Smaointe i seomra codlata John Lennon

Tá an teach athfheistithe ag Taisce na Breataine chun an foirgneamh a athchruthú go baileach mar a bhí sa bhliain 1955

Foclóir: Athfheistithe – restored; measartha – modest; cnaganna – hits; sméid – winked; píopa taosctha – drainpipe; frithchaitheamh fuaime – reverb; cófra tarraiceáin - chest of drawers; réamhchogaidh -pre-war; callaire - loudspeaker/tannoy; sárshaothar – masterpiece; clár stiallóg – fretboard; diabhlaíocht – mischief.

’Sé an chéad rud a thugann tú faoi deara mar gheall ar 20 Forthlin Road, an teach mar ar bhog Paul McCartney agus a dheartháir Mike isteach ann i lár na gCaogaidí, ná chomh beag measartha is atá an foirgneamh sraithe dearg-bríce.

Tá an teach athfheistithe ag Taisce na Breataine chun an foirgneamh a athchruthú go baileach mar a bhí sa bhliain 1955 nuair a bhí Paul sa mheánscoil agus John Lennon ag teacht ar cuairt ag cleachtadh na n-amhrán siúd a bheadh ina gcnaganna ag na Beatles níos déanaí.

Tá cistin bheag ann lena hurlár líonóile, an seomra bia lena pháipéar balla ó na Caogaidí agus sean-teileafón dubh ann, agus an seomra suite céanna mar ar shuigh John agus Paul ag strumáil ar a ngiotáir agus ag breacadh síos focal a gcéad amhrán. Tá pianó ann freisin – cé nach é an bunghléas é – ar a mhúin athair Paul dó conas ceol a sheinnt. Ós leantóir dílis Beatles mé, ní thiocfadh liom gan cordaí tosaigh an amhráin iomráitigh ‘Let it Be’ a sheinnt air, fad is a sméid an treoraí turais orm.

READ MORE

Tá seomra codlata Paul an-bheag bídeach, é suite os cionn choláiste traenála na bpóilíní. Tá sé deacair a chreidiúint gur cumadh ‘When I’m Sixtyfour’ agus ‘I Saw Her Standing There,’ sa teach beag seo. Sa chúlghairdín beag chonaiceamar an píopa taosctha a dhreapadh Paul chun fuinneog an tseomra folctha a aimsiú nuair a bhíodh dearmad déanta aige ar eochair an tí.

Is teach an-difriúil go deo é 251 Menlove Avenue Wollton nó ‘Mendips’ mar a tugadh air, teach John Lennon. Is mór idir an foirgneamh seo agus an t-amhrán a chum sé ‘Working Class Hero.’ Scór bliain tar éis a bháis cuireadh suas leacht gorm ar bhalla an tí ar a bhfuil an méid seo a leanas scríofa: ‘John Lennon 1940-1980 Musician and Songwriter lived here 1945-1963.’ Cheannaigh Yoko Ono an teach sa bhliain 2002 agus dhíol sí le Taisce na Breataine é. D’athchóirigh siadsan é chun blas na gCaogaidí a athchruthú.

Is foirgneamh breá leathscoite é le taobh-bhealach fairsing isteach, agus cúlghairdín. Tá póirse tosaigh ar an teach freisin, an t-aon áit a ligfeadh Aintín Mimi John dó féin agus Paul na giotáir a sheinnt de bharr go raibh siad róghlórach cé go raibh an frithchaitheamh fuaime ar fheabhas.

Tá an chistin, mar aon leis an seomra suí, athchóirithe i stíl na gCaogaidí ar aon dul le teach McCartney. Úsáideadh é do na mic léinn amháin, na mic léinn a bhí ar lóistín go tráthrialta ag Aintín Mimi. Ach coinníodh di féin an seomra bia.

Thuas staighre téim isteach i seomra codlata John: osclaíonn doras beag donn agus feiceann tú an seomra beag bídeach a bhfuil leaba shingil ar thaobh na láimhe deise. Tá póstaeir de Bhrigitte Bardot agus de Elvis ar na ballaí agus tá ceirníní de Elvis agus Little Richard ar an tseilf in aice láimhe.

