Stadas na Gaeilge san AE

A chara, - Tar éis mhéadú na Bealtaine, beidh 20 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Ní áireofar Gaeilge

A chara, - Tar éis mhéadú na Bealtaine, beidh 20 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Ní áireofar Gaeilge. Leasófar dlí an AE (Rialachán Comhairle 1/1958) chun Eastóinis, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis, Seicis, Slóvacais, Ungáiris, Slóivéinis agus Máltais (a bhfuil c.380,000 cainteoirí aici ar nós na Gaeilge) a chur isteach.

1. Aistreofar dlíthe an Aontais agus doiciméid oifigiúla isteach sna teangacha oifigiúla nua. Ní foláir dlíthe a achtaíonn an tOireachtas achur amach i nGaeilge agus i mBéarla. Cé go gcuirtear dlíthe an AE i bhfeidhm go díreach in Éirinn, ní chaithfear iad (seachas conarthaí) a chur amach as Gaeilge.

2. Bíonn postanna in institiúidí an AE oscailte do shaoránaigh an Aontais a bhfuil 2 cheann (nó níos mó) de theangacha oifigiúla an AE acu. Fágtar an tÉireannach faoi mhíbhuntáiste mar ní thugtar Gaeilge san áireamh.

3. Fostóidh an tAontas 110 aistreoir breise agus 40 teangaire breise i gcomhair gach teanga oifigiúla nua. Dá mbeadh Gaeilge san áireamh, bheadh deiseanna fostaíochta ann dá réir d'Éireannaigh. Íocfadh ciste aistriúcháin an AE (a chosnaíonn €2 an duinefaoi láthair) as an gcúram sin agus ní foláir d'Éirinn íoc isteach sa chiste sin pé scéal é.

READ MORE

Tá an tAontas bunaithe ar éagsúlacht cultúir, rud a fhágann an t-ilteangachas ag croí-lár an Tionscnaimh Eorpaigh. Agus tionchar an Aontais ar ár saol laethúil ag méadú, is teanga faoi bhrú aon teanga a bheas dúnta amach ó ghnóthaí an AE agus ní féidir dul i mbannaí ar a bhfuil i ndán di.

Níor ghá gach uile cháipéis a aistriú go Gaeilge: Féadfaidh institiúidían AE a leagan síos ina gcuid rialacha féin cé acu teangacha oifigiúla a mbainfear leas astu i gcásanna áirithe (Rialachán Comhairle 1/1958, Airteagal 6). Ó lá go chéile, is iad gnáth-theangacha oibre Choimisiún na hEorpa, m.sh., ná Béarla, Fraincis agus úsáid na Gearmáinise ag méadú léi freisin. Freisin, baintear leas as teangacha "droichid" chun teangacha na náisiún beag a aistriú; m.sh. aistrítear Máiltis go Béarla agus ansin go Slóivéinis agus vice versa. Bheadh a leithéid de leagan amach oiriúnach don Ghaeilge.

Ní gá don Rialtas ach a iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den AE. - Is mise,

RÍSTEARD De TÁILBÓID, 15 Bóthar Daibhead, Bré, Co Chill Mhantáin.