Veaindhearg agus scéal na hÉireann

Beocheist/Alan Desmond: Ó tháinig mé ar ais go hÉirinn le déanaí i ndiaidh ceithre bliana a thabhairt sa Pholainn, is í an cheist…

Beocheist/Alan Desmond:Ó tháinig mé ar ais go hÉirinn le déanaí i ndiaidh ceithre bliana a thabhairt sa Pholainn, is í an cheist is coitianta atá á cur orm ná an mbraithim uaim an tír mhór sin in oirthear an Aontais Eorpaigh ina bhfuil easpa oibrithe oilte faoi láthair toisc iad go léir bheith bailithe leo go hÉirinn.

Is é an freagra atá agam ar an gceist sin ná nach mbraithim uaim in aon chor an Pholainn. Ach tá cumha orm i ndiaidh na hÉireann a bhí ann nuair a thréig mé í ag Deireadh Fómhair 2003.

Thiar sna laethanta sona soineanta sin bhí móinéir chuanna chaomha chnocacha le feiceáil agam agus mé ag féachaint amach fuinneog mo sheomra leapa.

Níl aon athrú tagtha ar an bhfuinneog ná ar an seomra féin ón am sin ach dá laghad na hathruithe sa taobh istigh den seomra is ea is mó atá an athchuma ar an domhan lasmuigh den fhuinneog dulta i gcion orm.

READ MORE

Seachas tírdhreach ar chúis ardaithe mheanman é don té a thabharfadh spléachadh air ar maidin ghruama Luain is é atá le feiceáil agam anois nuair a éirím as an leaba ná díonta crochta na dtithe móra galánta a tógadh le linn dom bheith as baile is a mhilleann an radharc a bhí agam.

Ní amháin gur rudaí gránna iad na tithe seo i gcomparáid lena raibh de nádúr neamhthruaillithe ann rompu, ach seasann siad go sotalach ó mhaidin go faoithin mar a bheidís ag meabhrú dom aon uair a fhéachaim amach an fhuinneog nach inniu ná amárach ná arú amárach a bheidh ar mo chumas ceann díobh ná dá macasamhla in áiteanna eile a cheannach.

Is amhlaidh go mbeadh sé níos deacra orm teach breá fairsing a cheannach anois, nó fiú brocais bheag bhídeach, ná mar a bheadh sé ceithre bliana ó shin is mé díreach amach ón ollscoil.

Nach bhfuil sé sin rud beag bunoscionn le cúrsaí mar ba chóir dóibh a bheith? An mise a rinne an rud míchéillí nó an ar thomhaltóirí is ar gheilleagar na hÉireann is cóir an milleán a chur?

Chomh maith leis na tithe móra róchostasach a mhilleann an radharc orm tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na bhfeithiclí ar na bóithre is tá an chuma ar an scéal gur jíp mhillteach spiagaí é gach dara ceann díobh.

Géaraíonn sé seo ar an iarracht bheag de náire atá orm gur i seanveain dhearg faighte ar athláimh ó m'athair a bhím ag tiomáint timpeall.

Feictear dom go raibh veaineanna den saghas sin ag níos mó daoine i 2003 (agus iad go léir faigthe ag na tiománaithe ar athláimh óna n-aithreacha, gan amhras).

Is cinnte gur lú i bhfad an méid an SUVanna a bhí ann ag an am sin chun cur leis na fadhbanna tráchta.

Ní foláir nó go bhfuil roinnt mhaith úinéirí SUV ina gcónaí sna foirgnimh mhórthaibhseacha sin a bhfuil milleadh radhairc iontu agus ina fhianaise sin ní ionadh go bhfuiltear chun mótarbhealach leathan scriosach a rith trí m'áit dhúchais.

Bheinn féin sásta dá líonfaí isteach na linntreoga ach seans nach sásódh sé sin lucht na jípeanna. Caithfear an bonneagar a chur in oiriúint do thiománaithe SUVanna agus is ar éigean a rachadh dhá cheann de na rudaí bulcacha sin thar a chéile ar na lánaí cúnga tuaithe a dhéanadh an chúis sa cheantar ciúin seo a bhí suite go dtí seo go neamhurchóideach lasmuigh de chathair Chorcaí.

Ach is iomaí cor a chuireann an saol de laistigh de cheithre bliana ghearra agus más amuigh faoin tuath a bhí cónaí orm i 2003 ní fada eile go mbaistfear baile satailíte ar shráidbhaile seo an radhairc mhillte.

Ach ní hé an mhire tógála is an modh méadaithe feabhsaithe iompair an t-aon ní atá athraithe ó 2003. Tá difríochtaí le sonrú sna rudaí beaga, leis.

Ní féidir tiontú cúinne a chur díot ar shráid cathrach gan siopa sú a fheiceáil. Pé meascán súmhar a cheapfá féin de gach toradh is glasra a thugann an talamh dúinn is ea atá le fáil sna háiteanna seo.

Ní sna siopaí a óltar na deochanna, ar ndóigh, ach ar an tsráid as cupáin luchtmhara phlaisteacha agus Éireannaigh ina rith ar ais chun na hoifige le cinntiú go mbeifear in ann íoc as na hárais áille is na gluaisteáin gháifeacha.

An méid sin brú is deifre orthu gur ar thaobh na sráide a fhágtar roinnt mhaith de na cupáin phlaisteacha sin. Gné amháin den saol in Éirinn nach bhfuil aon athrú tagtha uirthi ó 2003.