Iomrall Ama

Ní scréach ná liú ná éamh péine a bhí ann, cé nárbh fhada uaim sin mé féin.

Ba dhual go dtarlódh sé. Agus ní inniu ná inné ach breis agus mí ó shin le linn mí álainn Lúnasa féin. Táim mórálach go leor as an acmhainn mhaith treo atá agam, fág nach bhfuil aon chreidiúint faoi leith ag dul dom as sin. Bhíos riamh amhlaidh. Caitear isteach i gcathair iasachta nach rabhas riamh ann cheana mé agus fad is atá aon mharc amháin agam is féidir liom siúl lae a chur díom agus cosa a shíneadh gach treo baill agus bead in ann filleadh ar an ionad sin gan cháim.

Ní mar sin dom laistigh d’fhoirgneamh, áfach. Gabhaim ar seachrán ar fud eanaí ospidéil nó foraoise oifige ionas nach eol dom soir seachas siar. Ráinig go rabhas i stór mór adhradh tomhaltóireachta san ardchathair tá seachtainí ó shin nuair a bhí an brothall fós dár ndalladh agus thógas ardaitheoir le teann leisce go dtí an t-urlár a shíleas a bhí uaim.

Nuair a hosclaíodh na doirse sheas mé amach agus mo ghnáthstraois ghealgháiriteach ar mo bhéal. Níorbh fhada a mhair, áfach, nuair a d’airíos an fhuaim. Ní scréach ná liú ná éamh péine a bhí ann, cé nárbh fhada uaim sin mé féin. Is amhlaidh gur chuala guth ón tsíleáil nó ó na fallaí nó pé áit as a dtagann a leithéid ag ceol (nó ag crónán) go raibh duine éigin ag taibhreamh nó ag aislingíocht nó ag brionglóidigh féin mar gheall ar Nollaig Bhán. Go gairid ina dhiaidh sin bhí Mamaí ag Pógadh Santa Claus Laistíos den Drualas aréir. Ansin d’ionsaigh Frostaí an Fear Sneachta a raibh fágtha dem chiall, agus bhí bean éigin ag rocáil timpeall an chrainn Nollag go beo.

Timpeall orm bhí réinfhianna (bréaga, óir tá boladh gránna ó na cinn atá beo is iad nach mór chomh holc le capaill maidir lena bhfágann siad ina ndiaidh), agus fir dhearga fhéasógacha, agus eidhneán plaisteach, agus bréagáin bhoga, agus stocaí le líonadh, agus cloigíní ag clingireacht, agus maróga ramhra le carbhat cuachóige ar a gcloigne…

READ MORE

Sular theicheas as an áit agus mé ag cuardach na ndoirse, nó na bhfuinneoga le díocas, dhein Nollaig Ghorm agus Rith Rudolf Rith m’aigne a pholladh. Lasmuigh den doras ar mo theitheadh dom, cé go raibh ceoltóir sráide ag marú na Fields of Athenry ar bhealach nach n-éiríonn le lucht leanúna sacair na hÉireann (mo leithscéal, na sé chontae fichead) sin a dhéanamh le fórsa, fós féin ba bhinn liom a ghuth. B’fhaoiseamh anama dom rud ar bith seachas Nollaig Shona (tá Deireadh le Cogadh) agus An Drumadóir Buachalla an tráth sin bliana agus craobhacha na hÉireann ar éigean bainte ag fomhóraigh arrachtúla ealaíonta Luimnigh agus ag lúthchleasaithe ardsciliúla Bhaile Átha Cliath agus sinn ag féachaint amach ar shamhradh seasc tirim feasta gan spraoi.

Ní hé gur rith sé liom, bhuail sé mé le fórsa ar nós doirn gan choinne i ndoircheacht na cúlsráide sa phus, go mbeadh orainn, agus oraibhse, na hamhráin seo a fhulaingt ar feadh ceithre mhí fhada fós agus amach san athbhliain go dtí go mbeidh eireaball déanach na Nollag ag críonadh agus an domhan ag ullmhú don chéad fhéile chaiteachais eile ag teacht.

Is ea, ní bheidh aon éalú agat ó An Nollaig Seo Caite Thugas Mo Chroí Duit agus An tAsailín Beag go ceann i bhfad fós, agus sa chás is go mbeidh ciall éigin gan a bheith snoigthe as do chloigeann tá chomh maith agat tosnú ar na hamhráin go léir a cheapfar is a chanfar do Bhríd, a bhfuil lá náisiúnta ina honóir daingnithe i dtosach na Feabhra, a fhoghlaim.

Ní fhéadfadh siad a bheith níos measa ná amhráin na Nollaig go síoraí buan. Feliz Navidad daoibhse chomh maith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar