Oidhreacht Eaglasta Chontae na Gaillimhe

Nach iomaí duine a fuair sólás ag déanamh Turas na Croise i séipéal éigin i gciúnas an lae

Fuinneog de chuid Harry Clarke, Séipéal Chríost Rí, Crois na Tulaí. Grianghraf: Dr Christy Cunniffe/CCG

FOCLÓIR: iomaí - many; áilleacht - beauty; gloine - glass; ailtireacht - architecture; dianghlasáil - lockdown; digiteach - digital; tionchar - influence; deastógáil - assumption; imfhálú - ring-fence.

Nach iomaí duine a fuair sólás ag déanamh Turas na Croise i séipéal éigin i gciúnas an lae. Nach iomaí duine freisin a fuair faoiseamh le linn seanmóra leadránaí ag déanamh iontas d’áilleacht na fuinneoige déanta as gloine dhaite ar chúl an altóra.

Seans go bhfuil na dathanna, na cruthanna agus an áilleacht a bhaineann lenár gcuid séipéal níos buaine in aigne go leor daoine ná aon cheo a chloiseadh ón altóir riamh. Tá an áilleacht sin i chuile shéipéal, beag nó mór, sean agus ársa nó nua-aoiseach, timpeall na tíre agus timpeall na cruinne.

Tá an ailtireacht agus na saothair éagsúla a bhaineann le formhór na séipéal sa dara chontae is mó sa tír faoi chaibidil sa leabhar “Treoir le Grianghraif ar Oidhreacht Eaglasta Chontae na Gaillimhe”, le Zena Hoctor agus an Dr Christy Cunniffe, agus atá foilsithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe. An chuideachta Europus, ar an gCeathrú Rua, a rinne í a aistriú go Gaeilge.

READ MORE

Ar an drochuair, ba i Márta na bliana seo caite, cúpla lá sular fógraíodh an chéad dianghlasáil, a seoladh an leabhar slachtmhar, dátheangach seo agus is le gairid atá sí curtha ar fáil don phobal saor in aisce i leabharlanna Chontae na Gaillimhe. Tá leagan digiteach dhi ar fáil chomh maith ar an suíomh galwaycommunityheritage.org.

Tá áilleacht agus eolas go leor idir na clúdaigh. Idir chinn Chaitliceacha agus chinn a bhaineann le hEaglais na hÉireann, tá 107 séipéal sa leabhar a bhfuil gnéithe éagsúla díobh luaite inti.

Gaillimheach ba ea Albert O’Toole a bhí oilte mar shiúinéir agus a chruthaigh, as adhmad, Turas na Croise sna séipéil i gCinn Mhara (i 1973) agus i nDroichead an Chláirín.

Ach is ó i bhfad is i gcéin a tháinig formhór na saor, na n-ealaíontóirí agus na gceardaithe a mhaisigh tithe pobail na Gaillimhe i gcaitheamh na mblianta. Ar dhuine acu, bhí Adam Kossowski, ealaíontóir as an bPolainn, a chuaigh go Sasana i 1943 mar dhídeanaí ó champa saothair Sóivéideach. Ag breathnú ar na painéil loma, ársa a chruthaigh Kossowski do Thuras na Croise i Seipéal Mhuire gan Smál i Maigh Cuilinn is deacair gan smaoineamh ar na campaí saothair sin.

An chuideachta Ghearmánach Mayer & Co a chruthaigh roinnt mhaith fuinneoga do shéipéil Chaitliceacha agus Phrotastúnacha i gCo na Gaillimhe i lár an 19ú haois. Ba Shasanaigh a bhí i roinnt eile de na ceardaithe agus ealaíontóirí a d’fhág a lorg ar oidhreacht eaglasta an chontae. Orthu siúd bhí an dealbhadóir leachtanna James Pearse, athair Phádraig agus Willie, a rugadh i Londain in 1839 agus chuaigh i mbun a cheirde i mBaile Átha Cliath thart ar an mbliain 1860. Ba é a chruthaigh an altóir mharmair bháin i Séipéal Mhuire gan Smál in Inis Meáin.

Ag tús an 20ú haois, tháinig borradh faoi líon na gceardaithe a bhí ag déanamh gloine dhaite in Éirinn. Bhunaigh Sarah Purser a stiúideo An Túr Gloine i mBaile Átha Cliath agus ba ann a rinneadh an ghloine atá ar fáil i bhfuinneoga le Evie Hone, Michael Healy, Sarah Purser féin agus ealaíontóirí eile i séipéil ar fud Chontae na Gaillimhe.

Ba é Harry Clarke an t-ealaíontóir gloine is mó cháil a tháinig chun cinn an t-am úd.

