‘Cuisle na cathrach’ ag ceiliúradh 30 bliain de chraoltóireacht phobail

Tríocha bliain ó shin, i Meán Fómhair 1993, chuaigh Raidió na Life, ar an aer den chéad uair

Foclóir: Gníomh - action; úrnua - brand new; bainisteoir - manager; lucht éisteachta - listenership; craoladh - broadcasting; tacaíocht - support; blaiseadh - taste; siollaire ceirníní - disc jockey.

Gníomh pobail a bhí ann ar an 9ú Meán Fómhair, 1993, nuair a shínigh ionadaithe Chomharchumann Raidió Átha Cliath conradh craoltóireachta leis an gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách chun seirbhís raidió lán-Ghaeilge a sholáthar do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Beartaíodh an tseirbhís úrnua a chur ar fáil ar bhonn oideachasúil agus pobail agus an mhí dár gcionn, ar an 25 Meán Fómhair 1993, chuaigh an stáisiún, Raidió na Life, ar an aer den chéad uair.

Ó 5pm go 10.30pm ó Luan go hAoine ach le dhá uair sa bhreis ar mhaidineacha Sathairn agus Domhnaigh a chraol an stáisiún i dtosach.

READ MORE

Ar Chearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, 2 a bhí gach rud lonnaithe. Ba é Rónán Ó Dubhthaigh bainisteoir an stáisiúin, bhí Deirdre Ní Dhálaigh ina bainisteoir urraíochta agus ba é Rónán Ó Fearghail an príomh-innealtóir fuaime.

Sna blianta a lean, tháinig fás agus forbairt as cuimse ar an stáisiún de réir mar a rinne sé freastal ar shainriachtanais an phobail éisteachta.

Tháinig dea-cháil ar Raidió na Life go tapa de bharr saibhreas na gclár agus de bharr gurbh ardán é le hionadaíocht a dhéanamh ar lucht éisteachta na cathrach.

“Is stáisiún pobail é Raidió na Life” a dúirt Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir an stáisiúin ó 2007 i leith, le Tuarascáil.

“Bunaíodh é chun freastal ar phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath [agus] bhíomar dírithe ar phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath i dtosach ach cuimhnímid orainn féin anois mar stáisiún atá níos leithne ná sin. Sa ré dhigiteach ina mairimid anois, tá fáil ar an stáisiún aon áit ar domhan,” a dúirt sé.

“Tá muid ag craoladh ar an suíomh gréasáin raidionalife.ie agus ar aipeanna ar nós TuneIn radio. Aon áit go bhfuil fáil ag daoine ar an idirlíon is féidir éisteacht le Raidió na Life,” a dúirt sé.

Oideachas & pobal

Ní hamháin go bhfuil cáil ar an stáisiún de bharr éagsúlacht agus saibhreas na gclár siamsaíochta, ceoil, spóirt agus plé a chraoltar gach lá, ach tá Raidió na Life ag cur go mór le hearnálacha craolacháin agus cruthaitheachta na tíre freisin.

Tugtar tacaíocht do chraoltóirí óga agus is as an stáisiún a d’eascair roinnt de na craoltóirí is fearr aithne sna meáin in Éirinn.

Mar a deir Ó Fiannachta, tugtar “deis iontach” do dhaoine teacht isteach, go minic gan taithí ar bith a bheith acu, chun triail a bhaint as gach gné den chraoltóireacht.

“Taithí é sin, amanna a osclaíonn doirse dóibh in áiteanna eile,” a dúirt sé.

I measc iarchraoltóirí an stáisiúin tá Sharon Ní Bheoláin, Cormac Ó hEadhra, Fachtna Ó Drisceoil, Sinéad Crowley, Aedín Gormley, Ruairí Mac Con Iomaire, Michael McCormack, Rónán Ó Muirthile, Colm Ó Mongáin, Aedín Conlon, Gráinne Faller, Cearbhall Ó Síocháin, Róisín Saxe, agus go leor eile nach iad.

“Fuaireadar blaiseadh den chraolachán anseo i Raidió na Life. Chaitheadar seal cúpla bliain leis an stáisiún agus ansin bhogadar ar aghaidh go poist mhóra sna meáin chumarsáide náisiúnta,” a dúirt sé.

Mar a deir duine de bhunaitheoirí an stáisiúin, an tOllamh Máirín Nic Eoin, is foinse oideachasúil é Raidió na Life do dhaoine atá ag iarraidh taithí oibre a fháil.

“Thuig na daoine óga dá mbeidís ag obair ar feadh tamaill i stáisiún pobail, go mbeadh cead acu obair i bhfad níos leithne a dhéanamh ná [mar a bheadh] dá mbeidís ag obair mar intéirneach nó ag obair ar thaithí oibre in eagraíocht i bhfad níos mó ar nós RTÉ.”

“Tugann sé daoine le chéile a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, agus daoine a dtarlaíonn sé go bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil spéis acu sa chraoltóireacht, sa cheol, nó i gcúrsaí reatha, agus cothaíonn sé pobal thart timpeall orthu sin,” a dúirt Fachtna Ó Drisceoil, iarchraoltóir leis an stáisiún atá ag obair anois le Raidió na Gaeltachta.

“Céard eile atá ar bun againn ó thaobh gluaiseacht na Gaeilge de ach ag iarraidh pobal a chruthú,” a dúirt sé.

Mar a dúirt Sinéad Crowley, atá ag obair le Coimisiún na Meán anois ach a chaith na blianta ag obair le RTÉ tar éis di tréimhse a chaitheamh ag obair le Raidió na Life, bhí an-mheanma go deo san áit.

“Ní raibh an t-idirlíon ann, ní raibh YouTube ann, ní raibh aon rud mar sin ann,” a dúirt sí.

“Dá mbeadh tú ag iarraidh bheith i d’chraoltóir, bhí ort dul go RTÉ nó dul chuig na stáisiúin áitiúla a bhí díreach ag tosú ag an bpointe sin ach bhí an chuma ar rudaí go mbeadh sé deacair fáil isteach sa tionscal.

“Ach go hobann, tháinig an stáisiún seo ar an bhfód, d’fhéadfá siúl isteach agus clár a dhéanamh.

“Bhíomar fostaithe le bheith ag obair sa chúlra - mar leasbhainisteoirí, mar theicneoirí, mar thaighdeoirí agus mar sin de,” a dúirt sí.

“Bhí gach duine ar comhaois lena chéile agus bhí spiorad dochreidte ann.”

‘Cuisle na Cathrach’ atá mar mhana ag an stáisiún agus is ann a fuair go leor craoltóirí a gcéad bhlaiseadh de na meáin. Bheadh sé deacair luach ceart a chur ar an deis a thug an stáisiún do dhaoine óga le tríocha bliain anuas.

“Bhí tionchar mór ag Raidió na Life orm ó thaobh mo chraoltóireacht mar Ghaeilgeoir, ó thaobh mo chuid féinmhuiníne, mo chuid scileanna, agus freisin ó thaobh mé a chomhtháthú isteach i ngréasán sóisialta ag aois óg a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge,” a dúirt Ó Drisceoil.

Dar leis an Ollamh Nic Eoin mheall an stáisiún na daoine cearta ó 1993 ar aghaidh.

“Nuair a thosaigh sé ní raibh ach cúpla uair an chloig craolta in aghaidh an lae, ach thosaigh an fhorbairt ó thaobh líon na n-uaireanta beagnach láithreach,” a dúirt sí. “Taobh istigh de chúpla bliain bhí lá [iomlán] craoltóireachta ann.”

“Tá sé ag fás agus ag forbairt agus ag athrú ó shin. Sin an rud a choinníonn an bheocht ann is dócha. Cinnte, bhí dóchas againn [ach] tá gá le síorathnuachan le fiontar mar seo. Gach uile uair a d’imigh daoine tháinig daoine ardchumasacha isteach,” a dúirt sí.

“Anuas go dtí an lá atá inniu ann tá daoine óga – agus aosta – ag craoladh inár stáisiún ar bhonn deonach agus tá muid an-mhórtasach as gach rud atá déanta agus atá fós á dhéanamh ag na daoine sin,” a dúirt Muiris Ó Fiannachta.

“Tá ardán oscailte ar fáil do dhaoine chun iad féin a chur in iúl.

“Tugtar deis do dhaoine plé a dhéanamh ar ábhar trí Ghaeilge nach ndéantar in aon áit eile, agus ceol a chloisteáil agus é á chur i láthair trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

“Craolann muid ceol comhaimseartha tríd an sceidil - bíonn ceol le liricí Béarla, popcheol, rockcheol, ceol leictreonach, snagcheol, ceol punc, gach rud faoin spéir!”

“Bíonn John Peels (siollaire ceirníní) na Gaeilge le cloisteáil anseo ar Raidió na Life!”. Tugann sé sin meascán iontach clár dúinn,” a dúirt sé.

Sa bhliain 2017, bhog Raidió na Life go tuaisceart na cathrach chuig stiúideonna úrnua ar Shráid Amiens. Tá Fearghal Saxe ina phríomh-theicneoir anois agus is as a chraolann leithéidí Ola Majekodunmi, Lisa Nic an Bhreithimh, Conchúr Ó Faoláin agus Aonghus Ó Croídheáin cláir ar nós Afra-Éire, Fada is Fairsing, Fios Feasa agus Rithim na Cathrach.

“Bunaítear an clársceideal ar na daoine a thagann chugainn agus na smaointe a thagann uathu,” a dúirt Ó Fiannachta.

“Mar sin bíonn rud an-orgánach ann ó thaobh athnuachan smaointe, athnuachan ábhair agus athnuachan fhuinnimh.

“Is stáisiún an-bheoga agus an-siamsúil é Raidió na Life dá bharr sin,” a dúirt sé.

“Dúirt an chéad bhainisteoir a bhí ar an stáisiún seo Rónán Ó Dubhthaigh, go raibh dhá theanga le cloisteáil ar Raidió na Life - an Ghaeilge agus an Ceol,” a dúirt Ó Fiannachta.

“Cuimhnímid orainn féin mar an stáisiún raidió a chuireann seirbhís eile ar fáil do Ghaeilgeoirí,” a dúirt sé.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.