Lóchrann eolais curtha le corpas léann na Gaeilge

Tá beagnach 700,000 focal iniúcha bailithe in obair shaoil Garry Bannister, an Teasáras Gaeilge-Béarla.

Foclóir: Cuachadh – gathering/bundling; tionscadal – project; anam – soul; téagartha – substantial; comhcheangail – bind; aimpléiseach – complicated; treallúsach – industrious; ceist chigilteach – delicate question.

Casadh leathanach eile i scéal léann agus staidéar na Gaeilge i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Is sa Seomra Darach sa láthair stairiúil sin a seoladh an Teasáras Gaeilge-Béarla (New Island), luach saothair Garry Bannister, údar a chaith na blianta ag cnuasach, ag cóiriú, agus ag cuachadh na bhfocal.

“Ba é m’athair a chuir an smaoineamh isteach i mo cheann i dtosach báire,” a dúirt Bannister le Tuarascáil.

READ MORE

“Dúirt sé liom gur chóir go mbeadh tionscadal amháin ag duine arbh fhéidir leis a anam agus a intinn a dhíriú air ar feadh a shaoil,” a dúirt sé.

“Dúirt mé leis ‘bhféidir go bhféadfainn teasáras a chur le chéile’, mar nach raibh a leithéid ann sa Ghaeilge, agus dúirt sé ‘ah tógfaidh sin cúpla bliain ort!’”

“Ní fhaca mé arís é i ndiaidh na cainte sin a bhí agam leis. Fuair m’athair bás beagáinín ina dhiaidh sin. Sin daichead bliain ó shin,” a dúirt Bannister.

“Ach anois, tá sé déanta.”

Tá beagnach 700,000 focal iniúcha agus 1,064 leathanach sa leabhar téagartha tagartha agus taitneamhach seo agus is áis luachmhar é a chuimsíonn cleachtaí agus nósanna cainte, comhcheangail fhocal, leaganacha áitiúla agus seanfhocail. Léiriú dólámhach atá ann ar shaibhreas, ar dhoimhneacht agus ar lúfaireacht na Gaeilge.

Is é seo an tríú eagrán den teasáras agus is léiriú é sin, b’fhéidir, ar an saothar gan deireadh a bhaineann le togra aimpléiseach mar seo.

“Chuir mé an chéad eagrán amach fiche de bhlianta ó shin,” a dúirt Bannister.

Obair fhorránach agus treallúsach go leor é leabhar mar seo a scríobh agus ba dhúshlán é uaireanta na focail chearta a roghnú.

“An fhadhb a bhí agam i ndáiríre, níor bhain sé leis na focail atá istigh ann, ach cé hiad na focail ar chóir dom a thógáil amach,” a dúirt sé.

“Bhí an oiread sin ann nach bhféadfaí iad go léir a chur in aon leabhar amháin - bheadh sé iomarcach.”

“Sé an fhadhb mhór a bhí agam mar sin, ná na focail sin a roghnú ach ag an am céanna, saothar fiúntach a chur ar fáil do léitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge.

“Buíochas le hAoife Walsh agus le heagarthóirí eile in New Island, bhíomar ag plé na ceiste sin ar feadh tamaill fhada. Thóg sé ceithre bliana chun é a chur i gcrích,” a dúirt Bannister. “Do thángamar, tá mé ag ceapadh, ar réiteach ceart dó mar theasáras,” a dúirt sé.

Deirtear uaireanta go gceiltear saibhreas teanga orainn nuair a chumtar focail do théarmaíocht nua atá ina macasamhail ar fhocail iasachta. Ceist chigilteach í sin dar ndóigh, ach mar is léir ó shaothar Bannister, is foinse agus áis ghustalach í an Ghaeilge nár cheart ligint i léig.

“Tá a lán rudaí ar féidir leat a fhoghlaim nuair a bhíonn tú ag obair ar an nGaeilge,” a dúirt sé.

“Tá sé thar a bheith difriúil i gcomparáid le bheith ag obair le Béarla.”

“Sa Bhéarla níl mórán tagairtí le fáil do reiligiún nó do dhraíocht.

“Is minic go gcloiseann tú daoine ag déanamh tagairtí do Dhia agus do na síoga agus don draíocht sa Ghaeilge, rud atá in easnamh sa Bhéarla,” a dúirt sé.

“Tá an mhistéir agus an áilleacht osnádúrtha fite fuaite i dteanga na Gaeilge mar chuid dhílis den teanga féin.”

