Gan dóchas, gan dídean

A chara, – B’aoibhinn liom an t-alt “Gan dídean ná dóchas san ardchathair” le Ciarán Ó Cualáin a léamh san Irish Times (Dé Máirt…

A chara, – B'aoibhinn liom an t-alt "Gan dídean ná dóchas san ardchathair" le Ciarán Ó Cualáin a léamh san Irish Times(Dé Máirt, 31ú Márta). Cé nach raibh an t-ábhar a bhí á phlé aige aoibhinn ná pléisiúrtha – drochstaid ar dhaoine éagsúla inár bpríomhchathair san aois seo – ba cholún galánta é. Stíl reatha simplí a bhí ann; bá, trua agus meas an ailt a mheall mé chun é a léamh agus a chríochnú o bhun go barr. Beidh mé ag feitheamh go géar leis an chéad scéal eile uaidh. Maith thú, a Chiaráin. – Is mise,

LARRY Mc GUINNESS,

Bóthar Bhaile Rath Fearnáin,

Baile Átha Cliath 14.