Gaelcholáiste Mhaigh Eo – an lúb ar lár

Níl rogha do scoláirí ar mian leo leanacht leis an oideachas trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal

Foclóir: Tumoideachas – immersive education; córas – system; dátheangachas – bilingualism; Pléimeannais – Flemish; éagothroime – unfairness/inequality; dóthain – enough; fál go haer - impossible to overcome; ar thús cadhnaíochta - to the fore.

Bhí Pádraig Mac Piarais ar dhuine de na daoine ba thúisce a chuir spéis sa tumoideachas Gaeilge.

Bhí a fhios aige, ar ndóigh, nár cruthaíodh an córas oideachais a bhí in Éirinn ag an am le bheith ag freastal ar riachtanais shainiúla óige na tíre. Thuig sé go gcaithfí córas nua a chruthú a bheadh in oiriúint do chúinsí náisiúnta agus do chomhthéacsanna sochtheangeolaíocha an oideachais.

Chuaigh sé go dtí an Bheilg sa bhliain 1905 chun eolas a fháil ar chóras oideachais a bhí ag iarraidh a bheith ag freastal ar an dátheangachas sa phobal agus thug sé cuairt ar 30 scoil ina raibh an Fhraincis agus an Phléimeannais in úsáid.

READ MORE

Nuair a d’fhill sé ar Éirinn scríobh sé sa Chlaidheamh Soluis faoin gcóras dátheangach agus chuir sé cuid den mhéid a d’fhoghlaim sé i bhfeidhm roinnt blianta níos déanaí nuair a bhunaigh sé Scoil Éanna agus Scoil Íte.

Cé gur iomaí feabhas agus athrú dearfach a tháinig ar chúrsaí oideachais ó shin, is minic fós go mbíonn ar an bpobal streachailt leis an stát chun soláthar oideachais chuí trí mheán na Gaeilge a fháil.

I Maigh Eo, is i gCaisleán an Bharraigh atá an feachtas is déanaí á reáchtáil.

Cé go bhfuil ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge ag feidhmiú sa cheantar (ar a bhfuil thart ar 680 dalta ag freastal i láthair na huaire) níl soláthar ar bith lán-Ghaeilge ann ag an dara leibhéal.

I mí Feabhra, 2020, shocraigh beirt tuismitheoirí – Frainc Ó Clochartaigh agus Emer Mayock – go raibh sé in am “dúiseacht” agus an éagothroime seo a chur ina ceart. Tionóladh cruinniú poiblí leis an cheist a phlé agus cuireadh tús leis an bhfeachtasaíocht.

“Thug an cruinniú sin muinín dúinn,” a dúirt Ó Clochartaigh le Tuarascáil.

“D’fhreastail cuid mhaith daoine as Caisleán an Bharraigh, as Cathair na Mart, agus as áiteanna eile i gCo Mhaigh Eo ar an gcruinniú,” a dúirt sé.

“Chuaigh muid chun cainte leis an bhForas Pátrúnachta, Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus le dreamanna eile atá bainteach leis an teanga,” a dúirt sé.

Idir Chathair na Mart agus Chaisleán an Bharraigh amháin tá “beagnach 500 dalta” ag fáil bunscolaíocht trí mheán na Gaeilge. Níl “aon rogha” ag na scoláirí sin leanacht leis an oideachas trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal, a dúirt sé.

De réir figiúirí ón Roinn Oideachais ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, d’aistrigh 97.8 faoin gcéad de na daltaí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Ghaeilge sa chontae go scoil Bhéarla in 2020. Ní ábhar maíte don Roinn é sin, agus ní fianaise é i gcoinne an tumoideachais ach an oiread.

Cé go bhfuil sprioc fhadbhunaithe ag an stát go mbeadh an deis ar fáil do dhaltaí na tíre ar oideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú, is minic na rialacha reatha do bhunú scoileanna nua lán-Ghaeilge a bheith ina bhfál go haer. Go hiondúil ceadaítear scoil nua nuair a chinneann An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn sa Roinn Oideachais nach bhfuil dóthain spásanna i scoileanna áitiúla le freastal ar phobal an cheantair.

Tugtar cead an scoil nua a reáchtáil don phátrún is mó a fhaigheann tacaíocht ó thuismitheoirí reatha an cheantair. Toisc gur mionlach iad pobal na Gaeilge, socraíonn sin nach iondúil gur Gaelscoil a bhunaítear.

