Oireachtas na Samhna: ‘rún thar a bheith speisialta’

Féile mhór na Gaeilge agus na Gaeltachta fillte ar Chill Airne i mbliana

Foclóir: Taibhealaíona – performing arts; imeachtaí - events; comhluadar - company; taibheoirí – artists; coimhdeach – ancillary; neart - plenty; comhaltaí - representatives; ar bís - excited; rún - secret; damhsóirí - dancers.

Táthar ag súil go bhfreastalóidh breis agus 8,500 duine ar imeachtaí Oireachtas na Samhna, mór fhéile na nGael agus na Gaeilge, i mbliana.

Reáchtálfar an tOireachtas i gCill Airne ó 2-6 Samhain agus beidh na céadta iomaitheoir rannpháirteach i 60 comórtas.

Ag pacáil boscaí agus ag ullmhú corn comórtais a bhí Louise Ní Dháibhéid, Príomhoifigeach Oibríochtaí an Oireachtais, nuair a labhair Tuarascáil léi faoi fhéile na bliana seo.

READ MORE

Mhínigh sí dúinn gur obair bhliana í an réiteach a dhéantar roimh ré agus go bhfuiltear faoi láthair ag cur barr slachta ar an obair sin.

“Tá gach duine ar bís le teacht ar ais agus a bheith ar ais le chéile. Tá muid ag súil go mór leis. Tá neart le déanamh ach tá muid ag dul tríd de réir a chéile,” a dúirt sí go díocasach.

Paindéim

Ar nós go leor eile, chuir an paindéim bac ar imeachtaí poiblí an Oireachtais le cúpla bliain anuas. Craoladh imeachtaí ar líne agus go fíorúil ina n-áit, ach dá fheabhas é níorbh ionann é agus bheith i láthair go fírinneach. Seo é an chéad uair ó 2019 go dtiocfaidh daoine le chéile i bpearsan don ócáid is tábhachtaí i bhféilire na nGael.

Agus is léir, le linn na paindéime gur airigh daoine uathu cairdeas, comhluadar agus cuideachta na féile.

“Tá go leor atá ráite agus cloiste againn faoin gcairdeas agus an comhluadar a chruthaíonn an fhéile,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Deir go leor daoine nach bhfeiceann siad a chéile ó bhliain go bliain nó go dtagann siad ar ais chuig an Oireachtas,” a dúirt sí.

Tá sé 125 bliain ó reáchtáladh an chéad Oireachtas i mBaile Átha Cliath in 1897. Ach cé go bhfuil go leor athruithe sa saol ó shin, tá feith shaibhir an chultúir fós á cothú agus ar taispeáint go bliantúil sna comórtais iomráiteacha seo.

“Tugann sé ardán d’mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta chun na taibhealaíona a chur chun cinn,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Deis a bhíonn ann chun ealaíontóirí agus taibheoirí a chur amach os comhair an domhain mhóir – na hamhránaithe, na damhsóirí, na scéalaithe – aon duine a bhíonn ag plé leis na healaíona teangabhunaithe,” a dúirt sí.

“Bíonn láthair na féile ina chineál campas Gaeltachta ar feadh ceithre lá, rud nach dtarlaíonn le féile ar bith eile,” a dúirt sí.

“Is trí Ghaeilge go huile is go hiomlán a reáchtáiltear an fhéile.”

“Tugann sé deis do dhaoine canúintí éagsúla, stíleanna ceoil, agus stíleanna amhránaíochta éagsúla ó na ceantair Ghaeltachta ar fad a chloisteáil.

Sean aithne

Tá sean aithne agus eolas ag muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Oireachtas dar ndóigh. Beidh 697 iomaitheoir rannpháirteach i mbliana. Ar an mbonn sin amháin tá sé ar cheann de mhór fhéilte ealaíona na tíre.

Ach mar sin féin, ní fheicfear mórán tagairtí ná tuairiscí faoi na himeachtaí sna mórmheáin Bhéarla.

“Táimid thar a bheith dílis do na daoine a tháinig romhainn, na daoine a bhunaigh an tOireachtas. Féile go hiomlán trí Ghaeilge atá ann,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Déantar iarracht freisin dul i bhfeidhm ar shaol an Bhéarla agus a chur in iúl go bhfuil muid ann, go bhfuil muid beo, agus an scéal a scaipeadh,” a dúirt sí.

“Éiríonn linn aird a fháil anseo agus ansiúd agus ní éiríonn linn uaireanta eile. Is cinnte gur rún thar a bheith speisialta do phobal na Gaeilge é!

