An chéad lá den tseachtain

Ba dhóigh leat nár bhíog feithid ná míol an lá sin ar fad.

Agus ar an gcéad lá den tseachtain bhí cuid de na deisceabail buartha. Níor airíodh tada ó Pheadar agus b’eagal leo go raibh sé dulta i bhfolach. Bhí formhór na n-aspal eile scaipthe agus ba dheacair teacht orthu. Dúradh gur theich Aindriú agus go bhfacthas Pilip ina aonar ag iascach ar an loch. Iascairí ba ea a bhformhór ar aon nós, agus níorbh aon chúis iontais an méid sin, seachas go raibh an dealramh air go raibh an saol ag filleadh gan aon rómhoill tar éis na tubaiste.

B’é eagla ba mhó a bhí orthu ná go ngoidfí an corp. Tar éis an tsaoil shíl daoine áirithe gurbh é an taoiseach a bhí uathu a scaoilfeadh Iosrael ó bhraighdeanas, go smachtódh sé impireacht na Róimhe, agus toisc go raibh sé dochloíte go dtiocfadh a chorp áiseach chun an cheannairc a thabhairt le chéile arís. Drong eile a d’aontaigh gur chuir sé na daoine ar a n-aimhleas bíodh nár dhein sé aon choir ba chomhionann agus bás a thuilleamh. Ní bheadh a fhios cad a dhéanfaidís sin. Bhí a fhios acu, leis, gur cheap cuid eile de na deisceabail go n-éireodh sé ó na mairbh agus go siúlfadh sé ina measc. B’fhéidir go mbeidís sin ag faire an tuama ag feitheamh le fáiltiú roimhe. Bhí a fhios acu gurbh amaidí agus baoithe í sin in ainneoin a gcreidimh féin ann.

Agus de bhreis ar sin arís, ní raibh aon mhuinín seasta acu as Seosamh Aramatea.

Níor dhuine díobh é dáiríre. Eachtrannach a cheangail leo go déanach, duine a raibh airgead aige agus chaithfí bheith amhrastúil faoi dhaoine saibhre. Fairis sin, fuair sé cead an choirp a thógáil ó Phontius Píoláit lena adhlacadh, agus cad ina thaobh sin mura raibh cogar is focal eatarthu? Cá bhfios cad a bhí ina n-intinn acu?

READ MORE

Bhí dorchacht ar fud na háite le dhá lá anuas. Ar an Aoine bhí tintreach agus toirneach a réab talamh na cathrach le cúpla uair an chloig. Lean báisteach agus fearthainn agus díle nár chuaigh sánas air go maidin Dé Sathairn. Ba dhóigh leat nár bhíog feithid ná míol an lá sin ar fad. Bhí leamh agus liath. Shílfeá go raibh brat bróin anuas ar dhá threibh déag Iosrael bíodh nach raibh ann ach marú eile Rómhánach.

B’fhada anois uathu an tráth nuair a tháinig sé faoi ghradam isteach sa chathair, go raibh an slua ag ullmhú i gcomhair an t-uan Cásca a mharú, an t-am úd roimh fhulaingt dó. Saol eile ar fad ba ea é sin, saol nach dtiocfadh ar ais choíche ná go brách.

Mar sin féin ghluais siad amach i moiche na maidne sular ghlaoigh an coileach. An gol a bhí déanta acu go dubhach le cúpla lá anuas, níor fhéad siad a thuilleadh de a dhéanamh. Shiúil siad le cois a chéile trí na sráideanna cúnga, thar áit an chloiginn, iad balbh i mbriathra, óir cad eile a bhí acu le rá? Bhí an oiread sin de chaint gan chiall déanta acu ó lá an chéasta gurbh ar éigean go dtabharfadh siad aon chreidiúint di iad féin.

Fad urchair cloiche ón áit stopadar. Tháinig alltacht orthu. An tuama a bhí gearrtha sa charraig, bhí sin ann i gcónaí. Ach féach, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar ón tuama.

Chuaigh siad isteach go heaglach. Bhí an áit folamh.

‘Cé a ghoid an corp?’ d’fhiafraigh duine díobh le huafás. ‘Ní féidir go raibh aon duine anseo romhainn.’

‘Cibé duine a rinne é,’ mar fhreagra, ‘tiocfaimid suas leis. Tá aithne againn ar na daoine ar fad faoi amhras. Ní féidir gadaíocht mar seo a dhéanamh i ngan fhios. Ní fada uainn an fhírinne a fháil.’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar