Danny O’Reilly, lead singer with The Coronas, Seachtain na Gaeilge ambassador
An dóigh leat go bhfuil stíl mhaireachtála sláintiúil agat?
Ceapaim nach bhfuilim ró-olc. Nuair a thosaigh muid ag taisteal cúpla bliain ó shin, bhí mé i bhfad níos measa. Bhínn ag ól tar éis gach ceolchoirm agus ag ithe mearbhia beagnach gach lá. An lá atá inniu, áfach, déanaim iarracht a bheith níos sláintiúla. Caithfidh mé é a dhéanamh chun caighdeán na gceolchoirmeacha a choimeád ag leibhéal ard agus chun mo cheann a choimeád glan chun amhráin a scríobh.
Cé chomh minic agus a dhéanann tú aclaíocht?
Cúpla uair in aghaidh na seachtaine.
Is breá liom GAA (Templeogue Synge Street is ainm don fhoireann lena n-imrím) agus téim chuig an gym más féidir liom.
An bhfaigheann tú do ‘cúig sa lá’?
Déanaim iarracht ach tá sé deacair agus muid ar an mbóthar ag taisteal leis an mbanna ceoil.
An mbíonn imní ort?
Ní bhíonn, i ndáiríre. Chomh fada agus atá aclaíocht éigin á déanamh agam, ní bhím buartha faoin mbia a bhíonn á ithe agam. Mura mbíonn aclaíocht á déanamh agam, bíonn mothú ciontachta orm faoin an iomarca a ithe – is breá liom bia.
Céard a dhéanann tú chun scíth a ligean?
Bím ag féachaint ar spórt, ag éisteach le ceol agus ag scríobh ceoil.
Céard é an nós is míshláintiúla atá agat?
Brioscaí! Ólaim a lán tae agus bheinn in ann paicéad brioscaí iomlán a ithe liom féin le gach cupán tae mura stopaim mé féin.
The Coronas play the Marquee in Cork on June 15th. Their album, Closer to You, is out now
Seachtain na Gaeilge runs from March 5th to 17th
In conversation with
JOANNE HUNT