mhaol Chróin scartha go deo agus nach mbeidh a iníonacha ag pósadh ach an oiread, an chinniúint atá ag Donncha agus aici féin anois.
A Mhic Uí Mhaol Chróin, ná raibh séan ort,
ná raibh d'iníon ag iarraidh spré ort,
ná raibh do chlann mhac i bhfochair a chéile -
Discuss the metre of the poem and the use of long broad vowel sounds to highlight sorrow and pain
Tá an dán bunaithe ar mheadaracht an amhráin mar go bhfuil an bhéim curtha ar na gutaí. Aithris ar mheadaracht an chaointe atá anseo ina mbíonn an chomhfhuaim chéanna ag deireadh gach líne. Tá na línte anseo fada, trom agus brónach ag léiríú an bhróin mór a mhothaigh an file.
Nach ciúin is nach ciúin í an oí che
ú í
ú íAch nach ciúin arís iad mná do chaointe!
á í
á íCeann an chláir folamh 's a lár lí onta
á í
á íAgus Donncha Bán 'na bhradán sínte.
(ii) Déan plé gairid ar phríomhmhothúcháin an dáin
Is iad brón, grá, aiféala, fearg agus díoltas na príomhmhothúcháin sa dán seo.
Part (ii) asks you to discuss briefly the main feelings/emotions in the poem
Tá brón ar an bhfile sa chaoineadh seo go bhfuil a deartháir uasal deas, Donncha Bán, marbh. Tá seomra an tórraimh ciúin agus tá na mná caointe ciúin, freisin "nach ciúin is nach ciúin í an oíche"
Bíonn trua againn di de bharr go bhfuil sí chomh brónach is atá. Tá sí chomh cráite sin 'is nár stop sí chun a gúna a dhúnadh ná a cuid gruaige a chíoradh:
"Mo bhrollach foscailte 's mo ghruaig liom scaoilte".
When you state an emotion always explain why that emotion exists and support your point by reference to the poem.
Úsáideann an file línte fada brónacha chun méid a bróin a chur in iúl. Dá bhrí sin, tá atmaisféar brónach cráite sa dán. Tá sí "cloíte" anois mar tá Donncha marbh. Bhí grá aici dó. Bhí sé "ina bhradán" agus "dílis... geal gléigeal". In your answer explain how the emotions develop as the poem progresses. Tá sí bródúil as a deartháir. Bhí sé go maith iománaíochta " 's é bhainfeadh an swing go binn as camán" agus bhí a chuid gruaige "bán". Tá aiféala uirthi nach raibh sé san áit ar chóir dó a bheith an oíche roimhe sin:
"Dá mbeifeá agamsa san áit ba chóir dhuit,
idir Caisleán an Bharraigh 'gus Baile an Róba"
Explain why the poet is angry
Tá fearg uirthi le Mac Uí Mhaol Chróin. Eisean ba chúis le bás Dhonncha Bháin. Tá díoltas ina croí aici dó mar guíonn sí drochrath air agus ar a chlann: Conclude with the final emotion expressed by the poet
"A Mhic Uí Mhaol Chróin, ná raibh séan ort,
ná raibh d'iníon ag iarraidh spré ort,
ná raibh do chlann mhac i bhfochair a chéile"
Ag deireadh an dáin, tá uaigneas uirthi. Tá Donncha Bán marbh agus tá tórramh in ionad bainise sa teach:
"Tá spré Dhonncha Bháin ag teacht abhaile
's ní ba ná caoirigh ná capaill
ach tobac is piopaí 's coinnle geala
is ní á mhaíomh é ar lucht a gcaite"
(iii) Scríobh nóta ar dhá cheann de na meafair a úsáidtear sa dán.
Part (iii) asks you to explain two of the metaphors used in the poem
I líne a 4, deir sí go bhfuil Donncha Bán "ina bhradán sínte". Molann sí a deartháir agus insíonn sí dúinn cé chomh macánta 'is a bhí Donncha. Tá sé cosúil le "bradán", sé sin go raibh sé cosúil le rí na n-iasc, agus é ina shárdhuine. Is meafa cliste é seo chun brón agus briseadh croí an fhile a chur in iúl dúinn.
You must also comment on how the metaphors are used to develop the poet's themes.
I líne a 30, deir an file nach "lao bó bradaí" a bhí ina deartháir. Ciallaíonn "lao bó bradaí", an lao a bheadh ag bó a bheadh ag briseadh isteach i bpáirceanna na gcomharsan agus ag déanamh damáiste ann. Ní raibh Donncha Bán mar sin. Fear uasal a bhí ann.