Taispeántas ealaíne le Robert Ballagh i mBéal Feirste

Míreanna: Osclófar taispeántas leis an ealaíontóir, Robert Ballagh, i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, seachtain …

Míreanna:Osclófar taispeántas leis an ealaíontóir, Robert Ballagh, i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, seachtain ón Aoine ag 7pm.

“Solidarity” is ainm don bhailiúchán agus cnuasach priontaí agus póstaer a bheas ann, ábhar a bheidh le ceannach fosta.

Beidh an bailiúchán nua seo, agus an t-airgead a dhéantar as, le bronnadh ar Ionad Pat Finucane sa Tuaisceart, ionad atá ainmnithe as dlíodóir Feirsteach a feallmharaíodh.

Beidh baintreach Finucane, Geraldine, i láthair chéad oíche an taispeántais le caint a thabhairt.

READ MORE

Bhain Ballagh clú agus cáil amach dó féin ó bhí a chéad taispeántas aige i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus beidh “Solidarity” ar siúl go dtí 18ú Aibreán.

Áras Inis Gluaire líon lán le himeachtaí ealaíne d’óg is aosta

Ní bheidh ganntanas ar bith imeachtaí i Maigh Eo le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Beidh ceolchoirm leis an amhránaí John Spillane san Óstán Talbhóid, Béal a’ Mhuirthead, ag 8pm Dé Céadaoin, 6ú Márta.

Bodach an Chóta Lachna, i gcomhpháirt le Fíbín Teo. agus Coláiste Chomáin, Ros Dumhach, a bheidh ar siúl in Áras Inis Gluaire, Déardaoin, 14ú Márta ag 8pm.

Déanfar Bronnadh na nDuaiseanna Comórtas Ealaíne na mBunscoileanna san áras Dé hAoine, 15ú Márta, ag 11am.

Beidh dráma dátheangach do pháistí, Tromluí Pinnochio/Pinnochio-A Nightmare, ar siúl acu Dé Luain, 18ú Márta, ag 8pm.

Eolas: www.arasinisgluaire.ienó 097-81079

'Ar scáth a chéile'

Is é “Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine: Éire sa 21ú haois idir indibhidiúlacht agus phobal” an teideal a bheas ar chomhdháil in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Seolfaidh an file Gréagóir Ó Dúill leabhar nua le Peadar Kirby – Tábhacht na Gaeilge i bhforbairt na tíre – oíche Aoine ag 7.30pm.

Tabharfaidh an tOllamh Michael Cronin féin príomhléacht na hoíche ina dhiaidh sin, “Tuireamh na hÉireann – cuntas nua do phobal nua?” ag 8.15pm.

Beidh sraith cainteanna ann Dé Sathairn ó 9.30am ar aghaidh. Labhróidh an Dr. Tom Healy, Institiúid Nevin, ar “Cé na luachanna le haghaidh cén fhís? Éire i 2050” ag 9.30am agus an Mme Magali Giovannangeli ar “Liberté, Égalité, Gratuité” ag 10.45am.

Beidh deis ag daoine ceisteanna a chur i ndiaidh na gcainteanna.

Labhróidh an scríbhneoir Liam Mac Cóil faoi “Ar scáth a chéile a mhaireann na focail”; an fear gnó Máirtín Hawkes ar “Ar scáth a chéile – fealsúnacht na ré nua”; an t-iriseoir John Waters ar “An ann do ‘muid’ a thuilleadh?” agus an tOllamh Kevin Scannell ar “Teangacha mionlaigh sa ré dhigiteach: tionchar na meán sóisialta”.

Eolas: eolas@fnag.ie