Imram 2024: Aistear draíochta ó phár go stáitse

Cuirfear tús leis an fhéile litríochta, IMRAM, i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo

Foclóir: Um an dtaca seo - about this time; údair - authors; aidhm - goal; ceartlár - the very centre; deiseanna - opportunities; cearc - hen; nuálach - opportunities; a bhlaiseadh - taste; stiúrthóir - director; tacaíocht - support; cumadóir - composer.

‘Ní litríocht phobail faoi láthair litríocht an Bhéarla ná litríocht na Gaeilge in Éirinn; ní féidir leis an dá litríocht maireachtáil san aon phobal; ag súil atáimse gurb í litríocht na Gaeilge a mhairfidh; sin í an fáth ar i nGaeilge a scríobhaimse.”

Máirtín Ó Cadhain a dúirt an méid sin agus é ag caint ag siompóisiam dar teideal ‘Litríocht in Éirinn inniu’, um an dtaca seo in 1967.

Ach más fíor nach litríocht phobail a bhí i litríocht na Gaeilge ná litríocht an Bhéarla faoi 1967, tá athrú suntasach tagtha ar an scéal ó shin.

READ MORE

Tá méadú mór tagtha ar líon na leabhar a fhoilsítear sa teanga agus cé nach ionann foilsiú leabhar agus soláthar dea-litríochta, tá dámh mhaith scríbhneoirí ag cur saothar den scoth ar fáil i nGaeilge go tráthrialta anois.

Bíodh sin mar atá, a fhad agus a mbíonn ceist faoina laghad leabhar Gaeilge atá ar fáil sna mórshiopaí leabhar, agus a laghad airde a thugtar orthu sna mórmheáin Gaeilge agus Béarla, beidh géarghá le pointí breise teagmhála a chruthú idir léitheoirí agus údair.

Imram

Cuirfear tús an tseachtain seo le hImram, féile bhliantúil litríocht na Gaeilge ag a bhfuil sé mar aidhm léi an litríocht a chur “i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn”.

Déanann Imram an pointe teagmhála sin a fhorbairt trí dheiseanna a thabhairt don phobal leagan beo beathaíoch den ábhar scríofa a bhlaiseadh. Meascán de cheol, den chaint agus den fhilíocht a bheas i gcroílár na n-imeachtaí arís i mbliana.

Labhair Tuarascáil le stiúrthóir agus bunaitheoir Imram Liam Carson faoi chúlra na féile seo a bheas ar an bhfód le 20 bliain i mbliana.

“Bhí muid ag iarraidh imeachtaí a chruthú ar bhealach thaitneamhach [agus muid] ag iarraidh an slua a mhealladh isteach,” a dúirt sé.

“An fhís a bhí againn i dtús ná go mbeadh scríbhneoir ar an ardán ag léamh, ach go mbeadh tionlacann ceoil ann freisin, físeáin, agus achan rud mar sin.”

“Má tá cearc agat, caithfidh tú bheith i lár an aonaigh agus cheap muidne go raibh cearc thar a bheith cumasach againn agus go raibh feoil ar na cnámha,” a dúirt sé. Cuairt ar shiopa leabhar Gaeilge i dTír Chonaill a chuir in aigne Carson an fhéile a thosú. Bhí taithí aige cheana féin ar an earnáil. Bhí tréimhsí caite aige ag obair ina phoiblitheoir liteartha le leithéidí Lilliput Press agus Blackstaff Press.

“Cé go raibh suim agam sa litríocht agus cé go raibh Gaeilge agam, ní mórán ábhair i nGaeilge a bhí léite agam go dtí sin,” a dúirt sé.

“Bhuail mé isteach sa siopa leabhar atá ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus cheannaigh mé Sruth Teangacha, cnuasach filíochta le Gearóid Mac Lochlainn, agus roinnt leabhar le Cathal Ó Searcaigh.

“Go luath ina dhiaidh sin luí mé isteach ar litríocht na Gaeilge a léamh.”

I measc na scríbhneoirí a léigh sé bhí Mícheál Ó Conaola, Daithí Ó Muirí, Alan Titley, agus Nuala Ní Dhomhnaill.

“Rith sé liom go raibh litríocht na Gaeilge thar a bheith nua-aoiseach agus mealltach, ach ansin thug mé faoi deara nach raibh mórán imeachtaí litríochta Gaeilge ar siúl anseo i mBaile Átha Cliath.” D’éirigh leis tacaíocht a fháil ó Éigse Éireann agus fuair sé €1,000 ó Tommy Smith, fear tí Grogans, an teach tábhairne i mBaile Átha Cliath. Tháinig cabhair freisin ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle na Cathrach. Sa deireadh, bhí €12,000 bailithe acu chun an chéad fhéile a reáchtáil.

