Saoirse TG4 fógartha ag an Rialtas

D'fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go mbeadh stádas neamhspleách ag TG4 ó thús mhí Aibreáin 2007 - mar a tuaradh ar…

D'fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go mbeadh stádas neamhspleách ag TG4 ó thús mhí Aibreáin 2007 - mar a tuaradh ar an cholún seo roinnt seachtainí ó shin.

D'eisigh an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, preasráiteas i mBéarla Déardaoin seo caite, á rá: "TG4 is considered one of the great success stories of Irish broadcasting and has gone from strength to strength since its inception in 1996, and the station continues to win major national and international awards for its programming.

"I am delighted to be able to announce their impending independence as they celebrate the 10th anniversary of the birth of the station." Dúirt sé gur thacaigh sé leis an chás a rinne TG4 le maoiniú breise a fháil ionas go mbeadh an stáisiún ábalta cur le líon na gclár Gaeilge ar an sceideal agus gearradh siar ar ábhar athchraolta: "In recognition of the importance of these objectives and the positive progress made by TG4 I will be seeking extra funding for the station through the estimates process for 2007." Beidh teacht isteach fógraíochta ag an stáisiún fosta.

Chuir ulrabhraí de chuid TG4 fáilte roimh chinneadh an Rialtais. Bhí an stáisiún ag súil leis an phróiseas agus d'aithin siad an dúshlán a bhí rompu, a dúirt sé. Bheadh le feiceáil cén acmhainn a bheadh ag an stáisiún le tabhairt faoin dúshlán sin.

READ MORE

Dúirt Príomhstiúrthóir RTÉ agus Ceannasaí bunaithe TG4, Cathal Goan: "Ba cheann de sheirbhísí Ghrúpa RTÉ í Teilifis na Gaeilge ó ghlac an Rialtas an chéad chinneadh an tseirbhís a bhunú i 1994 agus is cuí anois, agus muid ag druidim le ceiliúradh deich mbliana ó chuaigh an tseirbhís ar an aer, go bhfuil cinneadh tógtha ag an Rialtas faoin bhealach atá amach roimpi.

"Le tamall de bhlianta anois tá béim nach beag leagtha ag RTÉ ar an tábhacht a bhain le cinneadh soiléir polasaí a dhaingneodh buaine agus maoiniú TG4. Tá an soláthar bliantúil clár Gaeilge (365 uair an chloig) a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 ina cuid lárnach de aschur na seirbhíse agus dá forás. Is ceart a aithint go bhfuil an clár laethúil Nuacht TG4 a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 mar ancaire don chlársceideal ... Tá rún ag RTÉ leanacht leis an tacaíocht sin agus guímid gach rath ar ár gcomhghleacaithe sa chéad chéim eile seo i bhforbairt na craoltóireachta teilifíse Gaeilge."

Thuig RTÉ, a dúirt sé, gurbh iomaí sin dúshlán a bhí roimh TG4 amach anseo mar a bhí: maoiniú, méadú ar líonna gclár nua Gaeilge; cosaint agus cothú an sciar den lucht féachana; ag cur le glacadh na seirbhíse agus ag aimsiú infheictheacht cheart i dTuaisceart Éireann agus aistriú iomlán go craoladh digiteach.