Blaiseadh den obair mhór atá fós le déanamh

Chuir Jeffrey Seathrún Sardina breis agus 200 iarratas ar eolas chuig áisíneachtaí stáit faoin Acht Saoráil Faisnéise chun go bhfeicfeadh sé cé acu a d’fhreagródh é i nGaeilge.

Foclóir: Aitheantas - recognition; gnóthaí an stáit - affairs of state; toil - desire; duairceas - gloominess; scagadh - critical examination; díolúine - exemption; tubaisteach - calamitous; blaiseadh - taste; áitigh - submit; buanchoimeád - preservation.

Cé nach bhfuil amhras ar bith faoi stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann, is mór i gcónaí í an bhearna idir an t-aitheantas oifigiúil sin agus stádas feidhmiúil na teanga i ngnóthaí an stáit.

Ní thugtar toil, fiú do bhuanchoimeád na Gaeilge, gan trácht ar fheidhmiú an stádais athréimnithe atá ag an teanga sa Bhunreacht.

Léirítear an méid sin go lom i nduairceas bliantúil thuarascálacha an Choimisinéara Teanga ina ndéantar scagadh ar dheacrachtaí an phobail seirbhísí stáit a fháil trí Ghaeilge.

READ MORE

Bhí toradh dhearcadh agus iompar an stáit le feiceáil arís i mbliana nuair a eisíodh torthaí na hardteistiméireachta inar taispeánadh den dara bhliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nár shuigh scrúdú Gaeilge os cionn 20 faoin gcéad.

Chuir an Roinn Oideachais córas nua díolúine i bhfeidhm in 2021 agus tá an baol ann go bhfuil a thoradh sin le feiceáil anois.

Tá an chuma air gur próiseas uathoibríoch anois é an córas a cheadaíonn díolúintí ó staidéar na Gaeilge.

Rinne Pádraig Ó Laighin sár scrúdú anuraidh ar eisiamh na Gaeilge ón státchóras ina leabhar Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht (Cló na nGael).

Thagair sé do 71 rannóg sa Státseirbhís a d’fheidhmigh go hiomlán nó roinnt éigin trí Ghaeilge sa bhliain 1961.

Ina measc sin bhí 23 rannóg ina ndearnadh níos mó ná 75 faoin gcéad den obair i nGaeilge.

Ach i nDeireadh Fómhair 1974, faoin Taoiseach Liam Cosgrave, Fine Gael, agus an Tánaiste Brendan Corish, Páirtí an Lucht Oibre, socraíodh fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh eolas ar an nGaeilge ag iarrthóirí fostaíochta sa státseirbhís.

Buille tubaisteach a bhí ansin ó thaobh stádas na teanga agus níor athraigh Fianna Fáil an treo nuair a bhíodar féin i mbun rialtais ina dhiaidh sin.

Cinneadh é sin a thapaigh díothú na teanga sa státchóras.

Ní go dtí 2003 nuair a dhréachtaigh an tAire Eamon Ó Cuív Acht na dTeangacha Oifigiúla a gealladh athrú éigin ar stádas feidhmiúil na teanga i saol oifigiúil na hÉireann.

Cuireadh freagrachtaí agus spriocanna nua mar dhualgas ar an Stát nuair a rinneadh treisiú ar an acht úd i mí na Nollag 2021. Ach, faraor, ní léir fós gur thug an státchóras toil dó sin.

Is fiú a lua gur tuaraiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil an t-iar aire Ó Cuív ag éileamh cruinniú práinneach a reáchtáil ar fhilleadh an Oireachtais chun plé a dhéanamh ar a laghad dul chun cinn atá déanta maidir mhórsprioc na reachtaíochta teanga.

Blaiseadh

Má táthar ag súil go bhféadfadh feabhas a theacht ar dhearcadh an Stáit is fiú, anois agus arís, blaiseadh a fháil ón taobh amuigh, ach go háirithe ó dhaoine as tíortha ina bhfuil teangacha ag maireachtáil lena chéile i gcomhthéacs dátheangach, ach a bhfuil cleachtadh acu ar an staid atá anseo freisin.

Labhair Tuarascáil le Jeffrey Seathrún Sardina, mac léinn Choláiste na Tríonóide ar as Stáit Aontaithe Mheiriceá dó ach atá ag foghlaim na Gaeilge le roinnt blianta. Sheol Sardina breis agus 200 iarratas ar eolas chuig ranna agus áisíneachtaí stáit faoin Acht um Shaoráil Faisnéise chun go bhfeicfeadh sé cé acu a d’fhreagródh é i nGaeilge.

“Má théim i dteagmháil le hoifig phoiblí i nGaeilge caithfidh siad mé a fhreagairt i nGaeilge,” a dúirt sé le Tuarascáil.

Sheol Sardina iarratas chuig 219 comhlacht agus áisíneacht stáit san iomlán inar iarr sé eolas faoi leagan de Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CAP) a bhfuil sé de dhualgas ar eagrais a bheith acu faoin Acht Aeráide. Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí agus ar ranna rialtais a chinntiú gur i nGaeilge a fhreagraítear comhfhreagras a sheoltar chucu i nGaeilge faoin Acht Teanga.

