Tuairisc bháis Rónán Mac Aodha Bhuí: Craoltóir agus iriseoir cumasach a bhí ina ghríosóir agus ina dhíograiseoir teanga agus cultúir

Le linn a shaoil, d’éirigh le Rónán Mac Aodha Bhuí gluaiseacht a bhunú a mbeidh a hoidhreacht le feiceáil againn ar feadh i bhfad i saol na Gaeilge

Rónán Mac Aodha Bhuí

Dáta Breithe: 6 Bealtaine 1970

Dáta báis: 19 Meán Fómhair 2023

Thug Rónán Mac Aodha Bhuí ardán agus spreagadh do cheoltóirí, d’ealaíontóirí agus do ghníomhairí teanga ó cheann ceann na tíre. Chuidigh sé le héiceachóras a chruthú agus a chothú ina raibh ceoltóirí agus éascaitheoirí pobail ábalta feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ag tabhairt uchtaigh agus muiníne dóibh a dteachtaireachtaí a phlé agus a chraobhscaoileadh agus a gcultúr a chleachtadh gan leisce, agus rinne sé é sin ar bhealach a bhí tuisceanach, uilechuimsitheach agus réabhlóideach.

Rugadh Rónán Mac Aodha Bhuí sa bhliain 1970 i gCorcaigh d’Eibhlín agus d’Fhionntán Mac Aodha Bhuí. Bhí sé ar an duine ab óige de naonúr clainne. Tógadh é i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair ón uair a bhog an teaghlach go Dún na nGall in 1973. Fuair sé scolaíocht ar bhunscoil an Bhuna Bhig agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Chuir Rónán tús lena shaol craoltóireachta ag obair go deonach ar stáisiúin raidió bhradacha i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall, a fhad agus a d’fhreastail sé ar chúrsa cumarsáide i gColáiste Dhúlaigh i gCúlóg le linn na 1980idí. Scríobh sé do na nuachtáin Ghaeilge Anois agus Lá agus don cholún ‘Beoscéalta’ san Irish Press sular tugadh isteach mar láithreoir teilifíse é le RTÉ ar chláir ar nós Scaoil Amach an Bobailín agus Ecu! Ecu! i dtús na 1990idí.

READ MORE

In 1993, bhunaigh Rónán agus a chairde An Ciorcal Craiceáilte, club sóisialta a bhí ag iarraidh ‘saol sóisialta d’ardchaighdeán a chur ar fáil do Ghaeil óga sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht’ agus bhíodh oícheanta sóisialta acu uair sa tseachtain. An bhliain chéanna, fuair sé post mar láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) ar an chlár Cois Life, áit a raibh a chumas mar iriseoir den chéad scoth le sonrú go soiléir.

In 1997, chinn Rónán pilleadh ar Ghaeltacht Ghaoth Dobhair le cónaí go buan ann i ndiaidh ainm a dhéanamh dó féin go náisiúnta, agus is ann a chuir sé tús leis an Chabaret Craiceáilte, ceolchoirm mhíosúil ina dtabharfadh sé cuireadh do cheoltóirí as gach cearn a theacht le seinm aige. San am seo, bhí a irischlár raidió Cúl an Tí, a chuir sé i láthair le Hughie Mac Gairbheith, faoi réim ar RnaG, clár nár sheachain ariamh conspóid agus iad ag plé le cúrsaí reatha.

Bhí tuairimí láidre ag Rónán nach raibh i gcónaí ag teacht le dearcadh údaráis RTÉ ach lean sé ag tacú leis an té a bhí faoi leatrom; thug sé tacaíocht do mhuintir na Palaistíne, Chúba, Thír na mBascach agus na Breataine Bige. Thacaigh sé le muintir Thuaisceart Éireann freisin dar ndóigh, agus le dream daoine ar bith a raibh cearta daonna, teanga nó cultúir á n-éileamh acu, agus is minic a thóg sé inspioráid uathu.

Ar na cláir cheoil An Taobh Tuathail, a tosaíodh in 1999, agus Géill Slí ina dhiaidh sin, a raibh lucht leanúna tiomanta acu agus a bhí ina ngluaiseachtaí astu féin, sheinnfeadh Rónán ceol as gach cearn den domhan chomh maith le hardán a thabhairt do cheoltóirí Gaelacha, ó cheol radacach nua-aimseartha go ceol traidisiúnta agus sean-nóis.

In 2006 a thosaigh Rónán ar an chlár ba mhó a bhain cáil amach dó, Rónán Beo, clár inar chíor sé cúrsaí an lae le haíonna speisialta agus inar thug sé guth do dhaoine ar fud an domhain a bhí ag plé le gnóthaí pobail.

Ach, ba sa phobal Ghaelach ba mhó a bhí croí agus spiorad Rónáin agus thug sé misneach don phobal sin i gcónaí, ag tacú le feachtais áirithe. Mar fhear an tí, bhí Rónán thar a bheith bríomhar spreagúil agus bhí grá agus meas as cuimse aige do phobal oileán Thoraí.

Bronnadh Craoltóir Raidió na Bliana ar Rónán ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2002, 2007, 2009, 2010 agus 2016. Bhuaigh sé Sraith Raidió na Bliana le Rónán Beo in 2010, 2011 agus 2015. Bronnadh Pearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach air in 2011 agus bhuaigh Rónán Beo Sraith Raidió na Bliana ag na PPI Radio Awards in 2012 agus in 2018.

In 2019, fuair Rónán an scéala go raibh ailse Staid 3 air. Throid sé an ailse go dúthrachtach agus níor thug sé isteach dó ariamh.

Cuimhneofar ar Rónán Mac Aodha Bhuí mar cheannródaí i saol na craoltóireachta Gaeilge, mar chrann taca do cheoltóirí agus do ghníomhaithe pobail, mar dhuine oscailte a bhí lán d’iontais an tsaoil, mar dhlúthchara ag Gaeil agus mar athair agus mar fhear céile grámhar ag Fionnuala agus ag Bernie.

Cuireadh Rónán Mac Aodha Bhuí i Reilig Mhachaire Gathlán i nGaoth Dobhair ar 22 Meán Fómhair 2023. Maireann a bhean Bernie agus a iníon Fionnuala, a dheirfiúracha Bríd, Ríona agus Colma, agus a dheartháireacha Cian, Iarla, Cuimín agus Barra.

Read the English language translation of this obituary.