DOMHANDU DEARFACH IN EIRINN

NOEL O MAOLCATHA,

NOEL O MAOLCATHA,

A chara, - Bhain mé an-taitneamh as an dá alt le Alan Titley (3ú agus 10ú Iúil) ag cur síos ar dhomhandúchán (b'fhearr liom an téarma sin ná "domhandú" ); is maith is mithid go ndéanfaí scagadh cuimsitheach air seo. Ach is gnáthach nuair a thagann tógra den tsaghas seo isteach sa díospóireacht laethúil go samhlaítear míniú diúltach leis an nóisean nua. Ní dhá san.

In éineacht le gluaiseachtaí eile tá dhá thaobh ag an mbóthar. Tá sé róshimplí díriú ar an difríocht idir an tuarastal a íoctar le fostaí sna tíortha forbartha agus an tríú domhan. Mar shampla, bhí ceannlíne eile ar an Irish Times le déanaí, "globalisation good for the poor"; an argóint a bhí ann, bunaithe ar staidéar a dhein an lár-Economic Policy Research, Londain, ná go bhfuil an tuarastal a íocann na hiolchomhlachtaí náisiúnacha "usually higher than local standards and that real wages have risen".

B'fhéidir go bhfuil an fhírinne sa seanfhocal "tosach maith leath na hoibre".

READ MORE

Nuair a thosaigh mise ag obair le SPS Technologies ar an tSionainn i 1960 bhí daoine éagsúla ag maíomh go raibh an tuarastal ró-íseal i gcomparáid leis na Meiriceánaigh - a bhí ag déanamh na hoibre céanna - agus i ngeall air sin nár cheart fáilte a chur roimhe.

De réir a chéile chúlaigh an bhearna. Tá SPS fós ann agus iad ag íoc airgid, ar a laghad, ar aon leibhéal leis na comrádaithe sna Stáit Aontaithe. Anuas air sin, d'fhoghlaim mé agus daoine eile scileanna bainistíochta den scoth, agus bhíomar in ann iad a scaipeadh amach timpeall na tíre ar mhaithe le cách.

Má tá aon ní le rá agamsa i dtaobh domhandúcháin, is é go mba cheart an bhéim a chur ar an tomhas "luach méadaithe" chomh maith leis an tomhas "brabús". Baineann brabús leis na scairshealbhóirí, ach baineann luach méadaithe le gach cuidshealbhóir, agus ós is as an luach méadaithe a íoctar gach neach, d'fhéadfaí súil a choiméad ar an roinnt, go mórmhór an chuid chun na mboc mór.

Má tá suim ag daoine tumadh isteach sa díospóireacht i dtaobh cultúir san Eoraip sa todhchaí, molaim go léifidís an tógra a chuir Breandán Ó Doibhlin os comhair an Fhóram Náisiúnta um an Eoraip le déanaí.

Gan dabht, ní mór dúinn go léir súil a choiméad ar ghluaiseacht an domhandúcháin ach gan neamhiontas a dhéanamh de na tuisí dearfacha. -

Is mise,

NOEL Ó MAOLCATHA, An tOllamh Cill Dalua, Co an Chláir.