Fine Gael agus An Ghaeilge

A chara, - Bhí ana-dhíomá orainn an ráiteas a rinne Enda Kenny maidir le Gaoluinn a athrú go hábhar roghnach don Ardteist a chloisint…

A chara, - Bhí ana-dhíomá orainn an ráiteas a rinne Enda Kenny maidir le Gaoluinn a athrú go hábhar roghnach don Ardteist a chloisint ar an Aoine 11 Samhain.

Mar mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar mhéan-mhúinteoireacht tré mhéan na Gaoluinne, is dóigh linn go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaoluinn mar ábhar éigeantach.

Ar dtúis, dúirt sé go raibh an Ghaoluinn i mbaol. Is ráiteas mí-chruinn é seo amach is amach.

Ar smaoinigh sé in aon chor fés na mílte duine óg a shiúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus iad ag lorg stádais oifigiúil don nGaoluinn san Aontas Eorpach? Ar smaoinigh sé ar na mílte duine a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí cearta sibhialta agus i mbunú na nGaelscoileanna? Ar smaoinigh sé riamh ar na mílte daltaí a fhreastalaíonn ar choláistí Gaoluinne i rith an tsamhraidh go bliantúil?

READ MORE

Ar ndóigh, tá sé léirithe age leithéidí TG4, Anocht FM, Foinse, Beo, Seachtain na Gaeilge, Aontas Mac Léinn in Éirinn agus na Cumainn Ghaelacha sna hOllscoileanna ná fuil an Ghaoluinn i mbaol.

Chomh maith leis sin, dúirt sé ná déanann na blianta ag foghlaim Gaoluinne maitheas do chaighdéan na ndaltaí. Tá sé seo fíor i mórán ábhar seachas an Ghaoluinn.Tar éis fágaint na scoile, cé mhéad daltaí a chuimhneodh ar: Cad iad na blianta a reachtáladh na billí Rialtas Dúchais? Cad í príomhchathair Peru? Cathain a n-úsáidtear "there, their & they're" sa Bhéarla? An ceart na hábhair éigeantacha eile a athrú go hábhair roghnacha má 'sea?

Inár dtuairim, dá n-éireodh leis an moladh seo, bheadh roinnt impleachtaí ann:

1. 'Sí an Ghaoluinn príomhtheanga na tíre agus bheadh ceist ann féna stádas sa Bhunreacht.

2.Mar mheán-mhúinteoirí, bheadh ár bpostanna i mbaol.

3.Bheadh an bua ages na "Kevin Myers" atá sa tír seo.

4.Chruthódh sé dí-mheas i leith na teangan.

Deirtear go bhfuil dearcadh diúltach age déagóirí i leith na Gaoluinne ach tá's age madraí an bhaile ná taitníonn an Ghaoluinn, Mata, Béarla agus an scoil go ginearálta le tromlach na ndaoine óga. 'Sé an leigheas is fearr ar an scéal ná na modhanna múinte agus curaclam a athrú in ionad bheith ag útamáil leis an dlí.

A Enda, a chara, smaoinigh ar an lá go mbeidh an seomra ranga Gaeilge folamh agus an caighdeán ar iarraidh. - Is sinne,

CRISTÍN NÍ NUANÁIN

(Galltacht);

TOMÁS ÓG Ó CÉILLEACHAIR

(Gaeltacht);

LIAM Ó RAGHALLAIGH

(Galltacht);

SIMONE BREATHNACH

(Galltacht);

Rang A.D.O. 2005 - 2006,

Ollscoil na hÉireann,

Gaillimh.

****

Madam, - If your angry correspondents read Enda Kenny's speech at the Fine Gael ardfheis they would see that he neither attacked the language revival nor even compulsory Irish. He quoted the report showing that the current methods of teaching Irish have failed to give students a full command of the language after 1,500 hours study. He seemed to suggest that compulsory teaching to Intermediate Certificate (1,000 hours?) could achieve fluency.

Ireland is a free country. After so much teaching, if the citizens want to use Irish as the language of the street and home no compulsion should be necessary. Rather, it would be hard to stop them. - Yours, etc,

L. SMITH,

The Elms,

Donnybrook,

Dublin 4.