“Déanann sé sin an fhéile níos speisialta, sílim. Tá an oiread sin féilte ag freastal ar an mórphobal - seo féile atá ag freastal go huile is go hiomlán ar mhuintir na Gaeilge agus ar mhuintir na Gaeltachta.”

Tá sé tuillte go maith ag na daoine atá ag saothrú agus ag cosaint na Gaeilge go gceiliúrfaí a gcuid oibre.

“Tá muid thar a bheith cosantach faoi sin,” a dúirt Ní Dháibhéid.

“Tá muid ag ceiliúradh 125 bliain i mbliana agus níor athraigh [an tOireachtas] le 125 bliain i ndáiríre, seachas gur éirigh an Ghaeilge níos láidre ná mar a bhí sna blianta tosaigh inar reáchtáladh é.”

Saibhreas

Déantar caomhnú tríd an Oireachtas ar ghnéithe de chultúr dúchasach na hÉireann a bhfuil dearmad déanta ag go leor orthu sa mórphobal.

Ach deirtear nach féidir sean-nós a bhriseadh, agus b’fhéidir gur léiriú ar sin é féile an Oireachtais, mar a dtugtar ardán do chuid de na gnéithe is bisiúla de thraidisiúin bhéil phobal na Gaeilge.

Tá ardmheas dar ndóigh ar Chorn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais, agus bíonn an-tóir air ag an lucht féachana chuile bhliain.

I measc na n-imeachtaí eile beidh comórtais damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte, scoraíocht, aithriseoireacht, lúibíní agus go leor eile.

Comhartha dearfach é freisin go bhfeictear saothar nua-chumtha gach bliain.

Cé go gcabhraíonn sé má bhuaitear duais, cuireann go leor iomaitheoirí isteach ar na comórtais le bheith rannpháirteach agus le foghlaim óna chéile.

Mar a deir Ní Dháibhéid, is minic go gcuireann na hiomaitheoirí agus na healaíontóirí “an sprioc agus an dúshlán " rompu féin “rud éigin nua a scríobh, a fhoghlaim, rud éigin a chleachtadh, teacht le chéile le cara le hagallamh beirte a scríobh agus craic agus sult a bhaint as chomh maith.”

“Is cinnte go bhfuil sé sin ar fad ag cur leis an stór staire agus an stór ealaíne atá á chruthú,” a dúirt sí.

Mar is minic ag aon mhór ócáid eile mar é, beidh léachtaí, seimineáir agus ceardlainn á reáchtáil freisin.

“Tá suas le 160 imeacht beartaithe thar cheithre lá idir chomórtais agus na seimineáir,” a dúirt Ní Dháibhéid.

Club na féile

Más é bhunaidhm an Oireachtais na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chur chun cinn, cruthaítear atmaisféar tríd na hoibre sin le seisiúin agus ceolchoirmeacha a chuireann go mór leis an ócáid.

Beidh oíche mhór ceoil ar oíche Déardaoin nuair a chuirfear An Cosán Draíochta, mórshaothar nua ceoil le Johnny Óg Connolly i láthair in ómós dá athair an mháistir-bhoscadóir Johnny Connolly (Johnny Phádraic Phiotar).

Ar cheann de na himeachtaí is mó clú tá Club na Féile. Tá cáil nach beag ar an oíche mhór cheoil agus dhamhsa seo a reáchtáiltear gach bliain ar an Satharn. Tá banna cheoil traidisiúnta Pólca 4 [Pádraig Ó Sé, Robbie Harris, Jeremy Spencer, Daire Bracken agus Gary O’Brien] le casadh ag an ócáid arís i mbliana.

“Tá siad mar a bheadh banna ceoil an Oireachtais ag an bpointe seo. Ní bheadh an tOireachtas mar a chéile gan iad!” a dúirt Ní Dháibhéid.

Beidh céilí ollmhór ann mar chuid den oíche agus beidh thart ar 4,000 duine faoin aon díon amháin san INEC (amharclann Óstán Gleneagle) i gCill Áirne don ócáid.

“Bíonn sé plódaithe agus gach duine ag Gaeilgeoireacht, gach duine ag damhsa agus ag baint sult agus spraoi as an gceol,” a dúirt Ní Dháibhéid.

• Dóibh siúd nach féidir leo a bheith i láthair beidh na mórchomórtais á gcraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ón láthair ón gCéadaoin ar aghaidh. Breis eolais rnag.ie. Beidh TG4, Raidió Fáilte, Raidió na Life, BBC Gaeilge agus RTÉ Radió 1 i láthair freisin. Gach eolas faoin gclár agus faoi thicéid le fáil ar shuíomh an Oireachtais ag antoireachtas.ie.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.