Athscríobh eile

Ceist mhór dhoréitithe is ea cé acu ba leimhe próis, tréadlitir an easpaig nó imlitir an Phápa?

Bhí tráth ann nuair a bhíodh eagla saoil agus anama orainne, Pápairí, nuair a bhaineadh an sagart sceilp asainn ón altóir. Is cuimhin liom tuirlingt tar éis iarmharacht na maidne i séipéal tuaithe ina raibh fear na crannóige ag cáineadh agus ag damnú agus ag glaoch amach daoine nár íoc an paróiste, nár fhreastail ar an Aifreann go rialta, ar chailíní a raibh a ngúnaí róghairid, ar bhuachaillí na gruaige fada, ar an duine a thaithigh an teach tábhairne rómhinic, ar mhná a chuaigh go Sasana is a tháinig ar ais róchaol, ar fheirmeoirí a raibh caoirigh ar an gcnoc acu, ar chúlchaint ar chomharsana, ar chúlchaint faoin gcléir (go ró-áirithe) agus ar dhaoine a raibh dúil acu i bhfealsúnachtaí seachtracha anoir nár ghá do bhéal a shalú lena n-ainmniú.

Ní leomhfadh sagart dá mhéid nó dá laghad drannadh le dranntán dá leithéid anois nó choíche go deo, nó dá ndéanfadh bheadh fir na gcótaí bána ag feitheamh dó lasmuigh den séipéal.

Ba mheasa fós dá ndéanfadh an t-easpag caitheamh anuas ort, agus bhítí ag feitheamh le tréadlitir na deoise go fonnmhar nó go doicheallach, ach chaithfí éisteacht léi. Ceist mhór dhoréitithe is ea cé acu ba leimhe próis, tréadlitir an easpaig nó imlitir an Phápa? Is iad ar fad a léigh an iomad den diagacht Thomásúil mar mhalairt ar scéalta Íosa agus ar bhéaloideas na nGiúdach.

Is chuige atáim go raibh tionchar mór ag an eaglais Chaitliceach ar anáil an phobail ón uair gur ceadaíodh séipéil a thógáil arís in Éirinn san 19ú aois agus gur thosnaigh daoine ag dul don Aifreann go seachtainiúil ach foirgneamh a bheith ann dóibh, rud ab annamh go minic. Tá a fhios againn sin, agus tuairiscí go barra bachall ó dhaoine lena léiriú.

READ MORE

Is é a phrioc an mharana scaoilte seo ná taoibhín beag de shmut de chúinne de cholún faisnéise a chonaic mé i gceann de na náisiúin náisiúnta a phreab amach chugam as lár an bhladair faoin mbuiséad agus bruscar eile shibhialtacht an lae.

Is é a bhí ann ná go ndúirt an tArdeaspag Eamon Martin, Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh uileÉireann (nó an Oileáin, más fearr leat) ná gur bhotún de chuid an chliarlathais ba ea é tacaíocht neamhleithscéalach iomlán neamhbhalbh a thabhairt don Saorstát in aghaidh na bPoblachtánach le linn an Chogaidh Chathardha.

Anois duit! Athscríobh na staire nach raibh aon choinne againn leis 100 bliain i ndiaidh ar tharla.

Níor chuir sé fiacail bhréige ann agus é admhálach bíodh gur thug formhór na cléire a dtacaíocht do chogadh na saoirse go raibh na heaspaig nach mór ar aon fhocal amháin agus iad in aghaidh na ndaoine a bhí i gcoinne an chonartha réitigh. Chuir an cliarlathas tréadlitir amach ag cáineadh na gcaorach easumhal le fuinneamh, agus dúirt an tArdeaspag Martin gur bhain an rialtas drochúsáid aisti sa dóigh is gur shíl siad gur thug sé cosaint mhorálta dóibh sna gníomhartha uafáis agus barbartha a rinne siad a bhí ‘mí-Chríostúil, peacúil agus coiriúil’, agus ba mheasa ná sin, gur fhan na heaspaig ciúin agus balbh mar gheall orthu.

De sin, dob fhéidir ‘cleasaíocht agus seiftiúlacht pholaitiúil ar son cumhachta agus tionchair’ a chur ina leith.

Músclaíonn a ndúirt sé coirceog beach agus nead seangán agus próca péisteanna de cheisteanna i gcluiche malartach na staire. Cuir i gcás gur damnnaíodh an rialtas nua le binb bhreá mhorálta Dé ón altóir agus ó hallaí bána Mhá Nuad, an mbeadh dath agus blas an stáit chomh Caitliceach is a bhí? Dá mba go raibh teannas ón tús idir na húdaráis shaolta agus an chléir neamhshaolta conas mar a bheadh gréasán an tsaoil shóisialta?

Mar adeir an duine saonta, nílim ach ag fiafraí.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar