Feasta básaithe ceal tacaíochta

Tháinig Feasta ar an bhfód in 1948 agus foilsíodh í go míosúil ó shin

Ní raibh breacsholas na maidine scaipthe go fóill nuair a tháinig an nuacht sa phost an Mháirt seo caite go bhfuil deireadh tagtha leis an iris Ghaeilge Feasta.

I litir a scríobh riarthóir na hirise, Donnchadh Ó hAodha, ar 16 Deireadh Fómhair, cuireadh in iúl d’shíntiúsóirí go bhfuil an t-eagrán deiridh den iris a bhunaigh Conradh na Gaeilge in 1948 foilsithe. “Is trua liom é, ach caithfead an méad seo leanas a scrí, mar in ainneoin gach ní eile, is gá féachaint go réadúil ar an saol mar atá, cé go mbeidh díomá ar go leor, mise ina measc,” a scríobh Ó hAodha.

“Ba mhó cor a bhí le sárú ag an iris le linn na tréimhse 1948 i leith agus ba dhóbair dí teip ar fad cúpla uair. Ach in ainneoin na n-iarrachtaí gur éirigh leo roimhe seo, is é eagrán Bhealtaine 2023 an t-eagrán deireanach de Feasta agus is trua san go mór – 75 bliain – b’fhéidir nach beag san.”

Deir an t-uasal Ó hAodha gur de bharr easpa maoinithe a cuireadh deireadh leis an iris.

READ MORE

Bhí “an síorlaghdú” ar thacaíocht ón stáit “ina phríomhchúis” lena dúnadh.

Ní raibh “tacaíocht ar bith” ar fáil nuair a tharraing Foras na Gaeilge siar ar mhaoiniú na hirise – rud a deir sé a chuir “tús le turas gurb é seo a cheann scríbe – deireadh leis an iris.”

Tháinig Feasta ar an bhfód in 1948 agus foilsíodh í go míosúil as oifigí Chonradh na Gaeilge agus níos déanaí faoi choimirce Dháil na Mumhan, dáil chúige de chuid an Chonartha.

“Is mór an chailliúint é Feasta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is iris í a bhí ceannródaíoch sna hailt a foilsíodh agus an t-ábhar inti a cuireadh os comhair an tsaoil,” a dúirt Julian de Spáinn, ard rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Tá éacht déanta ag na heagarthóirí ar fad agus gach duine eile a bhí bainteach leis an iris thar na blianta le saothar litríochta chomh luachmhar a chur ar fáil do phobal na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil “moladh faoi leith” agus buíochas le glacadh le Donnchadh Ó hAodha a bhí i mbun bainistiú na hirise ó 1963 go dtí seo.

Ní raibh aon dóchas aige go bhféadfaí Feasta a tharrtháil.

“Baineadh an bunús de thodhchaí na hirise i 2014 nuair a chuir Foras na Gaeilge deireadh leis an maoiniú díreach a fuair siad ón bhForas. Cé go bhfuil ardmholadh ag dul do na daoine a choinnigh an iris beo ó shin, ní raibh deis ag an iris fás agus forbairt gan bunmhaoiniú taobh thiar di,” a dúirt sé.

Dúirt Íte Ní Chionnaith, iar-eagarthóir ar an iris, agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge gur “cailliúint mhór” deireadh a bheith curtha le “ceann de phríomh-irisí míosúla na Gaeilge le 75 bliain anuas”.

“Thug Feasta deis léitheoireachta, deis scríbhneoireachta agus deis anailíse do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba fhoinse eolais agus taighde í do mhic léinn agus do scoláirí Gaeilge,” a dúirt sí.

“Chuir Feasta le saibhriú agus le forbairt na teanga. Chuir sí ardán ar fáil chun fealsúnacht Chonradh na Gaeilge, agus fealsúnacht na Gaeilge trí chéile, a chur chun cinn. Braithfimid uainn í.”

“Níor chóir go mbeadh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta taobh le haon iris mhíosúil Ghaeilge amháin. In ainneoin sárobair Comhar, tá gá le guth nó guthanna eile.”

“Tá gá le tacaíocht láidir stáit, i.e. tacaíocht fhiúntach airgid agus eile ó Fhoras na Gaeilge, chun iriseoireacht scríofa agus litríocht na Gaeilge in irisí a chur chun cinn.

“Beatha teanga í a labhairt. Buanú teanga í a scríobh.”

ÉANNA Ó CAOLLAÍ

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.