Ar thaobh na láimhe clé den seomra, tá cófra tarraiceán agus vardrús ón tréimhse réamhchogaidh. Feictear leabhar Lennon féin ‘In His Own Write’ ar sheilf i measc na leabhar iomráiteacha do pháistí - ‘Alice in Wonderland’ agus ‘Just William,’ le Richmal Crompton.

Agus mé i mo sheasamh faoi dhraíocht sa seomra íocónach seo, ag stánadh trín mbáfhuinneog amach lena gloine dhaite, is maith is cuimhin liom an pathé daite i bPictiúrlann an Grafton a chonaic mé féin agus Frank Murray, nach maireann, seachtain na Nollag sa bhliain 1963.

Bhí na Beatles ann agus iad ag seinm ag Pictiúrlann an ABC Manchester. Chuaigh an grúpa i gcion chomh mór sin orainn beirt, gur rothaigh mé isteach Oíche Nollag go dtí an Dean St Record Store chun an cnag ba dhéanaí ón ngrúpa ‘I Wanna Hold Your Hand,’ a cheannach. Sheinn mé arís agus arís eile é Lá Nollag agus ina dhiaidh sin, go dtí gur impigh m’athair bocht orm éirí as in ainm Dé.

Is cuimhin liom freisin mo chéad phéire bróga Beatle agus mé ag stánadh anuas orthu an mhaidin i ndiaidh a gceannaithe, d’fhonn a chinntiú go raibh siad ann fós i ndáiríre!

Meabhraím ‘Samhradh an Ghrá’ sa bhliain 1967 agus mé ag brostú go dtí an callaire sa mhonarcha Alperton Cartons i Middlesex mar a raibh mé ag obair go páirtaimseartha chun éisteacht leis an gCeathrar Clúiteach ag canadh ‘All You Need is Love’ do lucht éisteachta domhanda 400 milliún duine. Is maith is cuimhin liom freisin, ag seinm sárshaothar Lennon ‘A Day in the Life,’ dhá bhliain ina dhiaidh sin ar Boardwalk Atlantic City NJ do bhuíon hippies a bhí ar a mbealach ó thuaidh chuig Feirm Yasgur ag Woodstock agus mar a thóg siad gáir mholta nuair a sheinn mé an glissando deireanach, ag sleamhnú mo mhéara suas clár stiallóg mo ghiotáir.

Feicim mo rogha Beatle, John Lennon, agus diabhlaíocht ina shúile ag gáire fad a sheasann sé, a chosa spréite agus é ag seinm a ghiotáir rithime. Cuimhním ar cé chomh maolaithe is a bhí an saol ina éagmais ón uair a dúnmharaíodh é sa bhliain 1980.

Thar am ar bith eile braithim macalla a bhriathra sa seomra beag seo: ‘All we are saying is give peace a chance.’


Tionól Gaeilge UCD 2023

Reáchtálfar Tionól Gaeilge UCD 2023 ag deireadh mhí an Mheithimh. Tá Tionól na Gaeilge dírithe ar dhaoine fásta ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach.

Tá sé feiliúnach do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge nó ar an Léann Éireannach ag an tríú leibhéal. Tionól idirnáisiúnta atá ann agus freastalaíonn go leor eachtrannach ar an gcúrsa ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach.

Beidh deis ag daoine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha agus cuirfear ranganna ar fáil ag 5 leibhéal - ón mbunleibhéal go dtí an ardleibhéal - gach maidin.

San iarnóin, díreofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach. Ina measc beidh logainmneacha na tíre, an litríocht agus an amhránaíocht agus cuirfear leagan Gaeilge agus Béarla de gach léacht ar fáil.

Reáchtálfar na ranganna Gaeilge ar maidin agus is ar an teanga labhartha a chuirfear béim. Leanfar san iarnóin le díospóireachtaí agus cainteanna ar ábhair éagsúla.

Pléifear an béaloideas, logainmneacha na tíre, an litríocht agus an amhránaíocht i measc ábhar eile. Ó thaobh costais de tá roghanna éagsúla ann. Is féidir íoc as an gcúrsa le lóistín san áireamh nó gan lóistín.

Reáchtálfar tionól na bliana seo in Scoil Samhraidh Gaeltacht UCD ón 26-30 Meitheamh. Breis eolais: ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/