Deir Ó Clochartaigh go bhfuil gá le “athrú meoin” ag na húdaráis chun go ndéanfar freastal ceart ar riachtanais an phobail.

“Caithfidh go raibh a fhios ag an Roinn go mbeadh an t-éileamh seo ag teacht. Ach, fós féin, níl córas ann dúinne chun scoil a thosú taobh amuigh de limistéar na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Léiriú lom é sin ar an bpráinn atá leis an bpolasaí nua atá le forbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Fostaíocht

Tá deireadh tagtha leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach agus dá bharr sin tá éileamh mór ar chéimithe le Gaeilge. Anuas air sin tá sprioc ag an stát go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaithe nua sa státseirbhís inniúil ar an nGaeilge faoi 2030. Ní fhreastalófar ar na héilimh nua sin go deo gan méadú mór ar an líon daoine a bhfuil oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge faighte acu. Shilfeá go mbeadh an Roinn Oideachais ar thús cadhnaíochta ag soláthar dó sin.

Deir Ó Clochartaigh go bhfuil an lúb sin ar lár sa chóras agus gur gá dul i ngleic leis. “Tá an-chuid daoine ag teastáil chun dul ag obair san Eoraip ach tá go leor folúntas nach bhfuil á líonadh mar nach bhfuil [dóthain] daoine ag teacht ó na hollscoileanna,” a dúirt sé.

“Ag an bpointe seo fágann na daltaí na bunscoileanna Gaeilge, ní bhíonn soláthar dóibh ag an dara leibhéal agus bíonn [na deiseanna fostaíochta sin] caillte.”

Níl “aon chiall” leis go mbeadh an “leanúnachas oideachais” ón chéad go dtí an dara leibhéal ar lár, dar leis.

“Is easnamh mór é sin,” a dúirt sé.

Gaelcholáiste Mhaigh Eo

Chun aghaidh a thabhairt ar an teip seo, tá sé beartaithe go mbeidh an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus caidrimh sa Ghaelcholáiste nua.

Tá suíomhanna feiliúnacha i gCaisleán an Bharraigh ar intinn ag an gcoiste scoile agus tá múinteoirí tar éis spéis a léiriú.

“Is féidir a rá go bhfuil an-chuid suime léirithe ag múinteoirí, rud a thugann muinín do na tuismitheoirí.”

Tá sé beartaithe go mbeidh fealsúnacht ar leith ag an scoil ina gcuirfear béim ar fhorbairt na ndaltaí “chun [cur] lena láidreachtaí aonair agus raon leathan scileanna a fhorbairt.”

“Cuirfear iarratas oifigiúil isteach chuig an Roinn Oideachais agus tá muid ag súil go ndéanfar sin roimh shaoire na Cásca,” a dúirt Ó Clochartaigh.

“Beidh muid in ann an t-éileamh atá sa cheantar a thaispeáint san iarratas - tá muid ag caint le daoine le trí bliana anuas agus tá an t-éileamh sin ann,” a dúirt sé.

Ba mhór an t-ábhar dóchais iad na scoileanna lán-Ghaeilge i saol na Gaeilge ó ré an Phiarsaigh i leith.

Bunaíodh a bhformhór de bharr rannpháirtíocht na dtuismitheoirí áitiúla – go minic gan tacaíocht ná cabhair ar bith ó na húdaráis. Léiriú a bhí ann go raibh pobal na Gaeilge dáiríre faoin teanga sa chóras oideachais. Tá an spiorad céanna beo i gCaisleán an Bharraigh de réir dealraimh. “Is fiú a bheith ag troid ar son rudaí mar seo,” a dúirt Ó Clochartaigh.

“Tá an-chuid dul chun cinn déanta ag lucht an cheoil i gCaisleán an Bharraigh agus i gCathair na Mart,” a dúirt sé.

“Tá sé le feiceáil. Tá athbheochan cheart ceoil faoi lán seoil, ach níl an teanga ag teacht ar ais chomh sciobtha céanna,” a dúirt sé.

“Beidh bunchloch cheart agus forbairt cheart sa phobal [leis an scoil nua ar an bhfód] agus beidh níos mó daoine in ann Gaeilge a labhairt sa cheantar,” a dúirt sé.

“Caithfimid na háiseanna oideachais a fhorbairt. Sin é an bealach chun é seo a dhéanamh.”

* Reáchtálfar oíche eolais in Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh, ag a 7in ar 22 Feabhra. Breis Eolais: gaelcholaiste.mhaigheo@gmail.com nó 094 902 3733.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.