Dúirt an t-údar go mbeidh an t-eagrán seo ar an eagrán deiridh den leabhar ach is cinnte go mbainfidh scríbhneoirí, scoláirí agus cainteoirí na Gaeilge sult agus leas as é a léamh, san am atá le teacht.

“Tá súil agam go gcuideoidh an leabhar seo le gach aon duine – daltaí meánscoile, iriseoirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí, aon duine ar mian leis Gaeilge a scríobh agus a úsáid, tá súil agam go mbainfidh siad ardú croí agus spórt as an leabhar seo.”

“Sin é an aidhm atá agamsa i ndáiríre,” a dúirt Bannister.

“An rud is tábhachtaí ná taitneamh a bhaint as úsáid na Gaeilge,” a dúirt sé.

* Teasáras Gaeilge-Béarla, le Garry Bannister, €54.95. Ar fáil ó New Island (newisland.ie/nonfiction/irish-english-thesaurus)


Ceathrú Ghaeltachta ag Higher Options

Tá athruithe móra beartaithe don Ghaeilge sna blianta beaga atá romhainn.

Nuair a foilsíodh an leagan leasuithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla beagnach dhá bhliain ó shin, neartaigh an dóchas go mbeadh ré nua i ndán don teanga sa chóras poiblí.

Den chéad uair le fada gealladh go dtreiseofar cumas na státseirbhíse seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Chun go dtiocfaidh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chóras beidh gá le deiseanna fostaíochta a chruthú dóibh siúd ar mian leo dul ag obair leis an nGaeilge.

Ní inniu ná inné a cinneadh constaicí móra a chur roimh an té a mbeadh sé de dhánacht aige nó aici seirbhís trí Ghaeilge a éileamh ón Stát.

Nuair a shocraigh comhrialtas Fhine Gael-An Lucht Oibre in 1974 fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh eolas ar an nGaeilge ag iarrthóirí fostaíochta státseirbhíse, i ndáiríre tugadh le fios nach mbeadh fáilte sa státchóras a thuilleadh roimh an teanga.

Leis an gcinneadh oidhiúil, díobhálach agus dochrach sin, díbríodh pé éiteas dá-theangach a bhíodh sa stát chóras go dtí sin.

Ach de bharr na n-athruithe a rinneadh in Acht na dTeangacha Oifigiúla ar na mallaibh, tá dualgais reachtúla á leagadh ar ranna rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí.

Ón mbliain 2030 amach, beidh gá le foirne a mbeidh cumas acu sa teanga ar fud an chórais phoiblí.

Chun sin a bhaint amach beidh gá le soláthar céimithe oilte a bheith ar fáil.

Mar a mhol an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill sular éirí sé as an post, beidh gá le cur chuige comhordaithe náisiúnta, idirinstitiúideach, chun a chinntiú go mbeidh soláthar maith céimithe ann faoin spriocdháta i 2030.

Agus ní féidir beag is fiú a dhéanamh de thábhacht na reachtaíochta. Léiríodh tamall de bhlianta ó shin an t-athrú stádais a thagann leis.

Tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach in 2007 agus mar theanga oibre in 2022 agus tá na céadta ag obair cheana féin in Éirinn, sa Lucsamburg, sa Bheilg, agus sa Ghearmáin mar aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge.

Deiseanna iad seo nach raibh ann roimhe seo.

Tá súil anois i measc phobal na Gaeilge go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar an éileamh atá ar chéimithe le Gaeilge leis na hathruithe atá leagtha amach san Acht Teanga.

Is chuige sin a reáchtálfar Ceathrú Ghaeltachta ar láthair Higher Options san RDS i mbliana den chéad uair.

Reáchtálann an Irish Times Higher Options, aonach gairme bliantúil do dhaltaí an chúigiú agus an séú bliain san RDS thar thréimhse trí lá i mí Mheán Fómhair.

Deis a bheidh i nGaeltacht Higher Options do dhaltaí teacht le chéile san aon áit amháin agus eolas a fháil ar na féidearthachtaí a bhaineann le gairmeacha beatha agus ar dheiseanna staidéir leis an teanga.

Beidh deis ag daltaí labhairt le hionadaithe ollscoile ag thart ar 160 seastán a bheidh ar an láthair agus cuirfear gach cineál eolais ar fáil faoi chúrsaí tríú leibhéil.

Mar chuid d’ócáid na bliana seo, reáchtálfar painéil phlé le saineolaithe a mbeidh eolas faoi ghairmeacha beatha le Gaeilge á roinnt acu ar an lucht freastail.

Breis eolais: higheroptions.irishtimes.com/events/43959

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.