Ach, de réir a chuid anailíse, ní raibh 37 faoin gcéad de na comhlachtaí a d’fhreagair in ann cumarsáid iomlán a dhéanamh i nGaeilge, agus bhain 46 faoin gcéad úsáid as an mBéarla den chuid is mó, nó as an mBéarla ar fad, ina gcuid cumarsáide leis.

Níos measa fós, mhol dhá áisíneacht dó an t-iarratas a dhéanamh arís i mBéarla.

“UCD an ceann ba mheasa. An chéad rud a fuair mé uathu ná \[teachtaireacht\] a dúirt liom é a sheoladh ar ais chucu i mBéarla,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil gearrán déanta ag Sardina leis an gCoimisinéir Teanga, níor chuir na freagraí iontas air.

“Thuig mé ón chéad lá riamh gur mar sin a bhí. Thuig mé go raibh na fadhbanna sin ann. Ní raibh mórán iontais orm ach chuir sé brón orm,” a dúirt sé.

Mhínigh Sardina, arb as San Diego in California dó ó dhúchas, ach atá ina shaoránach Éireannach, gur theastaigh uaidh meon an státchórais i dtaobh na teanga a nochtadh.

“Theastaigh uaim an fhianaise sin a fháil, é a roinnt le daoine agus a rá – seo stádas na teanga, seo iad na fadhbanna atá romhainn agus seo iad na rudaí a chaithfear a cheartú má tá muid chun cothrom na Féinne a bhaint amach.”

“Bíonn mórchuid na ndaoine sa státchóras sásta rud beag bídeach a dhéanamh ach ní bhíonn siad sásta níos mó ná sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

I saol an Bhéarla, diúltaítear spás don Ghaeilge. Ní bhíonn daoine sásta áit a dhéanamh don Ghaeilge mar go dtógann sé “an iomarca ama agus cosnaíonn sé airgead.”

“Nuair a théim isteach sa stáisiún traenach má bhíonn fadhb agam leis an ticéad, cuirim ceist ar na daoine ansin as Gaeilge i gcónaí, ach ní bhíonn siad in ann mé a fhreagairt. Nuair a fuair mé mo chárta Leap, an scéal céanna a bhí ann, ní raibh siad sásta plé liom i nGaeilge.”

“Bíonn daoine ag cur i gcéill i gcónaí ag rá go dtugann muid cothromaíocht don Ghaeilge. Is léir nach bhfuil sé fíor.”

Creideann Sardina gur fiú aird phobal an Bhéarla a tharraing ar an scéal.

“Ní féidir gluaiseacht a chothú gan comhbhá a fháil agus ní féidir comhbhá a fháil gan tuiscint \[a bheith\] ag an bpobal féin agus faoi láthair níl an tuiscint sin ann – go háirithe i measc Béarlóirí.

“Má tá muid chun an teanga a chur chun cinn, caithfidh muid na droichid a chruthú chun ceangal agus cairde a fháil i chuile phobal in Éirinn,” a dúirt sé.

San Diego

Déanann Sardina comparáid idir an bealach a chaitear leis an Spáinnis in San Diego agus an Ghaeilge anseo.

“Tá an-chuid cainteoirí Spáinnise ag maireachtáil lá i ndiaidh lae tríd an teanga. Bíonn comharthaí rialtais agus fógraí príobháideacha i Spáinnis le feiceáil freisin,” a dúirt sé.

“Toisc go bhfuil Spáinnis agam táim in ann a rá go mbíonn rudaí litrithe i gceart, go mbíonn an ghramadach cheart agus go mbíonn ciall leis.”

Ach go rómhinic, is a mhalairt a fheiceann sé nuair a thagann sé go hÉirinn.

“Sea, uaireanta cuireann an Rialtas rudaí amach i nGaeilge ach mar is eol duit, ní bhíonn siad litrithe i gceart i gcónaí, agus ní bhíonn an ghramadach ceart i gcónaí. Tá dhá mhionteanga agat sa dá thír.

“Nílim chun a rá nach bhfuil fadhbanna sa phobal Easpáinneach sna Stáit Aontaithe – tá fadhbanna móra acu - ach ó thaobh na rudaí atá an rialtas ag déanamh i gcomhthéacs San Diego, déanann siad níos mó don Spáinnis, teanga nach bhfuil mar theanga oifigiúil sna Stáit Aontaithe, ná mar a dhéanann rialtas na hÉireann don Ghaeilge in Éirinn,” a dúirt sé.

“Déanann siad i bhfad níos mó. Sin í an fhadhb. Seo í tír na Gaeilge ach ní bhíonn éinne sa pholaitíocht, seachas cúpla duine ar leith, sásta tada fiúntach a dhéanamh ó thaobh na teanga de,” a dúirt sé.

“Bhí an Spáinnis in San Diego níos fearr as i réimse rialtas na dTrumpach ná mar atá an Ghaeilge in Éirinn i réimse rialtas na hÉireann.”

D’áitigh Ó Laighin ina leabhar go mbraitheann slánú phobal na Gaeilge ar chur chuige nua agus ar pharaidím nua.

Go mí-ámharach, ón fhianaise atá feicthe go dtí seo, níl rian de sin le feiceáil faoi láthair.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.