Ó phár go stáitse

Socraíodh ar imeachtaí a reáchtáil i lár na cathrach – in árais nár nós leo imeachtaí Gaeilge a reáchtáil de ghnáth. “Sa chéad bhliain bhí imeachtaí againn in áiteacha ar nós Crawdaddy, the Cobblestone Bar, Sin é agus áiteacha mar sin.”

“Tháinig Gabriel Rosenstock ar bord agus bhí muid ag iarraidh ainm a bhaisteadh ar an bhféile agus láithreach bonn, mhol Gabriel “Imram” mar ainm.

“An chiall atá leis sin is dócha ná go bhfuil muid ag iarraidh ár lucht féachana a mhealladh linn ar aistear draíochta chuig croílár litríocht na Gaeilge - sin mar a bhunaigh muid Imram!”

Más ar dhream ar leith a dhírítear féilte liteartha de ghnáth, tá Imram dírithe ar chách, agus cuirtear roinnt imeachtaí in oiriúint dóibh siúd ar bheagán Gaeilge ar bhealaí nuálach.

“Tá muid ag díriú ar phobal na Gaeilge ach tá muid ag díriú ar an phobal i gcoitinne, ar gach duine, chomh maith. Tá ceangal an-láidir idir litríocht an Bhéarla agus litríocht na Gaeilge sa tír seo. Má théann tú siar go dtí na seachtóidí agus na hochtóidí, ní raibh an ceangal sin chomh láidir sin ach tá sé mar cheann de na haidhmeanna atá againne an nasc sin a neartú cibé bealach gur féidir linn.”

In 2009 socraíodh ar amhráin Bob Dylan a aistriú go Gaeilge. D’aistrigh Gabriel Rosenstock na hamhráin go Gaeilge. “An chéad uair a léirigh muid an tionscadal, bhí an lucht féachana ag casadh ‘Like a Rolling Stone’ (Mar a Bheadh Cloch ar Fán) i nGaeilge, faoi dheireadh na hoíche,” a dúirt Carson.

“Go minic tagann daoine chugam ag deireadh na hoíche agus deireann siad: God, I never knew I had as much Irish!”

“Tá Gaeilge ag daoine, d’fhoghlaim siad Gaeilge ar scoil. Tá sí in áit éigin san intinn acu agus ní gá ach í a tharraingt amach ar bhealach a bhfuil samhlaíocht ag baint leis.”

“Thug muid faoi Arthur Rimbaud, Edith Piaf agus Jacques Brel a aistriú go Gaeilge roinnt blianta ó shin. Tá daoine ann a bhfuil suim acu in Edith Piaf agus tagann siad chun a cuid amhráin a chloisteáil - is cuma leo cén teanga ina bhfuil siad!”

“Ar bhealach amháin tá siad ag foghlaim Gaeilge agus iad i láthair ag an imeacht,” a dúirt sé.

Ar nós go leor eile sa saol, tá ar Imram dul i ngleic le hardú costaisí ach cé go bhfaightear tacaíocht ó fhoinsí éagsúla, ní ar son an airgid a reáchtáiltear é. “Bíonn teacht isteach ar an doras ach níl brabús ar bith ann i ndáiríre. Gan maoiniú ón Chomhairle Ealaín, Foras na Gaeilge agus Comhairle na Cathrach ní bheadh a leithéid de rud agus Imram ann,”a dúirt Carson.

Tá an fhéile litríochta chugainn arís an tseachtain seo agus tá sraith imeachtaí fíorshuimiúla beartaithe.

Tá an t-imeacht dátheangach Rabhadh Gan Ghníomh (Alarmed and Inactive) ina measc - tugadh cuireadh don chláirseoir, cumadóir agus ealaíontóir fuaime Úna Monaghan léiriú ilmheánach a chur le chéile chun géarchéim na haeráide a scrúdú.

Tá léamh drámatúil beartaithe de Dracula an Chuirrínigh, leagan Gaeilge de Dracula, mhórshaothar Bram Stoker, a d’fhoilsigh An Gúm in 1933, agus beidh fuaimrian speisialta le cloisteáil mar chuid den léiriúchán sin. Cé go bhfuil sé i nGaeilge amháin, ní gá dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge bheith róbhuartha: “Tá scéal Dracula ar eolas ag daoine de ghlan meabhair, agus beidh sé éasca go leor é a thuiscint,” a dúirt Carson.

I measc imeachtaí eile tá seoladh úrscéal nua le hAnna Heussaff Sa Pholl Báite agus Siúracha Na Gealaí Caillte, léiriúchán ilmheánach leis an bhfile Dairena Ní Chinnéide agus í i mbun comhrá samhailteach leis an Diane Di Prima, file a bhí ina guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá.

* Reáchtálfar féile Imram ón 18–21 Deireadh Fómhair agus ón 10–18 Samhain. Breis eolais: imram.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.