Crobhingne: Is mór againn traidisiúin a athnuachan, blaiseadh den bhailíocht a shíleamar a bheith ann romhainn.
Is é cúis a bhfuil na cluichí oilimpeacha ar siúl sa Ghréig ná gurbh ann a thuismigh siad, agus gurbh ann a bhí na chéad chluichí nua ag deireadh an 19ú haois. Ach is cliste mar a roghnaímid na codanna sin den traidisiún a oireann dúinn féin de neart nóis.
Ba dhóigh liom riamh gur tuairim bhuile ba ea smaoineamh Gay Mitchell go dtabharfaí na cluichí céanna sin go hÉirinn; ach toisc go ndeir seisean é níor ghá go mbeadh sé botúnach ann féin. Deir siad gur dea-chomhartha é go dtagann malairt meoin chun duine nuair a athraíonn an fhianaise. Is í an fhianaise anois ná nach aon róghaisce a dhéanfaimid sa Ghréig i mbliana, agus ós rud é nach bhfuil cead againn drugaí a úsáid níos mó cá bhfuil a fhios ná go bhfuil chomh maith againn seift eile a tharraingt chugainn féin?
Ag méarnáil dom trí rialacha An Choiste Idirnáisiúnta Oilimpigh tugaim faoi deara go bhfuil cead ag tír na gcluichí a reáchtáil spórt nua amháin a thabhairt isteach. Chun féachana ar dtús, agus gach seans go ndéanfaí spórt oifigiúil de ar ball. B'shin faoi deara do na Seapánaigh an Iúdo a thabhairt isteach in Tóiceó in 1964. Dá n-imreoimís an cleas i gceart is mór an deis a bheadh againn dorn mór bonn ór a thuilleamh.
Tá fasaigh ann cheana do spórt agus caitheamh aimsire gur de spéis ár bplé iad gan sinn féin a bhac in aon chor. In 1904 in St Louis bhí rása an mhála acu i gcónaí agus tá taithí ag formhór de pháistí na tíre ar a leithéid ó lá spóirt na scoile, agus ag a dtuismitheoirí ar a bheith ag titim san abar. Fairis sin, ar ndóigh, tá scil faoi leith againn leis an mála donn páipéir, rud a dheimhneodh go bhfaighmis bonn de dhath éigin. Agus deir lucht sanasaíochta liom gur ón nGaeilge a thagann cul-de-sac, mar is i gcúil an tsaic thiar a bhíodh an féirín i gcónaí.
Ina fhochair sin, ag na cluichí céanna sin St Louis is i locháin uisce agus in aibhneacha modartha a dhéantaí an snámh. Smaoinigh ar a bhfuil de thaithí abhus i snámh bliantúil an Life, agus ar an seodra a bhailítear fan na slí.
Go deimhin féin, níor ghá oiread sin buillí snámha ag duine ach oiread. Bhí aithne agamsa ar dhuine tráth a dúirt gur shiúil sé an bealach go léir lena raibh d'ábhar breá substaintiúil blonagach bog faoina chosa san uisce. Ach scaoilimis na mioninste sin tharainn. B'fhurasta cabhair a lorg ó Chumann Feirmeoirí Éireann le leasú a dhéanamh ar an loch nó ar an linn roimh ré.
B'é an cíoná imeachta ar fad an bhliain chéanna sin ná na "cluichí antraipeolaíochta" nuair a chuirtí ruaIndiach bundúchasach neamhoilte nó piogmaí beag i gcomórtas le scoth na lúthchleasaithe Poncánacha. Chuir oschumas na ndaoine geala gliondar ar chroí an lucht féachana, ní foláir. Moladh é seo nár mhiste ar breacadh. D'fhéadfadh an tAire Mac an Daill go leor dá chuid teifeach agus lucht dídean a lorg ón tíorántacht a bhailiú le chéile, iad a chothú ar uisce agus arán (gan an iomad de, ar ndóigh) ar feadh achair, agus iad a chur amach in aghaidh foireann peile na Mí. Táim deimhnitheach go dtiocfadh ar a laghadh 80 faoin gcéad de mhuintir na hÉireann amach chun greann a bheith acu, agus ionas go mbraithfeadh siad níos fearr.
Bhí cleas an-mhaith ag na Sasanaigh, leis, nuair a tionóladh na cluichí i Londain sa bhliain 1908. Bhí an rí féin ina mholtóir aonair i gcuid de na comórtais! Feicim buachaillí Dhroim Conrach agus Bhaile Munna cheana féin ag réiteach lena gcuid capaillíní i gcomhair an "dressage" agus Parthalón ansin ina each tiarna breithiúna orthu go léir. D'fhéadfaí tóraíocht caorach sna sléibhte os cionn Neidín a shamhlú, leis, ach bhraithfeadh sé cé a bheadh ina Aire Spóirt.
Bhíodh barra réime san fhaicseanaíocht againn tráth, ach ní sinn an t-aon dream amháin atá go maith ar na bataí, ná ar an speil, ná ar an rámhainn, ná ar an gcas crom níos mó. Éirithe róbhog atáimid lenár gcuid bonn san dornáil.
Fágann san an iomáint, an cluiche is ealaíonta dá bhfuil againn. B'fhiú na cluichí a reáchtáil ar son é a thaispeáint don saol mór. Ach os ní é gur de mhuintir Chorcaí nó Chill Chainnigh formhór na foirne a bheadh ag Éirinn, ní móide go mbeadh sé cothrom ar gach duine eile faoi mhíbhuntáiste.
Is eagal liom go gcaithfear filleadh ar na drugaí.