Cé go bhfuil fuinneoga go leor a chruthaigh a athair Joshua Clarke agus baill de Stiúideonna Clarke ar fáil i séipéil sa Chríoch, sa Chlochán, in Inis Meáin agus i roinnt mhaith áiteanna eile i gContae na Gaillimhe, níl fuinneoga le Harry Clarke féin ach ar fáil i fíorbheagán séipéil sa chontae. Orthu sin tá Séipéal Chríost Rí i gCrois na Tulaí i gConamara, Séipéal Mhichíl Naofa i mBéal Átha na Sluaighe agus Séipéal Phádraig Naofa i nGleann na Madadh áit a bhfuil fuinneog na Deasghabhála le Harry Clarke, a chosain £385 nuair a hordaíodh í in Iúil 1924.

Bhí tionchar ag Comhairle Vatacán II ar ailtireacht na séipéal a tógadh nó ar rinneadh athchóiriú orthu ó lár na 1960idí i leith agus cead ag an gceiliúraí breathnú i dtreo an phobail. Bhí baint mhór ag an ailtire Gaillimheach Simon J Kelly le dearadh roinnt de na séipéil sin agus is i gConamara atá cuid mhaith acu, Séipéal Mhuire Banríon gan Smál i mBearna agus Séipéal Bhantiarna Lourdes & Naomh Colm Cille i Leitir Móir ina measc.

Bleácliathach é an t-ealaíontóir ildánach George Walsh a bhfuil obair leis i séipéíl go leor ar fud Chontae na Gaillimhe. Tá fuinneoga gloine dhaite dá chuid i gCill Éinde sa Spidéal agus sna séipéil i dTír Nimhin agus i gCill Tartan. Agus tá Turas na Croise leis a rinneadh sna 1970idí agus sna 1980idí sna séipéil i mBaile an Mhuilinn, sa Ghráig, in Eanach Dhúin, in Órán Mór agus i mBaile an Chláír.

Ach tá daoine nach bhfuil an oiread sin cáil orthu nó atá imithe uilig as cuimhne na ndaoine ach a d’fhág a lorg fresin ar shéipéil na Gaillimhe. Tá grianghraif sa leabhar de phéire de Thuras na Croise a phéinteáladh go díreach ar bhallaí Sheipéal Bhantiarna Chnoc Mhuire i Leacach go luath sna 1970idí. De réir an leabhair, ní fios cé rinne iad agus, faraor, níl siad le feiceáil a thuilleadh ó rinneadh obair atógála ar an séipéal in 2017. Agus cé chruthaigh Turas na Croise i Séipéal na Deastógála i gCamus a bhfuil ceann álainn acu le feiceáil sa leabhar?

Ní gá go mbeadh creideamh ar bith agat le go gcuirfeadh an leabhar seo fonn ort dul ar chamchuairt ar shéipéil Chontae na Gaillimhe.

Nótaí

Agus cáinaisnéis eile romhainn tá na héilimh bhliantúla a dhéanann na heagrais á bhfógairt agus ní raibh aon mhoill ar Chonradh na Gaeilge éileamh ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe €23m de mhaoiniú breise a chur ar fáil mar chuid de Cháinaisnéis 2022.

Tá feachtas eolais eagraithe ag an eagras chun aird an phobail agus na bpolaiteoirí a dhíriú ar cheisteanna maoinithe roimh an cháinaisnéis don bhliain atá romhainn a sheolfar i mí Deireadh Fómhair. Cé gur thug an rialtas beagnach €18 milliún sa bhreis anuraidh, deir Conradh na Gaeilge gur gá go dtabharfaí cothrom na féinne d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Chun an cothromú sin a dhéanamh, bheadh gá le:

* €10 m sa bhreis do TG4.

* €8m sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta: chun tacú leis an bpleanáil teanga, cruthú fostaíochta de 1,637 post nua (le béim ar thionscadail a thacaíonn leis an bpleanáil teanga), tógáil teaghlach le Gaeilge, cúrsaí óige, coláistí samhraidh, na Comharchumainn Ghaeltachta, turasóireacht Gaeilge agus eile).

* €2.7 m sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge ó Rialtas na hÉireann dá bhuiséad líne.

Dar ndóigh, tá ceisteanna córasacha agus struchtúrtha éagórach ann i gcónaí a bhaineann le cearta teanga ar gá tabhairt fúthu le teannadh. Rud é sin atá léirithe i ngach réimse den státchóras agus cé go bhfuil géarghá leis an airgead i gcónaí, go dtí go mbronnfar cothrom na féinne ar chách mar cheart, ní bheidh sna pinginí ach cóiriú leighis sealadach. - ÉÓC